Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Atá trocaire Dé a bfogus da ṗobal.

1 Oir do ḋéana an TIĠEARNA trócaire ar Iácob, agus toiġfiḋ fós Israel, agus suiġeoċuiḋ íad iona ndúṫaiġ féin: agus ceangoltar an coiṁṫiḋeaċ ríu, agus druidfid síad re tiġ Iácob.

2 Agus glacfuiḋ an pobal íad, agus do ḃéaraid dá náit íad: agus sealḃoċuiġ tiġ Israel íad a ndúṫaiġ an TIĠEARNA mar ṡeirḃíseaċa agus mar ċuṁala: agus géuḃuid na mbraiġdiḃ íad, aiga raḃadar san na mbraiġdiḃ; agus ríaġloċuid ós cionn luċd a mbrúiġte.

3 ¶ Agus tiucfa a ccríċ annsa lá a ttinḃra an TIĠEARNA socaṁal duit ód ḋoilġios, agus ód eagla, agus ód ḋaóirsine ċrúaiḋ ann ar tugaḋ ort seirḃís do ḋéanaṁ,

4 Go ttóigfe tú súas an seanḟocal so a naġaiḋ ríġ ná Babilóine, agus go naibeora tú, Cionnus do scuir an millteaċ! do scuir an ċaṫair órḋa!

5 Do ḃris an TIĠEARNA bata na cciontaċ, agus slat na núaċdarán.

6 An té do ḃuáil an pobal a ḃfeirg le buille búan, an té do ríaġluiḋ na cineaḋaċa a ndíḃḟeirg, atá sé ḋá inġreim, agus ní ḃacann éunduine.

7 Atá an talaṁ uile suáiṁneaċ, socair: brisid síad amaċ a ccantaireaċd.

8 Gáirdiġ fós, an crann giuṁuis ionnadso, agus cédair Lebánon, ġa ráḋ, O núair fár luiġ tú síos, ní ṫáinic aoinġéarrṫóir ar naġaiḋ.

9 Do corruiġeaḋ ifrionn ṡíos ar do ṡonsa, do ṫeagṁáil riot a nuáir ṫiucfas tú: dúisgiḋ sé súas na mairḃ ḋuitsi, eaḋon uile ċeann feaḋna an doṁain; do ṫóg sé súas as a ccaṫaóiriḃ ríoġa uile ríġṫe na ccineaḋaċ.

10 Laiḃeoruid síad uile agus a déaraid riotsa, Nar lagaḋ ṫusa fós mar inne? a ndéarnaḋ tusa cosṁuil rinne?

11 Tugaḋ húaḃar síos gus a núaiġ, agus guṫ haḋḃaḋ: do leaṫnuiġeaḋ an ṗéist fúd, agus folċuid na péiste ṫú.

12 Ciondus do ṫuit tusa a núas ó ḟlaiṫeaṁnus, a Lucifer, a ṁic na maidne! ciondus do gearraḋ síos go nuige an talaṁ ṫusa, noċ do laguiḋ na cineaḋaċa!

13 Oír a dúḃairt tú ann do ċroiḋe, Eireoċuiḋ mé súas go flaiṫeaṁnus, áirdeoċaiḋ mé mo ċaṫaoir ós cionn réulta Dé: suiġfiḋ mé fós ar ṡlíaḃ an ċoṁċruinniġṫe, ar ṫaoḃuiḃ an tuáisgeirt:

14 Eíreoċaiḋ mé súas ós cionn áirde na néull; biáiḋ mé cosṁuil ris an tí is Airde.

15 Giḋeaḋ béarṫar síos go hifrionn ṫú, go táoḃuiḃ an ṗuill.

16 An ṁuinntir ċífeas ṫú féuċfuid go géarċúiseaċ ort, agus measfuid ṫú ġa ráḋ, An ne so an té ṫug ar an dtalaṁ crioṫnuġaḋ, do ċroiṫ rioġaċda;

17 Do rinne an sáoġal aṁuil fásaċ, agus do ṁill a ċaiṫreaċa; nár ḟosguil tíġ a ṗríosúnaċ?

18 Ríġṫe na ccríoċ uile, luiġid uile, a nglóir, gaċ áon díoḃ ann a ṫiġ féin.

19 Aċt do teilgeaḋ ṫusa amaċ as a núaiġ aṁuil beangán aḋḟúaṫṁar, agus aṁuil éadaċ na droinge marḃṫar, sáite ṫríoṫa leis an ccloiḋioṁ, agus téid síos go cloċaiḃ an ṗuill; mar ċonablaċ air a saltairṫear fáoi ċosuiḃ.

20 Ní ḃía tú ceangailte ríu a naḋlacaḋ, do ċionn gur scrios tú do ḋúṫaiġ, agus gur ṁarḃ tú do ḋaóine: ní ḃía slioċd na ndroiċġníoṁaċ clúiteaċ go bráṫ.

21 Ullṁaiġiḋ ár ḋá ċloinn ar son égceirt a naṫar; ċor naċ éireoċuid, agus naċ sealḃoċuid an dúṫuiġ, agus naċ líonfuid aġaiḋ na talṁan le caiṫreaċaiḃ.

22 Oír éireoċa misi súas na naġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus géarrfa mé ón Ḃabiloin an tainm, agus an fuiġioll, agus an mac, agus mac an ṁic, a deir an TIĠEARNA.

23 Do ḋéana mé mar an ccéadna sealḃ ḋi don ḃunnán, agus loċáin uisge: agus scúabfuiḋ mé í le scuáib an léirsgris, a deir TIĠEARNA na slóġ.

24 ¶ Do ṁionnuiġ TIĠEARNA na slóġ, ġa ráḋ, Go deiṁin mar do smuáin mé, is mar sin ṫiucfas a steaċ; agus mar do ṫionnscain mé, is aṁluiḋ ṡeasfas:

25 Go mbrisfe mé an Tassírianaċ ann mo ḋúiṫċe, agus ar mo ṡléiḃtiḃ go sailteoruiḋ mé air: annsin imeoċus a ċuing ḋíoḃsan, agus tóigfiġear a úalaċ ó na nguailliḃ:

26 Isé so an tionnscnaṁ do tionnscnaḋ ar an doṁan uile: agus isí so an láṁ atá sínte amaċ air na cineaḋaċiḃ uile.

27 Oír do ṫionnscain TIĠEARNA na slóġ, agus cía ṫoirmisgfios é? agus atá a láṁ sínte amaċ, agus cía ḟillfeas ar a hais í?

28 Annsa ḃlíaḋain iona ḃfuáir ríġ Ahas bás do ḃí an túalaċ so.

29 ¶ Ná gáirdiġsi, uile a Ṗalestína, do ċionn gur briseaḋ slat an té do ḃuáil ṫu: óir tincfa cocaitrís amaċ as fréiṁ na naiṫreaċ niṁe, agus biáiḋ a ṫoirrċios na naiṫreaċ ṫeinntiġe eitealluiġ.

30 Agus bíaṫfuiḋ céidġin an ḃoiċd, agus luiġfiḋ an ríaċdanaċ síos a ndaingean: agus muirfiḋ misi do ḟréaṁsa le gorta, agus muirfiḋ seision ṫfuiġioll.

31 Nuáill, a ġeata; éiġ, a ċaṫair; ṫusa, a Ṗalestína uile, atá tú sgaóilte: óir tiucfa deataċ ón tuáisgeart, agus ní ḃía áon na áonar ar uáiriḃ cinnte.

32 Cred ḟreagorus neaċ ann sin do ṫeaċdairiġ na críċe? Gur ḋaingniḋ an TIĠEARNA Síon, agus go ccuirfid boiċd a ṗobail a ndóiġ ann.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan