Isaiah 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XI. Ceart agus síṫċain ríġeaċta an ḃeangain ṫig as bun Iesse, agá mbí 7 tioḋluicṫe an Spiorad naóiṁ. 1 Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ: 2 Agus áiteoċuiḋ spiorad an TIĠEARNA air, spiorad na heagna agus na tuigse, spiorad na coṁairle agus na cuṁaċt, spiorad a neóluis agus eagla an TIĠEARNA; 3 Agus do ḋéana sé do ṫuicsin ḃrioġṁair é a neagla an TIĠEARNA: agus ní ḋéana breiṫeaṁnus do réir raḋairc a ṡúl, agus ní aiṫḃeoruiġ do réir éisteaċda a ċlúas: 4 Aċt lé firéantaċd ḃreiṫneoċuiḋ sé na boiċd, agus aiṫḃeoruiḋ sé le coṁṫrom ceannsuiġṫe na talṁan: agus buáilfiḋ sé an talaṁ le slait a ḃéil, agus lé hanáil a ṗuisineaḋ ṁuirfeas sé na cionntoiġ. 5 Agus buḋ í a nfíréantaċ crios a ṡlíasad: agus a nfírinne crios a ḋuḃán. 6 Coiṁneoċuiḋ an mactíre fós a ḃfoċair an luḃáin, agus luiġfiḋ an líopard síos ag an meannán; agus an gaṁuin agus an leoṁan óg agus an teallaċ méiṫ a ḃfoċair a ċéile; agus tréoroċuiḋ leanaḃ beag íad. 7 Agus inġeiltfid an mart agus an ḃeiṫir; luiḋfid a nóga síos a ḃfoċair a ċéile: agus íosuiḋ an leóṁan an tuiġe aṁuil daṁ. 8 Agus biáiḋ naóiḋe na ccíoċ ag súgraḋ ag poll na haspa, cuirfiḋ leanaḃ baineaḋ do ċíċ a láṁ ar úaṁuiġ an ċocatrís. 9 Ní ḋéanaid siad gortaḋ ná milleaḋ ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa uile: óir biáiḋ an talaṁ lán déolus an TIĠEARNA, mar ḟoluiġid na huisgeaḋa a nfairge. 10 ¶ Agus annsa ló sin biáiḋ fréuṁ Iesse, noċ ṡeasfas mar ḃratuiġ don ṗobal; is ċuige íarrfuid na geintiḋe; agus biáiḋ a suaiṁneas glórṁar. 11 Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge. 12 Agus cuirfiḋ sé brataċ súas do na cineaḋaċaiḃ, agus cruinneoċuiḋ spruḋar Israel, agus cruinneoċuiḋ sé a ḃfoċair a ċéile a mbiáiḋ spréidṫe do Iúdah ó ċeiṫre corruiḃ na talṁan. 13 Imeoċuiḋ mar an ccéadna mioscuis Eṗraim, agus géarrfuiġṫear amaċ naiṁde Iúdah: ní ḟúaṫoċuiḋ Eṗraim Iúdah, agus ní ḃuáiḋirfiḋ Iúdah Eṗraim. 14 Aċt eitilfid ar ġuáilliḃ na Ḃṗilistineaċ don táoḃ ṡíar; millfid síad muinntir a noirṫir lé ċéile: leagfuid síad a láṁ ar Edom agus ar Ṁoab; agus niṁleoċuid clann Ammon dóiḃ. 15 Agus scriosfuiḋ an TIĠEARNA ṫríd amaċ teanga na fairge Egiptiġ; agus croiṫfiḋ sé a láṁ ós cionn na haḃanna le neart a spioraide, agus buailfiḋ sé é annsna seaċd sroṫuiḃ, agus do ḃéara ar ḋaóiniḃ dul tirim ṫairis. 16 Agus biáiḋ sliġe ṁór dfuiġioll a ṁuinntire, noċ ḟúigfiġear, ó Nassíria; mar do ḃí do Israel annsa ló a ttáinic súas as críċ na Hégipte. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society