Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Do aṫnuaġuiḋeaḋ an timċillġearraḋ. 10 Do ċoiṁeadadar an ċáisg ag Gilgal. 12 Do scuir an manna.

1 Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.

2 Ansa namsin a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Déana sceana géara ḋuit féin, agus timċillġeárr clann Israel a rís an dara huáir.

3 Agus do rinne Iosua sceana géara do féin, agus do ṫimċillġeárr sé clann Israel ar ċnoc an réṁċroicinn.

4 Agus sé so an taḋḃar as ar ṫimċillġeár Iosua: Fúaradar an pobal uile ṫáinic as an Négipt, noċ do ḃí fearḋa, eaḋon na fir ċogaiḋ uile, bás san ḃfásaċ ar a tsliġe, mar ṫangadar amaċ as an Négipt.

5 Annois an ṁéid dáoine ṫáinic amaċ do ṫimċillġearraḋ íad: aċd an ṁéid dáoine rugaḋ san ḃfásaċ ar a tsliġe mar ṫangadar amaċ as an Négipt, níor ṫimċillġearradar íad sin.

6 Oír do ṡiuḃluiġeadar clann Israel san ḃfásaċ ceaṫraċad blíaḋan, nó gur éugadar uile an luċd cogaiḋ, ṫáinic amaċ as an Négipt, do ċionn nár úṁluiġeadar do ġuṫ an TIĠEARNA: da ttug an TIĠEARNA mionna naċ ttaisbéanfaḋ sé ḋoiḃ an fearann, noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dá naiṫriḃ go ttiuḃraḋ sé ḋuinn, dúiṫċe noċ ṫuiltiġios lé bainne agus lé mil.

7 Agus a cclann, noċ do ṫóg sé súas na náit, do ṫimċillġéarr Iosua íad: óir do ḃádar gan timċillġearraḋ, do ċionn nar ṫimċillġearradair íad ar a tsliġe.

8 Agus tárla, a núair do ċríoċnuiġeadar an timċillġearraḋ ar an bpobal uile, gur ḟanadar ar a náitiḃ ansa ccampa, nó go raḃadar slán.

9 Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Iosua, Ansa lóso do ṫiomáin mé míoċlú na Hégipte úaiḃ. Uime sin goirṫear ainm na háitesin Gilgal gus a niuġ.

10 ¶ Agus do ċampuiġeadar clann Israel a Ngilgal, agus do coíṁéadadar án ċáisg ar an cceaṫraṁaḋ lá déag don ṁí um nóin a reiteaċ Ieriċo.

11 Agus a dúadar do ṡeanarḃar na tíre ar na ṁáraċ déis na cásg, arán gan loiḃín, agus arḃar cruaiḋte ansa ló ċéadnasin.

12 ¶ Agus do sguir an manna ar na ṁáraċ ar iṫeadar seanarḃar na tíre; agus ní raiḃ manna ní is mó ag cloinn Israel; aċ diṫeadar do ṫoraḋ ṫíre Cánaain an ḃlíaḋuin sin.

13 ¶ Agus tárla, a núair do ḃí Iosua ag Ieriċo, gur ṫog a ṡúile súas, agus gur aṁairc, agus, feaċ, do ṡeas duine ṫall as a ċoinne gon a ċloiḋeaṁ noċduiġ iona láiṁ: agus do ċuaiḋ Iosua mar a raiḃ sé, agus a duḃairt ris, Ann air ar soinne atá tusa, nó ar son ar náṁad?

14 Agus a duḃairt seision, Ní heaḋ; aċd már ċaiptín do ṡlúaġ an TIĠEARNA ṫáinic mé a nois. Agus do ṫuit Iosua ar a aġaiḋ gus an talaṁ, agus do rinne aḋra, agus a duḃairt sé ris, Cred a deir mo ṪIĠEARNA re na óglaċ?

15 Agus a duḃairt caiptin ṡlóiġ an TIĠEARNA re Iosua, Scáoil do ḃróg dot ċois; óir is naoṁṫa a náit iona ḃfuil tú ad ṡeasaṁ. Agus do rinne Iosua mar sin.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan