Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XII. Dán buiḋeaċuis na bfíréin ar son ṁórṫrócaire Dé.

1 Agus annsa ló sin déaras tusa, A ṪIĠEARNA, molfa mé ṫú: má tá go raiḃ tú feargaċ riom, do filleaḋ ṫfearg uáim, agus do ċoṁḟurtuiġ tú mé.

2 Féuċ, is Día mo ṡlánaiġṫeóir; bím doṫċusaċ ann, agus ní ḃía eagla orum: óir isé an TIĠEARNA IEHOḂAH mo neart agus mó ċaintic; sé fós mo ṡlánuġaḋ é.

3 Uimesin maille ré sólás tarrangṫaoi uisge as toibreaċaiḃ an tslánuiġṫe.

4 Agus annsa ló so a déarṫaoi, Móluiḋ an TIĠEARNA, goiriḋ ar a ainm, foillsiġiḋ a ġníoṁarṫa a measg an ṗobail, déanaiḋ cuiṁne gur hárduiġeaḋ a ainm.

5 Canaiḋ don TIĠEARNA; óir do rinne sé neiṫe oirḋearca: atá a ḟios so ar feaḋ an doṁuin.

6 Eíġ súas agus gáir, ṫusa a áitreaḃaċ Síon: óir is mór Aon Náoṁṫa Israel ad ṁeaḋón.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan