Isaiah 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIII. Ualaċ agus leirsgrios na Báibiloine. 1 Ualaċ na Babiloine, noċ do ċonnairc Isaiah ṁac Amos. 2 Tógḃuiḋ súas brataċ ar an tslíaḃ árd, árduiġiḋ an guṫ ċuca, croṫaiḋ an láṁ, ċor go raċaid go geataḋuiḃ na núasal. 3 Daiṫin mé dom ṁuinntir náoṁṫa, do ġoir mé mar an ccéadna mo ḋaóine árraċda ar son mfeirge, eaḋon an drong ġáirdiġeas ann mo ṁórḋaċd. 4 Fuáim móráin annsna sléiḃtiḃ, mar do ḃeidís pobal mór; tormán ceannairgṫeaċ rioġaċd agus ċineaḋaċ ar ccruinniuġaḋ a cceann a ċéile: TIĠEARNA na slóġ, áirṁios slúaġ an ċaṫa. 5 Tigid as tír imċéin, ó ṫéoruinn ḟlaiṫeaṁnuis, eaḋon an TIĠEARNA, agus airm a ḋíḃḟeirge, do ṁilleaḋ na tíre go hiomlán. 6 ¶ Núalluiġse; óir atá lá an TIĠEARNA do saṫair; tiucfa mar scrios ó Nuileċuṁaċdaċ. 7 Uimesin biáiḋ a nuile láṁ lag, agus leaġfuiḋ croiḋe gaċ áonduine: 8 Agus biáiḋ eagla orra: géuḃuiḋ píanta agus doilġis greim ḋíoḃ; béid a bpein mar ṁnaói ag breiṫ: biáiḋ úaṫḃás aca iona ċéile; béid a naiġṫe mar lasraċa. 9 Féuċ, atá lá an TIĠEARNA ag teaċd, fuilteaċ aráon le dioġaltas agus le feirg ḋíscir, de ḋéanaṁ na tíre uáigneaċ: agus léirsgriosfuiḋ sé na peacaċasan aiste amaċ. 10 Oír ní ṫiuḃraid réulta niṁe agus a ccoṁṡoillsi a solus úaṫa: dorċuiġṫear an ġrían iona ḋul amaċ, agus ní ṫiuḃra an ġealaċ ar a solus déalruġaḋ. 11 Agus smaiċdeoċa mé an sáoġal ar son a nuilc, agus na ciontuiġ ar son a négceirt; agus do ḃéara mé ar ḋíomus na nuáiḃreaċ scur, agus leagfa mé go hísiol áirdinntinn na núaṫḃásaċ. 12 Do ḋéana mé duine ní sa ṁórluáiġe ná ór bruinte; eaḋon duine ná sparra órḋa Oṗir. 13 Uime sin croiṫfiḋ mé na neaṁa, agus áṫroċuiġ an talaṁ as a áit, a ḃfeirg ṪIĠEARNA na slóġ, agus a ló a ḟeirge disgir. 14 Agus biáid mar an ḃfiaḋ ṫaifniġṫe, agus mar ċaóiriġ naċ ttógḃann áonduine súas: fillfid síad gaċ áonduine ḋíoḃ ċum a ḋaóine féin, agus teiṫfid gaċ áon aca dá ḋúṫaiġ féin. 15 Gaċ áon dá ḃfuiġṫear sáiṫfiġear ṫríd é; agus gaċ áon dá níaḋann ríu tuitfiḋ leis an ccloiḋeaṁ. 16 Brisfiġear fós a cclann na mbloḋuiḃ as coinne a súl; creaċfuiġear a ttiġṫe, agus éigneoċṫar a mná. 17 Féuċ, broistéoċa mé suas na Médiġ na naġaiḋ, ag naoh bía suim a nairgead; agus ar son óir, ní ḃía dúil aca ann. 18 Brisfid a mboġaḋa fós a ndaóine óga na mbloḋuiḃ; agus ní ḃía truaiġe aca do ṫoraḋ na mbronn; ní ċoigeoluid a súile leiniḃ. 19 ¶ Agus an Ḃabilóin, glóir na rioġaċd, scíaṁ oirḋearcuis na Gcaildeanaċ, biáiḋ sí do nós an tan do scrios Día Sodom agus Gomorrah. 20 Ní haítreoċṫar ċoiḋċe í, agus ní ċoiṁneoċṫar inte ó ġinealaċ go ginealaċ: ní mó ṡuiġfios an Tarábianaċ a ċampa ann sin; agus ní ḋéanaid na háoḋaire a máinreaċa ann. 21 Aċt beaṫuiġe állta an díoṫraiṁ luiḋfeas ann; agus béid a ttiġṫe lán do ċréatúiriġiḃ dóbrónaċa; agus áitreoċuíd na hulċaḃcáin ann, agus do ḋéanuid na Sáitír ringce ann. 22 Agus éiġfid beaṫuiġe állta na noiléan iona ttiġṫiḃ uáigneaċa, agus dragúin iona ḃpálásaiḃ aóiḃinn: agus atá a haimsir a ḃfogus do ṫeaċd, agus ní cuirfiġear a laéṫe air cáirde. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society