Isaiah 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Seanmóir ag fúagra leasuġaḋ beaṫa; ann a ḃfuil suim an dliġe agus an tsoisgeil. 1 Fis Isaiah ṁic Amos, noċ do ċonnairc sé a ttaoḃ Iúdah agus Ierusalem a láeṫiḃ Ussiah, Iotam, Ahas, agus Heseciah, ríġṫe Iúdah. 2 Cluiniḋ, a ḟlaiṫeasa, agus taḃair áisdeaċd, a ṫaluiṁ: óir do laḃair an TIĠEARNA, Do oil mé agus ṫúg mé suas clann, agus do ċaṫuiġeadar am aġaiḋ. 3 Aiṫniġ an daṁ an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a ṁaiġisdir: aċt ní aiṫniġionn Israel, ní smuainionn mo ṗobalsa. 4 Ah a ċineaḋ ṗeacaċ, pobal trom lé héigceart, síol daóine míġníoṁaċ, clann atá na millteaċaiḃ: do ṫréigeadar an TIĠEARNA, do ḃrostuiġeadar an Táon Náoṁṫa Israel ċum feirge, do imṫiġeadar rompa ar a ccúl. 5 ¶ Cred as a mbuailfiḋe siḃ ní sa ṁó? fillfiḋe nisa ṁó agus ní sa ṁó: atá an ceann uile tinn, agus an croiḋe iomlán lag. 6 O ḃonn na troiġṫe go nuige an gceann ní ḃfuil sláinte ar biṫ ann; aċd cneaḋa, agus brúiġte, agus créaċda loḃṫa: níor druideaḋ, agus níor ceanglaḋ súas, ni mo do bogaḋ le huinemeint íad. 7 Atá ḃur ndúṫaiġ aonránaċ, atáid ḃur gcaiṫreaċa ar na losgaḋ le teine: millid coiṁṫiġṫiḋ ḃur ḃfearann, ionḃur laṫair, agus atá sé na ḟásaċ ar na ċláoiḋ lé coiṁiġṫeaċaiḃ. 8 Agus atá inġean Ṡión ar na fágḃáil aṁuil boṫan a ḃfineaṁuin, mar lóistín a ngáirdín ċúcumer, mar ċaṫruiġ fá mbíaṫ campa. 9 Aċt muna ḟágḃaḋ TIĠEARNA na slóġ ro ḃeag án fuiġill againn, do ḃeiṫmís mar Ṡodom, agus do ḃeiṫmís cosṁuil ré Gomorrah. 10 ¶ Eístiġ briaṫar an TIĠEARNA, a úaċtarána Ṡodoim; tugaiḋ clúas do ḋliġeaḋ ar Ndé, a ḋaoine Ġomorrah. 11 Cred é tarḃa ḃur niomad íoḋbarṫaċ ḋaṁsa? do ráiḋ an TIĠEARNA: atáim lan dofráluiḃ loisge reiṫeaḋ, agus do ṁéuṫus beaṫaċ bíata; agus ní ḋúiliġim a ḃfuil bulóg, nó úan, no ġaḃar ḃfirionn. 12 A nuáir ṫiocfuiḋe da ḃur ttaisbéanaḋ féin dom laṫairsi, cía diarr so as ḃur láṁuiḃ, do ṡaltairt mo ċúirte? 13 Ná tugaiḋ ni is mo dofráluiḃ díoṁaóine liḃ: is aḋḟúaṫṁaireaċt daṁsa túis; na gealaċa núaḋa agus na sábbóidiġ, do ġairm na noireaċtus, ní ḟéaduim a ḃfulang; is égceart é, eaḋon an coṁċruinniuġaḋ solamonta. 14 Dfúaṫuiġ manam ḃur ngealaċa núaḋa agus ḃur ḃféastaḋa cinnte: is bnáiḋreaḋ ḋaṁ íad; atáim cuirṫe dá niomċar. 15 Agus a nuáir leaṫnuiġṫe ḃur láṁa amaċ, foileoċuiḋ mé mo ṡúile uáiḃ: fós, a nuáir do ḋéantaói mórán urnaiġe, ní éistfiḋ misi: atáid ḃur láṁa lán dfuil. 16 ¶ Ionnluiḋ siḃ féin, glanuiḋ siḃ féin; cuiriḋ uáiḃ olc ḃur ngníoṁ as mo raḋarc; sguiriḋ do ḋéanaṁ uile; 17 Foġlamuiġ maiṫ do ḋéanaṁ; íarruiġ breiṫeaṁnus, coḃruiġiḋ na boiċt, breaṫnuiġiḋ an dilleaċda, tagraiḋ ar son na baintreaḃuiġ. 18 Tigiḋ anois, agus déanum réusún re ċéile: a deir an TIĠEARNA: mátá go ḃfuilid ḃur bpeacaiḋe aṁuil scáirléad, béiḋ síad coiṁġeal ré sneaċda; mátá go ḃfuilid dearg mar ċrimson, béiḋ síad aṁuil olann. 19 Má ḃíṫí uṁal agus úrramaċ, íostaói maiṫ na dúiṫċe: 20 Aċt má ḋiultaoi agus má ṫéiġṫí a rís a ccogaḋ, muirfiġear leis an ccloiḋioṁ siḃ: óir a duḃairt béul an TIĠEARNA é. 21 ¶ Ciondus do rinneaḋ meirdreaċ don ċaṫruiġ ċreidṁiġ! do ḃí sí lán do ḃreiṫeaṁnus; do ċoṁnuiġeaḋ an tionnracus innte; aċt a nois na dúnṁarḃṫuiġ. 22 Do rinneaḋ sal dot airgiod, atá ṫfion cumaisce le huisce: 23 Atáid do ṗrionnsaḋa cogṫaċ, agus na ccompanaċaiḃ ag gaduiġṫiḃ: is ionṁuin le gaċ uile ḋuine cuṁa, agus imṫiġid a ndiáiġ na luáiġeaċt: ní ḃreaṫnuiġid an dilleaċda, agus ní ṫig cúis na bamtreaḃuiġ ċuca. 24 Uimesin a deir an Tiġearna, TIĠEARNA na slóġ, Aon cuṁaċdaċ Israel, Ah, suáiṁneoċad mé féin óm easccáirdiḃ, agus diġeolad mé féin ar mo naiṁde: 25 Agus fillfiḋ mé mo láṁ ortsa, agus glanfa mé go gléaġlan do ṡalċar uáit, agus bearuiḋ mé do stán uile asad: 26 Agus aisigfe mé do ḃreiṫeaṁain mar an ccéad uáir, agus do ċoṁairleaċa aṁuil ar ttús: na ḋiáiġ sin goirfiġear ḋíot, Caṫair a nionnracuis, an ċaṫair ḟírinneaċ. 27 Fuáisgeoltar Síon le breiṫeaṁnus, agus an drong ḟilleas le fíreantaċd. 28 ¶ Agus biáiḋ díoṫ‐laiṫriuġaḋ na sáruiġṫeaċ agus na bpeacaċ a néinḟeaċd, agus an drong ṫréigios an TIĠEARNA scriosfuiġṫear íad. 29 Oír biáiḋ náire orra fa na dairiḃ díarraḃair, agus muiġeoċṫar siḃ fa na gáirdíniḃ do ṫoġaḃair. 30 Oír beiṫi mar ḋaruiġ ar ċríon a duille, agus mar ġáirdín ag naċ bí uisge. 31 Agus biáiḋ an neartṁar mar ḃarraċ, agus a obair mar ḋriṫlinn, agus dóiġfid aráon a ḃfoċair a ċéile, agus ní ṁúċfuiḋ einneaċ íad. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society