Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Do smaċduiġeaḋ an pobal arson Aċan, neaċ do ġlac don ní móidiġṫe. 24 Díoġail Aċan a ngleann Aċor.

1 Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.

2 ¶ Agus do ċuir Iosua daóine ó Ieriċo go Hai, noċ atá ré táoḃ Ḃet‐aḃen, táoḃ ṡoir do Ḃetel, agus do laḃair riú, ḋá ráḋ, Eirgiḋe súas agus braiṫiḋ an tír. Agus do ċúadar na daóine súas agus do ḃraṫadar Ai.

3 Agus do ḟilleadar go Iosua, agus a duḃradar ris, Ná héirgidís na daóine uile súas; aċ léig a ttimċioll ḋá ṁíle nó trí míle fear dul súas agus buáiledís Ai; agus ná cuir sáoṫar ar na daoiniḃ uile dul ann, óir ní ḃfuilid aċd beagán.

4 Marsin do ċuáiḋ don ṗobal súas ansin timċioll ṫrí míle fear: agus do ṫeiṫeadar roiṁe ṁuintir Ai.

5 Agus do ḃuáileadar muintir Ai ḋíoḃ timċioll ṫríoċad agus ṡeisear fear: óir do ruagadair íad on ġeata air fad go Sebarim, agus do ḃuáileadar íad ann na ndul le fanuiġ: air a naḋḃarsin do leaġad croiḋṫe an ṗobail, agus tangadar ċum a ḃeiṫ aṁuil uisge.

6 ¶ Agus do stíall Iosua a éadaċ, agus do ṫuit ċum talṁan ar a aġaiḋ as coinne airce an TIĠEARNA go tráṫnóna, é féin agus sinnsir Israel, agus do ċuireadar luáiṫreaḋ ar a gceannuiḃ.

7 Agus a duḃairt Iosua, Uċ, a ṪIĠEARNA Día, cred fá ttug tú an pobalsa ar éanċor a nall tar Iordan, dár seaċadaḋ a láiṁ na Namoríteaċ, dar scrios? do bfearr linn go mbeimis deóntaċ, fuireaċ ar an ttáoḃ ṫall do Iordan!

8 O a ṪIĠEARNA, cred a déara misi, a nuáir iompoiġios Israel a ndruim roiṁe a náṁuid!

9 Oír cluinfid na Cánanítiġ agus dúṫċusuiġ na tíre é, agus tiocfuid ar tímċioll fa gcuairt, agus gearrfuid ar nainm amaċ don talaṁ: agus cred ḋéanas tusa red ainm mór?

10 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Eiriġ súas; cred as a luiġionn tú mar so ar haġaiḋ?

11 Do ṗeacuiḋ Israel, agus do ṡáruiġeadar mo ċunnraḋsa noċ do aiṫin mé ḋíoḃ: óir do ġlacadar don ní móidiġṫe, do ġadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do ċuireadar a measg a ccoda féin é.

12 Uimesin níor ḟéadadar clann Israel seasaṁ as coinne a náṁad, aċd do iompoiġeadar a ccul roiṁe a naiṁde, do ċionn go raḃadar malluiġ: agus ni ḃía misi maille liḃ feasda, muna scriostáoi an malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.

13 Eíriġ, naóṁuiġ an pobal, agus abair, Náoṁuiġe siḃ féin a gcoinne an laói máruiġe: óir is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel, Atá ní móidiġṫe ann ḃur lár, ó Israel: ní ḟeadṫaoi seasaṁ as coinne ḃur náṁad, nó go gcurṫaói uáiḃ an ní malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.

14 Agus a naḋḃar sin béarṫar siḃ ar maidin do réir ḃur ttreaḃ: agus is aṁlaiḋ ḃías, an ttreaḃ air a mbéara an TIĠEARNA go ttiucfuid do réir a muintear; agus an ṁuintir air a mbéara an TIĠEARNA tiucfuid na ttiġṫiḃ; agus an tiġ air a mbéara an TIĠEARNA tiucfuid na nduine agus na nduine.

15 Agus is eaḋ ḃias de, an té ar a mbéarṫar leis an ní móidiġṫe loisgfiġear lé teiniḋ é féin, agus a mbía aige uile; do ḃríġ gur ṡáruiġ sé cunraḋ an TIĠEARNA, agus do ḃríġ gur oibriġ sé leiṁe a Niosrael.

16 ¶ Mar sin do éiriġ Iosua go moċ ar maidin, agus tug Israel leis iona ttreaḃuiḃ; agus do gaḃaḋ treaḃ Iudah:

17 Agus ṫug sé leis treaḃ Iudah; agus do ġlac sé muintir na Saríteaċ: agus ṫug sé leis muintir na Sarhíteaċ duine ar ḋuine; agus do gaḃaḋ Sabdi:

18 Agus tug sé leis luċd a ṫiġe duine ar ḋuine; agus do gaḃaḋ Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Sérah, do ṫreiḃ Iúdah.

19 ¶ Agus a duḃairt Iosua re Aċan, Guiḋim ṫú a ṁic, taḃair glóir don TIĠEARNA Día Israel, agus déana adṁáil ris; agus innis dambsa a nois cred do rinne tú; ná ceil orum é.

20 Agus do ḟreagair Aċan Iosua, agus a duḃairt, Go deiṁin do ṗeacaiḋ mé a naġuiḋ an TIĠEARNA Día Israel, agus marso agus marso do rinne mé:

21 A nuáir do ċonnairc mé a measc na néadálaċ culaiḋ ḃréaġḋa Ḃabilónta, agus da ċéad secel airgid, agus barra óir, do ċoṁṫrom ċáogad secel, ann sin do ṡantuiġ mé íad, agus rug mé liom íad; agus, féaċ, atáid a ḃfolaċ ansa taluṁ a lár mo loistín, agus an tairgiod faoi.

22 Ann sin do ċuir Iosua teaċda úaḋ, agus do riṫeadar gus an lóistín; agus, féaċ, do ḃí sin a ḃfolaċ iona lóistín, agus an tairgiod faoi.

23 Agus do ṫógḃadar amaċ íad as lár an lóistín, agus tugadar go Iosua íad, agus go cloinn Israel uile, agus do leagadar amaċ íad as coinne an TIĠEARNA.

24 ¶ Agus dó ġlac Iosua, agus Israel uile maille ris, Aċan ṁac Sérah, agus an tairgiod, agus an téadaċ, agus an barra óir, agus a ṁic, agus a inġiona, agus a ḋaiṁ, agus a assail, agus a ċáoiriġ, agus a lóistín, agus a raiḃ aige uile: agus tugadar go gleann Aċor iad.

25 Agus a duḃairt Iosua, Cred as ar ḃuáiḋir tusa sinne? buáiḋeoruiḋ an TIĠEARNA ṫusa a niuġ. Agus do ċloċadar Israel uile lé cloċuiḃ é, agus loisgeadar íad lé teine, tar éis a ccloċaḋ lé cloċuiḃ.

26 Agus do ṫogḃadar leaċda mór cloċ ós a ċionn gus a niuġ. Mar sin do ḟill an TIĠEARNA ó ḟíoċ a ḟeirge. Uime sin, do goireaḋ, Gleann Aċor dainm don náitsin gus a niuġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan