Iosua 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. Do fill na. Reubenitiġ, na Gaditiġ agus leiṫṫreiḃ Ṁanasseh le honóir. 10 Do ṫogḃadar altóir na fiaġnaise. 1 An sin do ġoir Iosua na Reubenítiġ, agus na Gadítiġ, agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, 2 Agus a duḃairt ríu, Do ċoíṁéadaḃair a núile ní dár aiṫin Maóise serḃíseaċ an TIĠEARNA ḋíḃ, agus do uṁluiġeaḃair dom ġlórsa san nuile ní dár aiṫin mé ḋaóiḃ: 3 Níor ḟágaḃair ḃur ndearḃráiṫre lé mórán do láeṫiḃ gus a niuġ, aċd do ċoiṁlíonaḃair cúram aiṫne ḃur TTIĠEARNA Dé. 4 Agus a nois ṫug ḃur TTIĠEARNA Día socaṁal dá ḃur ndearḃráiṫriḃ, mar do ġeall sé ḋóiḃ: annois ar a naḋḃarsin filliḋsi, agus éirgiḋe dá ḃur ttiġṫiḃ, agus go fearann ḃur sealḃa, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋaóiḃ don taóiḃ oile do Iordan. 5 Aċ tugaiḋ aire ġéar do ċoiṁlíonaḋ na naiṫneaḋ agus an dliġe, noċ do ċuir Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċúram oruiḃ, gráḋ do ṫaḃairt dá ḃur TTIĠEARNA Día, agus siúḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ, agus táoḃaiḋ ris, agus foġnaṁ ḋó le ḃur nuile ċroiḋe agus lé ḃur nuile anam. 6 Mar sin do ḃeannuiġ Iosua íad, agus do ċuir ar siúḃal íad: agus do ċúadar ċum a loistíniġ. 7 Annois ṫug Maóise sealḃ do leiṫṫreiḃ Ṁanasseh a Mbásan: aċ don leiṫṫreiḃ oile ḋíoḃ ṫug Iosua a measc a ndearḃráiṫreaċ don taóiḃsi do Iordan leaṫ ṡiar. Agus a nuáir do ċuir Iosua ar siuḃal íad sin fós dá loistíniḃ, annsin do ḃeannuiġ sé íad, 8 Agus do laḃair sé ríu, ga ráḋ, Filliḋ dá ḃur loistíniḃ maille re hiomád saiḋḃris, agus ro ṁóran áirnéise, maille ré hairgiod, agus lé hór, agus le prais, agus lé híarann, agus maille re róṁorán éaduiġ: roinníḋ éadáil ḃur náṁad, ré ḃur ndearḃraiṫriḃ. 9 Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise. 10 ¶ Agus a núair ṫangadar go brúaċ Iordan, noċ atá a ttír Ċánaain, clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir ṁór re féaċuin uirre. 11 ¶ Agus do ċúaladar clann Israel ḋá ráḋ, Feuċ, do rínneadair clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh altóir ṫall as coinne ḟearuinn Ċánaain, a mbrúaċaiḃ Iordan, mar a ngéaḃaidís clann Israel ṫairis. 12 Agus a núair do ċúaladar clann Israel sin, do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel íad feín a gceann a ċéile a Síloh, do ḋul súas do ṫroid na naġuiḋsion. 13 Agus do ċuireadar clann Israel go cloinn Reuben, agus go cloinn Ġad, agus go leiṫṫreiḃ Ṁanasseh, go tír Ġílead, Ṗineas ṁac Eleasair an sagart, 14 Agus maille rís deiṫneaṁar prionnsaḋa, prionnsa as gaċ tiġ ar feaḋ ṫreiḃe Israel uile; agus do ḃí gaċ áon díoḃ na ċeann ar ṫiġ a naiṫreaḋ a measg ṁílteaḋ Israel. 15 Agus tangadar go cloinn Reuben, agus go cloinn Ġad, agus go leiṫṫreiḃ Ṁanasséh, go tír Ġílead, agus do laḃradar riú, ḋa ráḋ, 16 As mar so a deírid íomlán ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA, Cread an sarúġaḋsa do rinneaḃairsi a naġaiḋ Dé Israel, a ḃfilleaḋ do leaṫtaoiḃ a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA, mar do rinneaḃair altóir ḋíḃ féin, ċor go raċaḋ siḃ a ttréatuireaċd a niuġ a naġaiḋ an TIĠEARNA? 17 An róiḃeag ḋúinn éacceart Ṗeor, ó naċ ḃfuilmíd glan gus a niuġ (bíoḋ go raiḃ pláiġ a ccoṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA), 18 Aċt go ḃfillfiḋsi fós a niuġ ó leanmahuin an TIĠEARNA? agus iseaḋ ḃías de, ó rinneaḃairsi tréatuireaċd a naġaiḋ an TIĠEARNA, go mbía sé feargaċ a máraċ re coṁċruinniuġaḋ Israel uile. 19 Giḋeaḋ, má tá ḃur ḃfearann sealḃa neaṁġlan, annsin éirgiḋ ṫairis go fearann seilḃe an TIĠEARNA, mar a ccoṁnuiġeann tabernacuil an TIĠEARNA, agus glacuiḋ sealḃ ar meascne: aċt na caṫuiġiḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná caṫuiġíḋ ar naġaiḋne, ag déanaḋ altóra ḋaóiḃ féin táoḃ amuiġ daltóir ar TTIĠEARNA Dé. 20 Naċ deárna Aċan ṁac Sérah sáruġaḋ annsa ní ṁalluiġ, agus do ṫuit dioġaltas ar ċloinn Israel uíle? agus ní hé an fear sin aṁáin do ṫuit ann a ċoir. 21 ¶ Annsin do ḟreagradar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus duḃradar re ceannuiḃ ṁílteaḋ Israel, 22 As fios do ṪIĠEARNA Día na ndee, do ṪIĠEARNA Día na ndee, agus biáiḋ a ḟios ag Israel; más caṫuġaḋ, nó sáruġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA é, (ná dídiniġ sinn a niuġ,) 23 As a ndeárnamairne altoír ḋúinn féin diompóġ ó leanṁuin an TIĠEARNA, nó más dofráil ofrála loisge uirre nó ofrala biḋ, nó mas dofráil íoḋbarṫa síoṫċána uirre, leanaḋ an TIĠEARNA feín é; 24 Agus muna ndeárna sinne é, ar éagla an neiṫesi, ġá ráḋ, Na ḋiáiġ so go naibeóraidís ḃur gclannsa re ár ccloinne, ġá ráḋ, Cred atá ḋáoiḃsi ris an TIĠEARNA Día Israel? 25 Oír do rinne an TIĠEARNA teóra do Iordan eadruinn agus siḃ, a ċlann Reuben agus a ċlann Ġad; ní ḃfuil roinn aguiḃ don TIĠEARNA: marsin do ḃéaruid ḃur gclannsa air ar gcloinne scur deagla an TIĠEARNA do ḃeiṫ orra. 26 Uimesin a duḃramairne, Tionnscnam a nois altoír do ċur súas ḋúinn féin, ní ċum ofrála loisge, nó ċum ioḋburṫa: 27 Aċt ionus go mbíaṫ na ḟíaḋnuisi eadruinn agus siḃsi, agus ar sleaċda ar ndiaiġ, ċor go ndéanmaois serḃís an TIĠEARNA da laṫair fein lér nofráluiḃ loisge, agus ler níoḋbarṫaiḃ, agus ler nofraluiḃ síoḋa; ċor naċ aibeoraḋ ḃur cclannsa re ar gcloinne annsa naimsir ṫiocfass, Ní ḃfuil cuid aguiḃ san TIĠEARNA. 28 Uime sin, ar sa sinne, gurob aṁluiḋ ḃías, a nuáir a déaruid síad so rinn, nó rér slioċd annsa naimsir ṫiocfas, go mbiáiḋ aguinne re a ráḋ, Féaċuiḋ saṁlaċus altóra an TIĠEARNA, do rinneádar ar naiṫrenne, ní ċum ofrála loisge, nó ċum ioḋbarṫa; aċd ís fíaḋnuise eadruinne agus siḃsi é. 29 Nár léigiḋ Día go raċamaois a ttréatuireaċd a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeamaois a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA do ḋéanaṁ altóra dofráluiḃ loisge, dofráluiḃ bíḋ, nó dioḋbarṫaiḃ, táoḃ amuiġ daltoir ar TIĠEARNA Dé noċ atá a ḃfiaḋnuise a ṫabernacuil. 30 ¶ Agus a nuáir do ċúaluiḋ Ṗínehas an sagart, agus prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ agus cinn ṁílteaḋ Israel noċ do ḃí na ḟoċair, na bríaṫra do laḃradar clann Reuben agus clann Ġad agus clann Ṁanasseh, do ṫaitin sin ríu. 31 Agus a duḃairt Ṗínéhas ṁac Eleásair an sagart re cloinn Reuben, agus ré cloinn Ṁanasseh, A niuġ aiṫniġímid go ḃfuil an TIĠEARNA ar measc, do ċionn naċ ndearnaḃair an sáruġaḋsa a naġaiḋ an TIĠEARNA: annois do ṡáoraḃair clann Israel ó láiṁ an TIĠEARNA. 32 ¶ Agus do ḟill Ṗínehas ṁac Eleásair an sagart, agus na prionnsuiḋe ó ċloinn Reuben, agus ó ċloinn Ġad, as tír Ġílead, go tír Ċánaain, do ċloinn Israel, agus tugadar scéula ċuca a rís. 33 Agus do ṫaitin an ní re cloinn Israel; agus do ḃeannuiġeadar clann Israel Día, agus níor ċuireadar rompa dul súas na naġaiḋ sin a gcaṫ, do ṁilleaḋ na tíre ionar áitreaḃadar clann Reuben agus Ġad. 34 Agus do ġoireadar clann Reuben agus clann Ġad Ed don naltóir: oir biáiḋsi mar ḟiaḋnuisi éadruinn gur bé an TIĠEARNA as Día ann. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society