Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Cealg na Ngibeoniteaċ. 16 Do ḋearnaḋ daoirsiniġ ḋíoḃ.

1 Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;

2 Gur ċruinniġeadar íad féin uile a gcionn a ċéile, do ṫroid re Iosua agus ré Hisrael, déan toil aṁáin.

3 ¶ Aċd a nuáir do ċúaladar muintir Ġibeon mar do rinne Iosua ré Ieriċo agus ré Hái,

4 Do rinneadarsan go cealgaċ, agus do ċúadar agus do léigeadar orra gur teaċda íad, agus tugadar sean saic léo ar a nassaluiḃ, agus sean ḃuidéil ḟíona, briste, ceangailte súas;

5 Agus seanḃróga aṫċóriġe air a ccosuiḃ, agus séanéaduiġe orra; agus do ḃí aráin a lóinn uile tirim agus líaṫ.

6 Agus do ċúadar go Iosua don nfoslungṗort a Ngilgal, agus a duḃradar ris, agus re fearuiḃ Israel, Tangamar as tír imċéin: a nois uime sin déanuiḋsi síṫ rinn.

7 Agus a duḃradar fir Israel ris na Hiḃítiḃ, Do bféidir gurob éadruinn féin do níṫí coṁnuiġe; agus cionnus do ḋéanmaois ceangal riḃ?

8 Agus a duḃradarsan re Iosua, As seírḃísiġ ḋuit sinn. Agus a duḃairt Iosua ríusan, Cía siḃ? agus cáit as a ttangaḃair?

9 A duḃradarsan ris, O ṫír ró ḟada uáit ṫangadar do ṡeírḃísiġ ar son anma do ṪIĠEARNA Dé: óir do ċúalamar a ċlú, agus a ndéarna sé uile san Negipt,

10 Agus a nuile ní da ndéarna sé ré ḋá ríġ na Namoriteaċ, do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, ré Sihon ríġ Hesbon, agus ré Og ríġ Básan, noċ do ḃí ann Astárot.

11 Ar anaḋḃarsin do laḃradar sinnsir agus muintir ar ttíre uile rinn, ga ráḋ, Beiriḋ lónn liḃ ċum a nastair, agus éirgiḋe do ṫeagṁáil dóiḃ, agus abraiḋ ríu, Is seirḃísiġ ḋaóiḃ sinne: uimésin a nois déanuiḋsi ceangal rinn.

12 Ṫugamar an taránso mar lónn linn teiṫ ór ttiġṫiḃ an la ṫangamar amaċ do ṫeaċd go nuige siḃsi; aċd a nois, féaċuiḋ, atá an tarán tirim, agus atá sé líaṫ:

13 Agus na buidéil si do líonamar dfíon, do ḃádar núa; aċd, féaċuiḋ, atáid briste: agus íadso ar néaduiġe agus ar mbróga atáid foirfe do ḃríġ ar nastair roḟada.

14 Agus do ġlacadar na fir íad ar son a mbíḋ, agus níor iarradar coṁairle as béul an TIĠEARNA.

15 Agus do rinne Iosua síṫ ríu, agus do rinne ceangal ríu, léigion dóiḃ marṫuinn: agus tugadar prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ mionna ḋóiḃ.

16 ¶ Agus tárla a ccionn ṫrí lá tair éis osaiġ do ḋéanaḋ ríu, go ccuáladar gur ḃíad sin a ccoṁarsanna, agus gur aiṫreaḃadar eatorra.

17 Agus do ġluáisiodar clann Israel ar a naġuiḋ, agus tangadair dá gcaiṫreaċaiḃ an treas lá. A nois dob íad a ccaiṫreaċa Gibeon, agus Ceṗirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.

18 Agus níor ḃuáileadar clann Israel íad, do ċionn mar ṫugadar prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ a mionna ḋóiḃ fán TTIĠEARNA Día Israel. Agus do rinneadar an coṁċruinniuġaḋ munḃar a naġaiḋ na bprionnsaḋa.

19 Aċt a dúḃradar na prionsuiḋe uile ris an gcoṁċruinniuġaḋ, Ṫugamar ar mionna ḋóiḃ fan TTIĠEARNA Día Israel: a nois ar a naḋḃarsin ní ḟéadmaóid buáin ríu.

20 Do ḋéanam marso ríu; eaḋon léigfeam ḋóiḃ ḃeiṫ béo, deagla dioġaltais do ṫeaċd oruinn, do ḃríġ na mionn ṫugamar ḋóiḃ.

21 Agus a duḃradar na prionnsuiḋe ríu, Léigfiḋ ḋóiḃ marṫuinn; aċ bidís na mbuainteoruiḃ connuiġ agus na ttairrngeoruiḃ uisge don ċoṁċruinniuġaḋ uile; mar do ġealladar na prionnsuiḋe ḋóiḃ.

22 ¶ Agus do ġoir Iosua orra, agus do laḃair sé riu, ġa ráḋ, Cread far ṁeallaḃair sinn, gá ráḋ, Atámoid ro ḟada úaiḃ; a núair gurob eadruinn ċoṁnuiġṫí?

23 Annois ar a naḋḃarsin atáṫaoi malluiġ, agus ní ḃiáiḋ éanduine aguiḃ saor ó ḃeiṫ ḃur ndaóirsineaċuiḃ, agus ḃur luċd búana connuiġ agus tairngṫe uisge ċum tiġe mo Ḋé.

24 Agus do ḟreagradarsan Iosua, agus a duḃradar, Do ḃriġ gur dearḃaḋ dot ṡeirḃíseaċuiḃ, mar do aiṫin do ṪIĠEARNA Día ḋá óglaċ Maoise an dúiṫċe uile do ṫaḃairt daoiḃsé, agus duṫċusaiġ na tíre uile do scríos roṁuiḃ, uime sin do ḃámar lán deagla ar nanmann roṁuiḃsi, agus do rinneamar an nísi.

25 Agus a nois, féaċ, atámoid ad láiṁsi: mar as fearr do ċitear ḋuit do ḋéanaṁ rinn, déan é.

26 Agus do rinne sé mar sin riú, agus do ṡáor as láiṁ ċlainne Israel íad, nar ṁarḃadar íad.

27 Agus do rinne Iosua an lá sin geárrṫóiriḋ connuiġ ḋíoḃ agus tairngṫeóiriḋ uisge don ċoṁċruinniuġaḋ, agus daltóir an TIĠEARNA, gus an niuġ, annsa náit do ṫoiġfeaḋ sé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan