Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIII. Do ċuir Iosua roiṁe a ḃás a dḟiaċuiḃ ar an ṗobal, reaċd Dé do leanṁuin. 7 Agus gan taoḃaḋ ris na cineaḋaċuiḃ.

1 Agus tárla aimsir ḟada tar éis an TIĠEARNA do ṫaḃairt súaiṁnis Disrael ó na naiṁdiḃ uile timċioll fa gcuairt, gur ḟás Iosua áosta foirfe.

2 Agus do ġoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiriḃ, agus ar a cceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noifigeaċuiḃ, agus do ráiḋ sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíaḋnuiḃ:

3 Agus do ċonncaḃairsi gaċa a ndéarna ḃur TTIĠEARNA Día ris na cineaḋaċaiḃ si uile ar ḃur sonsa; óir se ḃur TTIĠEARNA Día do ṫroid ar ḃur son.

4 Féaċuiḋ, do roinn me oruiḃ le crannċar na cineaḋaċasa ṁairios, dá mbeiṫ mar oiġreaċd ag ḃur ttreaḃuiḃ, ó Iordan, maille ris na huile ċmeaḋaċaiḃ dar ġeárr mé amaċ, go nuige an nfairge ṁóir don táoiḃ ṡíar.

5 ¶ Agus díbeoruiḋ ḃur TTIĠEARNA Día roṁuiḃ íad, agus ṫiomáinfiḋ se as ḃur raḋarc íad; agus sealḃoċṫaoise an dúiṫċe mar do ġeall ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.

6 Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.

7 Agus naċ ttiocfuíḋe a measc na ccineaḋso, ṁairios ḃur measc; agus naċ ndéantaoi iomráḋ ar a ndeeiḃ na nainm, agus naċ ttiuḃarṫaoí fa deara a ttaḃairt mar ṁionnuiḃ agus naċ ndeantuiḋ serḃis dóiḃ, agus naċ ccláonfuiḋ siḃ féin dóiḃ:

8 Aċt aḋarfuiḋe ḃur TTIĠEARNA Día, mar do rinneaḃair gus a niuġ.

9 Oír do ċuir an TTIĠEARNA amaċ roṁuiḃ cineaḋaċa móra neartṁara: aċt ar ḃur sonsa, ní ṫáinic déinḟear seasaṁ ḃur naġaiḋ gus a niuġ.

10 Cuirfiḋ aon daóiḃsi míle a tteiṫeaṁ: óir se ḃur TTIĠEARNA Día, an té ṫroidios ar ḃur son, mar do ġeall sé ḋaóiḃ.

11 Tugaiḋ aire ṁaiṫ ḋaóiḃ féin, ar a nadḃarsin go mbía gráḋ aguiḃ da ḃur TTIĠEARNA Día.

12 ¶ Nó má ṫéiġṫi air éanċor air gcúl, agus má ġreamuiġṫí dfuiġioll na ccineaḋaċsan, noċ ṁáirios ḃur measc, agus go ndéantaói cleaṁnus ríu, agus go raċṫaoi a steaċ ċuca, agus íadsan ċugaiḃsi:

13 Bioḋ a ḟios aguiḃ go dearḃṫa naċ gcuírfiḋ ḃur TTIĠEARNA Dia ní sa mó éainneaċ do na cineaḋaċaiḃsi amaċ roṁuiḃ; aċ béid na bpaintéaruiḃ agus na ndúluiḃ ḋaóiḃ, agus na scíursaiḋiḃ ann ḃur ttáoḃuiḃ, agus na ndealguiḃ ann ḃur súiliḃ, nó go nimiṫid seaċad as an ndúiṫċe ṁaiṫsi ṫug ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.

14 Agus, féaċuiḋ, atáimsi a niuġ ag dul san tsliġe a ttéid an doṁan uile: agus atá a ḟios aguiḃsi an ḃur gcroiḋṫiḃ uile agus ann ḃur nanmuiḃ, naċ ar ḟailliġ mé éinní aṁáin do na huile néiṫíḃ maiṫ noċ do laḃair ḃur TTIĠEARNA Día da ḃur ttaoḃ; tangadar a ccríċ uile ḋaóiḃ, agus níor ṫeastuiġ éinní aṁáin díoḃ.

15 Uime sin tiocfaiḋ a ccríċ, mar ṫáinic gaċ uile ní maiṫ oruiḃ, dar ġeall ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ; go ttiuḃra mar an ccéadna án TIĠEARNA gaċ uile ḋroiċní oruiḃ, nó go scriosfuiḋ sé siḃ as an ḃfearann maiṫsi noċ ṫug ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ.

16 A nuáir ṡáireoċṫaoi cunraḋ ḃur TTIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíḃ, agus imṫeoċuiġe, agus aḋarfuiġe dée eile, agus uiṁleoċuiġe siḃ féin dóiḃ; annsin lasfuiġear fearg an TIĠEARNA riḃ, agus scriosfuiġear siḃ go hobann as an ḃfearann maiṫ, noċ ṫug sé ḋiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan