Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Isaiah 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil X. Cuirfiġear Assiria, slat smaċduiġe an TIĠEARNA , tré ṫeine fa ḋeire.

1 Aṁairg don luċt ḃreaṫnuiġios breiṫeaṁnus éaigceart, agus scrioḃas buáiḋreaḋ dórduiġeadar féin;

2 Diompóġ na neasḃuiḋeaċ ó ḃreiṫeaṁnus, agus do ḃreiṫre a ceirt ó ḃoċduiḃ mo ṁuinntire, ċor go mbéid na bamtreaḃaċa na ccreiċ aca, agus go sladfuid na dílleaċdaiġ!

3 Agus créd do ḋéantaoi a ló na cúarta, agus annsa léirsgrios ṫiucfas as imċían? cía gus a raċṫaói ar caḃair? agus cáit a ḃfúigfiḋe ḃur nglóir?

4 Am éagṁuissi cláonfuid síos faoi na príosúnaċaiḃ, agus tuitfid faoi na marḃuiḃ. Ar a ṡon so uile ní cláoċluiḋṫear a ḟearg, aċt ata a laṁ sínte amaċ a ccoṁnuiḋe.

5 ¶ O a Ṡírianuiġ, slat mfeirge si, agus an bata iona láiṁ a sí sin mo ḋíḃḟeargsa.

6 Cuirfiḋ mé é a naġaiḋ ċiniḋ ḟuarċráiḃṫiġ, agus a naġaiḋ ṗobail mo ḋioġaltais do ḃéara mé ḋó cúram, a néadáil do ġlacaḋ, agus an ċreaċ do ġlacaḋ, agus a saltairt síos aṁuil salċar na sráide.

7 Aċt ċeana ní hí sin a intinn: ní mo smuáineas a ċroiḋe mar sin; aċ atá iona ċroiḋe scrios agus gearraḋ amaċ cineaḋaċ naċ béagán.

8 Oír a deir sé, Naċ ḃfuilid mo ṗrionnsoiḋe ṫríd amaċ na ríġṫiḃ?

9 Naċ ḃfuil Calno mar Ċarċémis? naċ ḃfuil Hamat mar Arṗad? naċ ḃfuil Samária mar Ḋamascus?

10 Fa mar fuair mo láṁsa rioġaċda na nioḋal, agus ar ṡáruiġeadar a níoṁáiġe gráḃálta íad súd ann Ierusalem agus a Samária;

11 Mar do rinne misi re Sámaria agus re na hioḋalaiḃ, mar sin naċ déana mé, re Ierusalem agus re na hioḋaluiḃ?

12 Uimesin tiucfa a ccríċ, a nuáir ċrioċnoċus an Tiġearna a obair iomlán ar ṡliaḃ Sion agus ar Ierusalem, dioġoluiḋ mé toraḋ an ċroiḋe uáiḃriġ ar ríġ na Hassiria, agus glóir a raḋairc aird.

13 Oir a déara sé, Lé neart mo láṁ do rinne mé é, agus lé mo ġliocus; óir atáim glic: agus dáṫruiġ mé téora na ndaoine, agus do ṡlad mé a nionnṁus, agus dol ċuir mé síos na dúṫċusaiġ aṁuil duine cróḋa.

14 Agus fuáir mo láṁ aṁuil nead, saiḋḃrios an ṗobail: agus mar ċruinniġios neaċ uiġe do fágḃaḋ, do ċruinniġ mé an talaṁ uile; agus ní raiḃ neaċ do ċorruiḋ an sciaṫán, nó dfoscuil an béul, nó do ṗiobuiḋ.

15 A ndéana an túaġ spleaḋaċus aiste féin a naġaiḋ an té ġearras lé? nó an mórfuiḋ an tuiriosg é féin a naġaiḋ an té ċroiṫeas é? mar do ċroiṫfeaḋ an tslat í féin anaġaiḋ an té ṫógḃas súas í, no mar ṫóigfeaḋ an bata é féin súas, mar buḋ naċ ar ṁaide é.

16 Uimesin cuirfiḋ an Tiġearna, Tiġearna na slóġ, trúaḋus a measg a ḋaóine méiṫe; agus faói na ġlóir lasfuiḋ sé losgaḋ aṁail losgaḋ teineaḋ.

17 Agus biaiḋ solus Israel mar ṫeine, agus a Aóin Náoṁṫa mar lasair: agus loisgfiḋ agus caiṫfiḋ a ḋreasa agus a ḋosáin a náonló;

18 Agus críoċnoċuiġ glóir a ḟoraóise, agus a ṁaċaire ṫórṫuiġ, eidir anam agus ċorp: agus biáiḋ mar ḟear bratuiġe a nuáir a laguiḋear é.

19 Agus an ċuid oile do ċrannuiḃ a ḟoraóise buḋ tearc íad, go scrioḃṫaḋ leanaṁ íad.

20 ¶ Agus tiucfa a ccriċ annsa ló sin, an fuiġioll ḃías do Israel, agus an ṁéid raċus as do ṫiġ Iácob, naċ ḃfanfuid ní is mó airsion noċ do ḃuáil íad, aċd fanfuiḋ ar an TTIĠEARNA, Aon Naoṁṫa Israel, a ḃfírinne.

21 Fillfiḋ an fuiġioll, eaḋon fuiġioll Iácob, ċum an Dé ċumaċdaiġ.

22 Oír biṫ go ḃfuil do ṗobal Israel mar ġaineaṁ na fairge, giḋeaḋ fillfiḋ a ḃfuiġioll: an dioġḃáil ar na ḟúagra tuileoċuiġ ṫairis lé fíréantaċt.

23 Oir do ḋéana an Tiġearna DIA na slóġ crioċnuġaḋ, mar do tionnsgnaḋ a meaḋón na tire uile.

24 ¶ Uimesin is mar so a deir an Tiġearna DIA na slóġ, O mo ṗobal ċoṁnuiġeas ann Sion, ná bíoḋ eagla na Nassirianaċ ort: buáilfiḋ sé ṫú lé slait, agus tóigfe sé súas a ḃata ad aġaiḋ, do réir ṁoḋa na Hégipte.

25 Oír fós a ro ḃeagán aimsire, agus scuirfiḋ an díḃḟearg agus mfeargsa ann a scriosson.

26 Agus corroċuiġ TIĠEARNA na slóġ scíursa súas dó do réir áir Ṁídian ag an ccarraig Oreb: agus fa mar do ḃí a ṡlat ar an ḃfairge, mar sin ṫóigfios sé súas í do réir ṁoḋa na Hégipte.

27 Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go ttóigfear a úalaċ dot ġúaluinn, agus a ċuing dot ṁuineal, agus brisfiġear a ċuing ḃriġ a ungṫaiḋ.

28 ¶ Ṫáinic sé go Haiat, do ċuáiḋ sé go Mígron; a Miċmas do ċuir sé a ċaráiste a náirde:

29 Agus do ċúadar anonn ṫar an tóċar: do ṫógḃadar súas a lóistín ann Géba; ata Ramah eaglaċ; do ṫeiṫ Gibeah Ṡauil.

30 Tóg súas do ġuṫ, a inġean Ġallim: taḃair fa deara a ċluinsin go Lais. Anatot ḃoiċd.

31 Do háṫruiġeaḋ Madmenah; do ċruinniġeadar dúṫċusaiġ Ġébim íad féin do ṫeiṫeaṁ.

32 Fanfuiḋ sé go fóill a Nob annsa ló sin: croiṫfiḋ sé a láṁ a naġuiḋ sléiḃe inġine Síon, cnoc Ierusalem.

33 Féuċ, an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, géarrfuiḋ sé an beangán maille re crioṫnuġaḋ: agus na crainn árda a méid géarrfuiġear síos íad, agus uiṁleoċṫar an tuáiḃreaċ.

34 Agus géarrfaiḋ sé síos tiuġ na ḃforaóiseaċ le híarann, agus tuitfiḋ Lebanon le neaċ láidir.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan