Iosua 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Do ṫeagaisc Día (ceann na harmoilte) Iosua ar Ieriċo do ġlacaḋ. 20 Ṫuit a ballaḋa gu mirḃuileaċ. 1 Annois do híaġaḋ Ieriċo súas go daingion air eagla ċloinne Israel: ní raċaḋ éanduine amaċ, agus ní ṫiaġ éanduine a steaċ. 2 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Féuċ, ṫug mé Ieriċo ad láiṁ, agus a riġ, agus a ḋáoine curata a ngaisgiḋ. 3 Agus timċeoltaoi an ċaṫair, siḃsi a luċd cogaiḋ uile, agus éirgiḋ timċioll na caiṫreaċ éanuair aṁáin. Do ḋéana tú mar so sé lá. 4 Agus iomċoruid móirṡeasar sagart seaċt ttrumpuiḋe daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe a náirc: agus ar an seaċdṁaḋ lá timċeoltaoi an ċaṫair seáċd núaire, agus seídfid na sagairt na trumpuiḋe. 5 Agus tiucfuiḋ a ccríċ, a núair do ḋéanuid fúaim ḟada le haḋairc an reiṫe, agus a núair ċluinfid fuáim an stuic, gáirfid an pobal uile lé gáir ṁóir; agus tuitfid balluiḋe na caiṫreaċ síos go lár, agus raċuiḋ an pobal suas, gaċ éanduine ar aġuiḋ go díreaċ. 6 ¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA. 7 Agus a dúḃairt sé ris an bpobal, Gluáisiġ róṁuiḃ, agus timċiollṫaoi an ċaṫair, agus imṫiġeaḋ an té atá armṫa roiṁe aírc an TIĠEARNA. 8 ¶ Agus tárla, a núair do laḃair Iosua ris an bpobal, gur ġluaisiodar an móirṡeisear sagart ag íomċar na stoc daḋarċuiḃ reiṫeaḋ roiṁe an TTIĠEARNA, agus do ṡéideadar ris na trumpuiḋiḃ: agus do lean airc ċunnarṫa an TIĠEARNA íad. 9 Agus do ċúadar na daoíne armṫa roiṁe na sagartuiḃ, noċ do ṡéid na stuic, agus táinig a ndeireaḋ a ndiáiġ na háirce, na sagairt ag dul ar a naġuiḋ, agus ag séideaḋ na stoc. 10 Agus do aiṫin Iosua don ṗobal, dá ráḋ, Na déanuiḋ gáir, ná torann ar biṫ lé ḃur nguṫ, agus ná tigeaḋ éanḟocal as ḃur mbéul, nó go ttí an lá a naibéoramisi riḃgáireaḋ; an sin gáirfiḋe. 11 Marsin do ṫimċill airc an TIĠEARNA an ċaṫair, ag dul na timċioll éanuair aṁáin: agus tangadar don ċampa, agus do ḟosadar annsá ccampa. 12 Agus do éiriġ Iosua go moċ ar maidin, agus do ṫógḃadar na sagairt airc an TIĠEARNA súas. 13 Agus do imṫiġeadar móirṡeisear sagart ag iomċar ṡeaċd stoc daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe aírc an TIĠEARNA ar a naġuiḋ a ccoṁnuiḋe, agus do ṡeídeadar na stuic: agus na dáoine armṫa ag imṫeaċd rompa; aċ tangadar a ndeireaḋ a ndiáiġ aírce an TIĠEARNA, na sagairt ag gaḃáil rompa, agus ag séideaḋ na stoc. 14 Agus an dara lá do ṫimċiolladar an ċaṫair éanúair aṁáin, agus do ḟilleádair ċum an ċampa: do rinneadar mar sin sé lá. 15 Agus tárla ar an seaċdṁaḋ lá, gur éirġeadar go moċ timċioll scarṫa an láoi, agus gur ṫimċilleadar an ċaṫair ar an moḋ céadna seaċd núaire: aċd aṁain ar an lá sin do ṫimċilleadar an ċaṫair seaċd núaire. 16 Agus tárla ar an seaċdṁaḋ húair, an tan do ṡéideadar na sagairt na stuic, go nduḃairt Iosua ris an bpobal, Gáiriḋ; óir ṫug an TIĠEARNA an ċaṫair ḋíḃ. 17 ¶ Agus biáiḋ an ċaṫair móidiġṫe, í féin, agus a ḃfuil inte, don TIĠEARNA: aṁáin mairfiḋ Rahab an ṁeirdreaċ, í féin agus a ḃfuil na foċair sa tiġ, do ḃríġ gur ḟoluiġ sí na teaċda do ċuireamar uáinn. 18 Agus ar gaċ uile ċorr coiṁéadniġsi siḃ féin ar éainni móidiġṫe, deagla go ndeanaḋ siḃ siḃ féin malluiġ, a nuáir ġlacfuiḋe an ní malluiġ, agus go ndéanaḋ siḃ malluġaḋ do ċampa Israel, agus go mbúaiḋeorṫaoi é. 19 Aċd a nuile airgiod, agus ór, agus soiġṫiġe práis agus íaruinn, atáid coisrigṫe don ṪIĠEARNA: tiucfuid a nionnṁus an TIĠEARNA. 20 ¶ Marsin do ġáireadar an pobal a núair do ṡéideadar na sagairt na stuic: agus tárla, a núair do ċúaladar an pobal faaim an stuic, agus do ġáireadar an pobal lé ġáir ṁóir, gur ṫuit an balla sios ar lár, ionnus go ndeaċuiḋ an pobal súas don ċaṫruiġ, gaċ éanduine ar aġaiḋ, agus do ġaḃadar an ċaṫair. 21 Agus do scriosadar go huiliḋe an ṁéid do ḃí sa gcaṫruiġ, idir ḟior agus ṁnáoi, óg agus ṡean, ḋaṁ, agus ċaoiriġ, agus assal, lé fáoḃar an ċloiḋiṁ. 22 ¶ Aċd a dúḃairt Iosua ris an ndís fear do ċuáiḋ do ḃraṫ na tíre, Eirgiḋe go tiġ na méirdriġ, agus tugaiḋ amaċ as sin an ḃean, agus a nuile ní dá ḃfuil aice, mar do ṁionnuiġeaḃair ḋi. 23 Agus do ċúadar na hóganuiġ do ḃí na luċd braṫá a steaċ, agus tugadar Rahab amaċ, agus a haṫair, agus a maṫair, agus a dearḃraiṫre, agus a raiḃ aice uile; agus tugadar a gáol uile amaċ, agus dfágḃadar taoḃ amuiċ do ċampa Israel íad. 24 Agus do loisgeadar an ċaṫair le teiniḋ, agus a nuile ní dá raiḃ inte: aṁáin do ċuireadar an tairgiod, agus an tór, agus na sóiṫiġe práis agus íaruinn, a nionṁus ṫiġe an TIĠEARNA. 25 Agus dó ċuṁdaiġ Iosua Rahab án ṁéirdreaċ béo, agus muinntir tiġe a haṫar, agus a raiḃ aice uile; agus áitreaḃuiġ sí an Israel gus a niuġ; do ċionn gur ḟoluiġ sí na teaċda, do ċuir Iosua do ḃraṫ Ieriċo. 26 ¶ Agus do ċuir Iosua do ṁóiġdiḃ orra san namsin, gá ráḋ, Go maḋ malluiġ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, an duine éireoċas agus ċuirfios an ċaṫairse Ieriċo súas: ann a ċéidġin leacfus sé a bunáit, agus iona ṁac is óige ċuirfeas sé a geataḋ súas. 27 Mar sin do ḃí an TIĠEARNA re Iosua; agus do ċúaiḋ a ċlú ar feaḋ na críċe uile. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society