Iosua 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Do ṫogḃadar cloċa‐cuiṁne ar ṁaiṫeas De, as lár Iordan. 1 Agus tárla, a nuáir do ċuáiḋ an pobal uile go hiomlán tar Iordan, gur laḃair an TIĠEARNA re Iosua, ḋa raḋ, 2 Glacsa ḋá ḟear ḋéag as an bpobal, fear as gaċ éaintreiḃ, 3 Agus aiṫin díoḃ, ġá ráḋ, Beiriḋsi liḃ as so as lar Iordan, as a náit ar ṡeasadar go daingean, cosa na sagart dá ċloiċ ḋéag, agus béarṫaói liḃ a nonn íad, agus fáguiḋ íad san náit fosaḋ, a mbéid na loistiníḋe a noċd. 4 Ann sin do ġoir Iosua an dá ḟearḋéag, noċ do órduiġ sé do ċloinn Israel, fear as gaċ éantreiḃ: 5 Agus a duḃairt Iosua ríu, Eirgiḋe ṫairis roiṁe aírc ḃur TTIĠEARNA Dé go meaḋon Iordan, agus tóġhuiḋ súas gaċ éanduine aguiḃ cloċ ar a ġúaluinn, do reir uiḃre ṫreaḃ ċloinne Israel: 6 Ionnus go mbiáiḋ so na ċoṁarṫa aguiḃ, ionnus a nuair ḟiafroċuid ḃur cclann dá naiṫriḃ annsa naimsir ṫiocfas, ġa ráḋ, Cread is ciall daóiḃ an sna cloċuiḃsi? 7 Ann sin freagorṫaói ḋóiḃ, Gurob iad uisgiḋe Iordan do gearraḋ amaċ roiṁe aírc ċunarṫa an TIĠEARNA; a nuáir do ċúaiḋ tar Iordan, gur gearraḋ uisgiḋe Iordan: agus béiḋ na cloċasa mar ċuiṁne do ċloinn Israel go bráṫ. 8 Agus do rinneadar clann Israel mar do aiṫin Iosua ḋíoḃ, agus do ṫogḃadar súas ḋá ċloiċ ḋéag as lár Iordan, mar a dúḃairt an TIĠEARNA re Iosua, do réir uiḃre ṫreaḃa ċloinne Israel, agus rugadar léo a nonn íad gus a náit ar ḟosadar, agus do léigeadar ar lár ann sin íad. 9 ¶ Agus do ċuir Iosua ḋá ċloiċ ḋéag na seasaṁ a lár Iordan, san náit ar ṡeasadar cosa na sagart do iomċuir airc an ċunarṫa: agus atáid ansin gus a niuġ. 10 ¶ Oir do ṡeasadar na sagairt do iomċuir a náirc a lár Iordan, nó gur críoċnuiġeaḋ gaċ éinní dar aiṫin an TIĠEARNA do Iosua do laḃairt ris an bpobal, agus do réir a nuile neiṫe dar aiṫin Maóise do Iosua: agus do rinneadar an pobal deiṫfir agus do ċúadar ṫairis. 11 Agus tárla, a núair do ċúadar cáċ uíle go hiomlán a nonn, go ndeaċuiḋ airc an TIĠEARNA ṫairis, agus na sagairt, a ḃfiaġnuisi an ṗobuil. 12 Agus do ċúadar clann Reuben, agus clann Ġad, agus leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh, armṫa ṫairis roiṁe ċloinn Israel, mar do laḃair Máoise riú: 13 Timċioll ċeaṫraċad míle, ullaṁ ċum cogaiḋ do ċuaíḋ ṫairis roiṁe an TTIĠEARNA, ċum caṫa go réitéaċ Ieriċo. 14 ¶ Ansa ló sin do méaduiġ an TIĠEARNA Iosua a raḋarc Israel uile; agus do ḃí eagla aca roiṁe, mar do ḃí roiṁe Ṁaóise, ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa. 15 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Iosua, ḋá ráḋ, 16 Aiṫín do na sagartuiḃ iomċras aírc na fiaḋnuisi, go ttigdis súas as Iordan. 17 Do aiṫin Iosua uimesin do na sagartuiḃ, ġá ráḋ, Tigiḋ a níos as Iordan. 18 Agus tárla, a núair ṫangadar na sagairt súas noċ diomċuir aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as lár Iordan, agus ar éirġeadar buinn cos na sagart súas ar talaṁ ṫirim, gur ḟilleadar uisgiḋe Iordan ann a náit féin, agus gur ṫuiliġeadar tar a brúaċuiḃ uile, mar do rinneadar roiṁe. 19 ¶ Agus tangadar an pobal súas as Iordan an deaċṁaḋ lá don ċédṁí, agus do rinneadar foslungṗort ann Gilgal, ansa nimeal ṡoir do Ieriċo. 20 ¶ Agus do ċuir Iosua na seasaṁ a Ngilgal an dá ċloiċ ḋéugso, rugadar léo as Iordan. 21 Agus dó laḃair sé ré cloinn Israel, ġá ráḋ, A núair ḟiafroċuid ḃur gclann dá naiṫriḃ san naimsir atá teaċd, ġá ráḋ, Cread is cíall do na cloċuiḃsi? 22 Annsin do ḃéarṫaoi a ḟios ḋá ḃur ccloinn, ġá ráḋ, Ṫáinic Israel a nall tar an Iordanso ar ṫalaṁ tirim. 23 Oír do ṫiormuiġ ḃur TTIĠEARNA Día uisgiḋe Iordan roṁuiḃsi, nó go ndeaċaḃair ṫairis, aṁuil do rinne ḃur TTIĠEARNA Día ris an muir Rúaiḋ noċ do ṫiormuiḋ sé roṁuinn, no go ndeaċamar ṫairis: 24 Iondus go mbía a ḟios ag dáoiniḃ an doṁúin uile, air láṁ an TIĠEARNA, go bfuil láidir: ċor go mbíaḋ eagla ḃur TTIĠEARNA Dé go bráṫ oruiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society