Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Do ġlacaḋ Ai tré ṡuiġiuġaḋ luiġeaċain orra. 32 Do scríoḃa na haiṫeanta ar ċloċaiḃ.

1 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Na bíoḋ eagla ort, agus ná húaṁnuiġear ṫú: beir leaċd na fir coguiḋ uile, agus éiriġ, imṫiġ súas go Hái: feaċ, ṫug misi ad láiṁ rí Aí, agus a ḋaóine, agus a ċaṫair, agus a ḋúiṫċe:

2 Agus do ḋéana tú ré Hái agus re na ríġ, mar do rinne tú ré Ieriċo agus re na ríġ: aṁáim a héadáil, agus a háirnéis, glacfuiḋe mar ċreiċ ċugaiḃ féin: cuir luiġeaċan duit ar an ccaṫruiġ táoḃ ṡíar ḋí.

3 ¶ Annsin déiriġ Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile, ċum dul súas a naġaiḋ Ai: agus do ṫoġ Iosua amaċ tríoċad míle dfearuiḃ láidre a ngaisgiḋ, agus do ċuir ar siuḃal íad san noiḋċe.

4 Agus do aiṫin sé ḋíoḃ, ġá ráḋ, Féaċ, beiṫi a luiġeaċán re haġuiḋ na caiṫreaċ, táoḃ ṡíar don ċaṫruiġ: ná bíṫí róḟada ón ccaṫrúiġ, aċ biṫi uile réiġ:

5 Agus raċa misi, agus a ḃfuil do ḋáoiniḃ lióm, ċum na caiṫreaċ: agus tiocfa a ccríċ, a nuair ṫiucfaid síadsan amaċ ar naġaiḋ, mar an ccéaduair, go tteiṫfimne rompa,

6 Oír tiucfaid siádsan ar ndíaiġ amaċ nó go ttairngiom ón ccaṫruiġ íad; óir a déaruid, Do ṫeiṫeadar roṁuin mar an gcéadúair:

7 Ar a naḋḃarsin teiṫfimne rompasan. Agus annsin éireoċṫaóisi as an luiġeaċán, agus sealḃuiġiḋ an ċaṫair: óir do ḃéara ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur láiṁ í.

8 Agus is aṁluiḋ ḃías, a nuáir ġéaḃṫaói an ċaṫair, go ccuirfiḋe an ċaṫair tré ṫeine: do réir aiṫne an TIĠEARNA do ḋéantáoi. Féaċuiḋ, do aiṫin misi ḋáoiḃ é.

9 ¶ Uimesin do ċuir Iosua amaċ íad: agus do ċuádar do luiġe a ḃforaire, agus do ḟosadair idir Ḃetel agus Ai, an táoḃ ṡíar do Ai: aċ do ḟan Iosua a noiḋċesin a measg an ṗobuil.

10 Agus do éiriġ Iósua go moċ ar maidin, agus do áiriṁ sé an pobal, agus do ċuáiḋ suás, é féin agus sinnsir Israel, roiṁe an bpobal go Hái.

11 Agus do ċúadar na dáoine uile, eaḋon a raiḃ do luċd coguíḋ na ḟocair súas, agus do ṫairngeadair a ccoṁḟogus, agus tangadar as coinne na caiṫreaċ, agus do ċampuiġeadar ar an ttáoiḃ ṫúaiġ do Ai: a nois do ḃí gleánn eatorra agus Ai.

12 Agus rug sé leis timċioll ċúig míle fear, agus do ċuir na luiḋe íad a ḃforaire idír Ḃetel agus Ai, ar an ttáoḃ ṡíar don ccaṫruiġ.

13 Agus a núair do ṡuiġeadar na dáoine, eaḋon an slúaġ do ḃí don táoiḃ ṫúaiġ don ċaṫruiġ, agus a luiġeaċan don táoḃ ṡíar, do ċúaiḋ Iosua a noiḋċesin go lár an ġleanna.

14 ¶ Agus tárla, a núair do ċonnairc ríġ Ai sin, go ndearnadar deiṫḃir, agus gur éirġeadar súas go moċ, agus do ċuádar fir na caiṫreaċ amaċ a naġaiḋ Israel, é féin agus a ṁuintir uile ċum caṫa, a nam cinnte, as coinne an réitiġ: aċd níor ṁoṫuiġ go raiḃ luiġeaċán na aġuiḋ air an táoiḃ ṡíar don ċaṫruiġ.

15 Agus do léig Iosua agus Israel orra féin mar do ḃeidís búailte rompa, agus do ṫeiṫeadar a sliġe an nfásaiġ.

16 Agus do goireaḋ a raiḃ do ḋáoiniḃ ann Ai a ccion a ċeile na ttóruiġeaċd: agus do leanadar Iosua, agus do tairrngeaḋ on ccaṫruiġ íad.

17 Agus níor ḟágḃaḋ duine ann Ai nó a Mbetel, naċ deaċuiḋ amaċ do leanṁuin Israel: agus do ḟágḃadar an ċaṫair oscuilte, agus do leanadar Israel.

18 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosuá, Sín amaċ an gaṫ atá ad láiṁ a naġaiḋ Ai; óir do ḃéara misi ad láiṁ í. Agus do ṡín Iosua an gaṫ do ḃí iona laíṁ deaṫ ris an ccaṫruiġ.

19 Agus do éiriġ an luiġeaċán go mear asa náitiḃ, agus do riṫeadar ar ball ar ṡín seision a láṁ: agus do ċúadar a steaċ don ċaṫruiġ, agus do ġaḃadar í, agus do ḋeifriġeadar agus do ċuireadar an ċaṫair tre ṫeiniḋ.

20 Agus a núair do ḟéaċadar muintir Ai na ndíaiġ, do ċonncadar, agus, féaċ, do ċuáiḋ deataċ na caiṫreaċ súas go neaṁ, agus ní raiḃ neart aca teiṫeaṁ don táoiḃsi ná don táoiḃ oile: agus na dáoine do ṫeiṫ fan ḃfásaċ do ḟilleadar ar a nais ar an ttóir.

21 Agus a nuáir do ċonnairc Iosua agus Israel uile gur ġaḃ an luiḋeaċán an ċaṫair, agus gur éiriġ deataċ na caiṫreaċ súas, annsin do ḟilleadar a rís, agus do ṁarḃadar muintir Ai.

22 Agus tangadar cáċ eile amaċ as an gcaṫruiġ ua naġaiḋ; ionnus go raḃadar a lár Israel, cuid don taóíḃsi, is cuid don taóiḃ úd: agus do ḃuáileadar íad, ionnus nar léigeadar neaċ ar biṫ as, nó imṫeaċd díoḃ.

23 Agus do ġaḃadar riġ Ai na ḃeaṫaiġ, agus tugadar ċum Iosua é.

24 Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar Israel dúṫċusaiġ Ai uile do ṁarḃaḋ ann sa ṁaċaire, san ḃfásaċ mar ar ṫiomáineadar íad, agus a nuáir do ṫuiteadar uile le fáoḃar an ċloiḋiṁ, nó gur sgriosaḋ uile íad, gur ḟilleadar na Hisraelitiġ uile go Hái, agus gur ḃuáileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.

25 Agus mar so do ḃí, an ṁéid do ṫuit an lá sin, idir ḟearuiḃ agus mnaiḃ, do ḃádar ḋa ṁíle ḋéug, eaḋon múintir Aí uile.

26 Oir níor ḟill Iosua a láṁ air a hais, noċ do ṡín sé leis an ngaṫ, nó gur ḋíoṫlairṫiġ sé áitreaḃuiġ Aí uile.

27 Aṁáin áirnéis agus éadáil na caiṫreaċa sin rug Israel léo mar ċreiċ ḋóiḃ féin, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA noċ do aiṫin sé do Iosua.

28 Agus do loisg Iosua Ai, agus do rinne cárn di go bráṫ, áit ḟásuiġ gus a niuġ.

29 Agus do ċroċ sé riġ Aí ré crann go tráṫnóna: agus ar ball a ndeaċuiḋ an ġrían faói, do ḟúagair Iosua a ċorp do leagaḋ a nuas don ċrann, agus a ṫeilgion a ndul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus da ṫógḃadár cárn mór ós a ċionn, noċ ṁairios gus a niuġ.

30 ¶ Ann sin do rinne Iosua altóir don TIĠEARNA Día Israel a sliaḃ Ebal,

31 Mar do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċloinn Israel, mar atá scríoḃṫa a leaḃar dliġe Ṁaóise, altóir do ċloċuiḃ iomlána, air nar ṫóg duine ar bíṫ íarann: agus do ofráladar orra sin ioḋbarṫa loisge don TIĠEARNA, agus do íoḋbradar ofrála síoṫċána.

32 Agus do scríoḃ sé ansin ar na cloċuiḃ cóib ḋliġe Ṁaóise, noċ do scríoḃ sé a ḃfiaġnuisi ċloinne Israel.

33 Agus do ṡeas Israel uile, agus na seanóiriġe, agus a noifigiġ, agus a mbreiṫeaṁuin, don taóiḃsi don airc agus ar an ttaóiḃ oile roiṁe na sagairt Leḃíteaċ, noċ do iomċair airc ċunnarṫa an TIĠEARNA, aráon an coiṁiḋṫeaċ, agus an té rugaḋ na measc; leaṫ ḋíoḃ ṫall as coinne ṡléiḃe Gerisim, agus an leaṫ oile ḋíoḃ ṫall as coinne ṡléiḃe Ebal; mar do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA roiṁe, go mbeinneoċaidís pobal Israel.

34 Agus na ḋiáiġ sin do léiġ sé bríaṫra an dliġe uile, na beannáċda agus na mallaċda, do réir a nuile neiṫe dá ḃfuil scrioḃṫa a leaḃar an dliġe.

35 Ní raiḃ focal dar aiṫin Maóise, nar léiġ Iosua a laṫair ċoṁċruinniġ ċloinne Israel uile, maille ris na mnáiḃ, agus leis na leanbuiḃ, agus leis na coiṁiġṫiḃ do ḃí gnáṫaċ na measg.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan