Iosua 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Uisgiġe Iordan ar ngearraḋ ó ċeile go mirḃuilteaċ, do ċuadar clanna Israel a nonn ar talaṁ tirim. 1 Agus do eíriġ Iosua go moċ ar maidin; agus do áṫruiġeadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do ḟosadar annsin suil do ċúadar ṫairis. 2 ¶ Agus tárla a gcionn ṫrí lá, go ndeaċadar na hoifigiḋ ar feaḋ an tslúaiġ; 3 Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ. 4 Giḋeaḋ biáiḋ spás eadruiḃ féin agus í, timċioll ḋá ṁíle cuḃad do ṫoṁas: ná tigiḋ laíṁ riá, ċor go mbiaḋ fios na sliġeaḋ aguiḃ íona ccaiṫfiḋe gaḃáil: óir níor ġaḃaḃair an tsliġesi roiṁe so. 5 ¶ Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal, Náoṁuiġ siḃ féin: óir do ḋéana an TIĠEARNA ionganta ḃur measc a máraċ. 6 Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal. 7 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, A niuġ ṫoiseoċus mé ar ṫusa oirḋerceaḋ a measg Israel uile, ċor go mbía a ḟios aca, mar do ḃí mé le Maóise, go mbía mé mar sin leaċdsa. 8 Agus aiṫeona tú do na sagartuiḃ iomċras airc an ċunarṫa, ga ráḋ, A núair ṫiucfuiḋe go brúaċ uisge Iordan, seasfuiḋe ḃur ccoṁnuiġe an Iordan. 9 ¶ Agus a dubbairt Iosua re cloinn Israel, Tigiḋ uile, agus éistiġ bríaṫra ḃur TTIĠEARNA Dé. 10 Agus a duḃairt Iosua, Is leis so aiṫeantáoi go ḃfuil an Día beó ḃur measc, agus go tteilgfe sé amaċ gan ḟailliġe na Cananítiġ, agus na Hititiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Perisitiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Iebusítiġ. 11 Feaċuiḋ, téid airc ċunarṫa TIĠEARNA an doṁuin uile roṁuiḃ a nonn tar Iordan. 12 Annois ar a naḋḃarsin tugaiḋ ḋa ḟear ḋéug amaċ as treaḃuiḃ Israel, fear as gaċ éintreiḃ. 13 Agus tiocfaiḋ a ccríċ ar ball, a ccuirfid na sagairt iomċras aírc an TIĠEARNA, Tiġearna na talṁan uile, boinn a ccos a nuisgiḋiḃ Iordan, go ngearrfuiġear uisgiḋe Iordan ó na huisgiḋiḃ ṫig a núas as a náit ṡúas; agus seasfuid na gcarn ar á ċéile. 14 ¶ Agus tárla, a nuáir do áṫruiġeadar an pobal ó na loistíniḃ, do ḋul tar Iordan, agus na sagairt ag iomċar airce an ċunarṫa roiṁe an bpobal; 15 Agus ar tteaċd don luċd do iomċuir a náirc go Iordan, agus ar ttumaḋ cos na sagart do iomċuir an náirc a mbrúaċ a nuisge, (óir tuliġiḋ Iordán a ḃruaċa uile feaḋ aimsire an ḟoġṁair,) 16 Gur ṡeasadar na huisgiḋe ṫáinic a núas ó náit ṡúas agus gur éiriġ súas na ċárn go ro ḟada ón ċaṫruiġ Adam, atá ré táoḃ Sarétan: aċ gur ḟailliġeadar íad sin ṫáinic a núas leaṫ ré fairge an réitiġ, a nfairge ṡaillte, agus gur gearraḋ amaċ íad: agus go ndeaċadar an pobal a nonn go díreaċ as coinne Ieriċo. 17 Agus gur ṡeasadar na sagairt do iomċuir aírc ċunarṫa an TIĠEARNA daingean ar talaṁ tirim a lár Iordan, agus go ndeaċadar clanna Israel uile ṫairis air taluṁ tirim, nó go ndeaċadar an pobal uile go hiomlán tar Iordan. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society