Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Iosua agus oireaċduis Israel a ccoṁḋail ré ċeile. 29 Bás Iosua. 32 aḋlacaḋ ċnáṁa Ioseṗ. 33 Déug Eleasar.

1 Agus do ċruinniġ Iosua treaḃa Israel uile go Seċem, agus do ġoir ar ṡinnsioruiḃ Israel, agus ar a gceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noitigeaċaiḃ; agus do ṫaisbéanadar íad féin a laṫair Dé.

2 Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do áitreaḃadar ḃur naiṫreaċa don taóiḃ oile don tuile annsa tseanaimsir, eaḋon Terah, aṫair Abraham, agus aṫair Naċor: agus do aḋradar dée oile.

3 Agus do ṫóg misi ḃur naṫair Abraham don taóiḃ oile don tuile, agus do ṫréoruiġ mé tré ṫír Ċanaain uile é, agus do ṁéaduiġ mé a ṡlioċd, agus ṫug mé Isaac ḋó.

4 Agus ṫug mé Disaac, Iacob agus Esau: agus ṫug mé do Esau sliaḃ Seir, re ṡealḃúġaḋ; aċd do ċuáiḋ Iácob agus a ċlann síos don Négipt.

5 Do ċuir mé Maóise fos agus Aáron, agus do ċuir mé pláiġ ar an Négipt, do réir na neiṫe do ċuir misi na measc: agus na ḋiáiġ sin ṫug mé siḃse amaċ.

6 Agus ṫug mé ḃur naiṫre as an Négipt: agus tangaḃairsi gus an nḟairge; agus do leanadar na Hégiptiġ a ndiáiġ ḃur naiṫreaḋ lé carbaduiḃ agus le marcṡlúaġ go nuige an ṁuir Ruáiḋ.

7 Agus a núair déiġṁeadar ar an TTIĠEARNA, do ċuir sé dorċadas eadruiḃsi agus na Hégiptiġ, agus ṫug sé a nfairge ar a muinsion, agus do ṁúċ se íad; agus do ċoncadar ḃur súile íad do rinne me san Egipt: agus do ċoṁnuiġeaḃairsi an sa ḃfásaċ aimsir ḟada.

8 Agus ṫug mé go críċ na Namoríteaċ siḃ, noċ do áitriḃ an táoḃ oile do Iordan; agus do ṫroidedar riḃ: agus ṫug misi an ḃur láiṁ íad, go ḃféadaḋ siḃ a ndúiṫċe do ṡealḃuġaḋ; agus do scrios mé roṁuiḃsi íad.

9 Annsin déiriġ Bálac ṁac Sippor, ríġ Ṁoab, agus do ċaṫuiḋ sé a naġaiḋ Israel, agus do ċuir fios agus do ġoir Bálaam mac Beor da ḃur malluġaḋ:

10 Aċ níor éist misi re, Bálaam; uimesin do ḃeannuiġ sé siḃ a gcoṁnuiḋe: mar sin do ṡáor mé siḃsi ás a láiṁ.

11 Agus do ċúaḋḃair tar Iordan, agus tangaḃair go Ieriċo: agus do ṫroideadar fir Ieriċo ḃur naġaiḋ na Hamorítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Canaanítiġ, agus na Hititiġ, agus na Girgasítíġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ; agus ṫug misi ann ḃur láṁuiḃ íad.

12 Agus do ċuir mé an ceárnaḃan roṁuiḃ, noċ do ṫiomáin, amaċ roṁuiḃ íad, ḋá ríġ na Namoríteaċ; giḋeaḋ ní led ċloiḋeaṁsa, nó led ḃoġa.

13 Agus ṫug mé dúiṫċe ḋaóiḃ ar son naċ ndéarnaḃair sáoṫar, agus caiṫreaċa naċ siḃ féin do ċuir súas, agus áitreaḃṫaoi ionta; do na luḃġortuiḃ fíneaṁna agus ola naċ siḃ féin do ṗlannduiġ a seaḋ iṫí.

14 Annois ar a naḋḃarsin bíoḋ eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus foġnaiḋ ḋó a ngloine agus a ḃfírinne: agus cuiriḋ uáiḃ na dée dar ġéilleadar ḃur naiṫre don taóiḃ oile don tuile, agus annsa Negipt; agus déanuiḋ serḃís don TIĠEARNA.

15 Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.

16 Agus do ḟreagradar an pobal agus a duḃradar, Nar léigiḋ Día go ttréigfemisne an TIĠEARNA, dfoġnaṁ do ḋéeiḃ eile;

17 Oír sé ar TIĠEARNA Día ṫug súas sinn, agus ar naiṫre as críċ na Hégipte, ó ṫiġ na daóirsi, agus noċ do rinne na coṁarṫuiḋe móra sin ann gaċ uile ṡliġe a ndeaċamar, agus a measc gaċ uile ṗobal tré ar ġaḃamar:

18 Agus do ċuir an TIĠEARNA amaċ roṁuinn na daóine uile, eaḋon na Hamorítiġ do áitreaḃ annsa dúiṫċe: uimesin mar an gcéadna foiġeonuimne don TIĠEARNA; óir isé ar Ndía é.

19 Agus a duḃairt Iosua rís an bpobal, Ní ḟéadṫaoi foġnaṁ don TIĠEARNA: óir is Día náoṁṫa é; is Día éudṁar é; ní ṁaiṫfiḋ sé ḃur ccionta no ḃur bpeácuiḋ ḋaóiḃ.

20 Má ṫréigṫi an TIĠEARNA, agus dée coiṁiḋṫeaċ daḋraḋ, annsin imeoċṫa seision agus do ḋéana sé doċar ḋaóiḃ, agus díoḃáiġfiḋ sé siḃ, tar éis a ndeárna sé do ṁaiṫ ḋiḃ.

21 Agus a duḃairt an pobal re Iosua, Ní heaḋ; aċd foiġeonam don TIĠEARNA.

22 Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal, Is fiaḋnuise siḃ féin ḃur naġaiḋ féin, gur ṫoġḃair an TIĠEARNA ḋíḃ, do ḋéanuṁ seirḃíse ḋó. Agus a duḃradarsan, Is fiaḋnuisi sinn.

23 Annois uimesin, ar seision, cuiriḋ uáiḃ na dée coiṁiḋṫeaċa atá eadruiḃ, agus iompoíġiḋ ḃur gcroiḋe ċum an TIĠEARNA Día Israel.

24 Agus a duḃairt an pobal ré Iosua, Ar TTIĠEARNA Día isé aḋrum, agus dá ġuṫ uiṁleoċam.

25 Marsin do rinne Iosua cunnraḋ ris an bpobal an lásin, agus do ċuir síos statúid agus órduġaḋ ḋóiḃ a Seċem.

26 ¶ Agus do scríoḃ Iosua na briaṫraso a leaḃar ḋliġe Dé, agus do ṫóg cloċ ṁór, agus do ċuir na seasaṁ annsin í faói ḋaruiġ, do ḃí láiṁ ré sanctora an TIĠEARNA.

27 Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, Féaċuiḋ, biáiḋ an ċloċso mar ḟiaḋnuisi aguinn; óir do ċúala sí bríaṫra an TIĠEARNA uile noċ do laḃair sé rinne: biáiḋ sí ann sin mar ḟiaḋnuisi oruiḃsi, deagla go séanfaḋ siḃ ḃur Ndía.

28 Mar sin do léig Iosua don ṗobal imṫeaċd, gaċ éanduine ḋá oiġreaċd féin.

29 ¶ Agus tárla an diaiġ na neiṫeannsa, gur éug Iosua ṁac Nun, óglaċ an TIĠEARNA, ar mbeiṫ ḋó céud agus deiċ mbliaḋna daóis.

30 Agus do aiḋlaiceadar é a ttéoruinn a oiġreaċda féin a Ttimnat‐serah, noċ atá a slíaḃ Eṗraim, ar an ttáoḃ ṫuaiġ do ċnoc Gaas.

31 Agus do rinne Israel serḃís don TIĠEARNA ar feaḋ láeṫeaḋ Iosua, agus uile láeṫe na sinnsior do ṁair a ndiaiġ Iosua, agus agá raiḃ fios uile oibreaċ an TIĠEARNA, noċ do rinne sé ar son Israel.

32 ¶ Agus cnáṁa Ióseṗ, noċ do ṫugadar clann Israel súas as an Négipt, do aḋlaiceadar íad a Seċem, an sa bpíosa fearainn do ċeannuiġ Iacob ó ṁacuiḃ Hámor aṫair Ṡeċem ar ċéad píosa airgid: agus ṫáinic na oíġreaċd ċum cloinne Ioseṗ.

33 ¶ Agus déug Eleásar ṁac Aaron; agus do aḋlaiceadar é a ccnoc do ḃean ré Ṗínehas a ṁac, noċ tugaḋ ḋó a sliaḃ Eṗraim.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan