Isaiah 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XV. Eire agus aónranaċt Ṁóab. 1 Ualaċ Ṁoab. Do ċionn san noiḋċe gur fágḃaḋ Ar Ṁoab nafásaċ, agus gur cuireaḋ na toċd í; do ċionn san noiḋċe gur fásuiġeaḋ Cir Ṁoab, agus gur cuireaḋ na toċd í; 2 Do ċuáiḋ sé súas go Baiit, agus go Díbon, na háite árda, do ġul: núallfuiḋ Moab ós cionn Nébo, agus ós cionn Ṁedeba: biáiḋ maóile ar a cceannuiḃ uile, agus gaċ áon ḟéasóg geárrṫa ḋíoḃ. 3 Ann a sráidiḃ criosloċuid íad féin lé saicéadaċ: ar ṁullaḋuiḃ a ttiġṫeaḋ, agus iona sráidiḃ núallfuiḋ gaċ aonduine, ag gul go hiomarcaċ. 4 Agus éiġfiḋ Hesbon, agus Eleáleh: cluinfiġear a nguṫ air fad go Iahas: uimesin gáirfid saiġdiúiriḋ armṫa Ṁoab; nuáillfiḋ a anam ann. 5 Coṁaircfiḋ mo ċroiḋe go hárd ar son Ṁoab; teiṫfid a ḋíbearṫuiġ go Soar, seasgḃó ṫrí mblíaḋan daóis: óir le roċduin Luhit súas le gul raċaid síad súas air; óir a sliġe Horonáim tóigfid súas coṁairc na dioġḃála. 6 ¶ Oír béid uisgeaḋa Nimrim mar ḟásaċ: óir do ċríon an luiḃ, do ṁeaṫ an féur, ní ḃfuíl ní glas ar bíṫ. 7 Uime sin an saiḋḃrios fúaradar, agus an ní do ċuireadar a ttaisgiḋ, béuruid léo go sruṫ na suiléog. 8 Oír do ċúadar na coṁairc timċioll ḃrúaċ Ṁoab: a núallġuḃasan go Heglaim, agus a núallġuḃasan go Beerelim. 9 Oír atád uisgeaḋa Dímon lán dfuil: óir do ḃéara mé tuilleaṁ ar Ḋimon, leoṁain ar an té imeoċus as do Ṁoab, agus ar ḟuiġioll na tíre. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society