Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXI. Caiṫreaċa 48 ag na Leḃitiḃ. 43 Tug Día an dúiṫċe agus Suaiṁneas do réir a ġeallambna.

1 Ann sin tangadar cinn aiṫreaḋ na Leḃíteaċ a laṫair go Heléasar an sagart, agus go Iosua ṁac Nun, agus go ceannuiḃ aiṫreaḋ ṫreiḃe ċloinne Israel;

2 Agus do laḃradar ríu a Síloh a ttír Ċánaain, ġa ráḋ, Do aiṫin an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise caiṫreaċa do ṫaḃairt dúinne do ċoṁnuiġe ionta, maille re na mionḃailtiḃ sin dár náirnéis.

3 Agus tugadar clann Israel do na Leḃítiḃ as a noiġreaċd féin, ar aiṫne an TIĠEARNA, na caiṫreaċaso agus na bailte do ḃean ríu.

4 Agus taínic an ċrannċar amaċ ar ṁuinntearuiḃ na Gcohatíteaċ: agus fúaradar clann Aaron an sagart, noċ do ḃí do na Leḃítiḃ, le crannċar ó ṫreiḃ Iúdah, agus ó ṫreiḃ Símeon, agus o ṫreiḃ Beniamin, trí caiṫreaċa doag.

5 Agus fúaradar an ċuid oile do ċloinn Ċohat le crannċar ó ṁuintearuiḃ ṫreiḃe ċloinne Eṗraim, agus ó ṫreiḃ Dan, agus ó leiṫṫreiḃ Ṁanasseh, deiċ gcaiṫreaċa.

6 Agus fúaradar clann Ġerson le crannċar ó muinntearuiḃ ṫreiḃe Issaċar, agus ó ṫreiḃ Aser, agus ó ṫreiḃ Naṗtali, agus ó leiṫṫreiḃ Ṁanasseh ann Basan, trí caiṫreaċa déug.

7 Fuaradar clann Ṁerári gun a muinntearuiḃ ó ṫreiḃ Réuben, agus ó ṫreiḃ Gad, agus ó ṫreiḃ Sebulun, ḋá ċaṫruiġ ḋéug.

8 Agus tugadar clann Israel le crannċar do na Leḃítiḃ na caiṫreaċaso gun a mionḃailtiḃ, mar do aiṫin an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.

9 ¶ Agus tugadar ó ṫreiḃ ċloínne Iúdah, agus ó ṫreiḃ ċloinne Símeon na caiṫreaċasa tar a ttigṫear annso ainmniġṫe.

10 Noċ fúaradar clann Aáron, do nahuintir na Gcohatiteaċ, noċ do ḃí do ċloinn Léḃi: (oir fá léosan an céadċrannċar.)

11 Agus tugadar ḋóiḃ caṫair Arbah aṫair Anac, (noċ ar bí an ċaṫair sin Hébron), a slíaḃ Iúdah, gun a bailtiḃ na timċioll fa gcuáirt.

12 Agus tugadar maċairiḋ na caiṫreaċ, agus a bailte do Ċáleb ṁac Ieṗunneh mar ṡeilḃ ḋósan.

13 Marsin tugadar do ċloinn Aaron an sagart Hébron gun a bailtiḃ; do ḃeiṫ na caṫair ḋídin ag an marḃṫóir; agus Libnah gun a bailtiḃ,

14 Agus Iatir gun a bailtiḃ, agus Estemoa gun a bailtiḃ,

15 Agus Holon gun a cuimíniḃ, Débir gun a cuimíniḃ,

16 Agus Ain gun a cuimíniḃ, agus Iutah gun a cuimíniḃ, agus Betsemes gun a cuimíniḃ; naoi gcaiṫreaċa ón dá ṫreiḃsin.

17 Agus as treiḃ Ḃeniamin, Gíbeon gun a bailtiḃ, Geba gun a bailtiḃ,

18 Anatot gun a cuimíniḃ, agus Almon gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

19 Uile ċaiṫreaċa ċloinne Aáron an sagart, do buḋ trí caiṫreaċa déag gun a mionḃailtiḃ íad.

20 ¶ Agus muinnteara ċloinne Cohat, na Leḃítiġ noċ do ṁáir do ċloinn Ċohat, fuaradarsan caiṫreaċa a ccrannċar as treiḃ Eṗraim.

21 Oir ṫugadar Seċem dóiḃ gun a cuimíniḃ a slíaḃ Eṗraim, do ḃeiṫ na caṫruiġ dídin ag an marḃṫóir; agus Géser gun a cuimíniḃ,

22 Agus Cibsaim gun a bailtiḃ, agus Betóron gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

23 Agus ó ṫreiḃ Dan, Elteceh gun a cuimíniḃ, Gibeton gun a cuimíniḃ,

24 Aialon gun a cuimíniḃ, Gatrimmon gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

25 Agus ó leiṫṫreiḃ Ṁanasseh, Tánaċ gun a cuiminiḃ, agus Gat‐rimmon gun a ccuiminiḃ; ḋa ċaṫruiġ

26 Na caiṫreaċa uile do ḃádar a déiċ gun a ccuimíniḃ do ṁuintearuiḃ ċloinne Cohat noċ do ṁair.

27 ¶ Agus do ċloinn Gerson, do ṁuinntearuiḃ na Leḃíteaċ, on leiṫṫreiḃ oile do Ṁanasseh tugadar Gólan a Mbásan maille re na cuimíniḃ, mar ċaṫair dídin ag an marḃṫóir; agus Beesterah gun a cuimíniḃ; ḋá ċaṫruiġ.

28 Agus ó ṫreiḃ Issaċar, Císon gun a cuimíniḃ, Dabereh gun a cuimíniḃ,

29 Iarmut gun a cuimíniḃ, Engannin gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

30 Agus ó ṫreiḃ Aser, Misal gun a cuimíniḃ, Adon gun a cuimíniḃ,

31 Helcah gun a cuimíniḃ, agus Rehob gun á cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

32 Agus ó ṫreiḃ Naṗtali, Cedes ansa Ġalilé gun a cuimíniḃ, do ḃeiṫ na caṫruiġ ḋídin don marḃṫoír; agus Hammot‐dor gun a cuimíniḃ, agus Cartán gun a cuimíniḃ; trí ċaiṫreaċa.

33 Uile ċaiṫreaċa na Ngersoníteaċ do réir a muinntear do ḃadar trí caiṫreaċa déag gun a gcuimíniḃ.

34 ¶ Agus do ṁuinntearuiḃ ċloinne Ṁerári, an ċuid oile do na Leḃítiḃ, ó ṫreiḃ Ṡebulun, Iocneam gun a cuimíniḃ, agus Carta gun a cuimíniḃ,

35 Dimnah gun a cuimíniḃ, Nahalal gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

36 Agus ó ṫreiḃ Reuben, Béser gun a cuimíniḃ, agus Iahasah gun a cuimíniḃ,

37 Cedemot gun a cuimíniḃ, agus Meṗaat gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa.

38 Agus ó ṫreiḃ Ġad, Ramot ann Gilead gun a cuimíniḃ, do ḃeiṫ na caṫruiġ ḋídin ag an marḃṫóir; agus Mahanaim gun a cuimíniḃ,

39 Hesbon gun a cuimíniḃ, Iaser gun a cuimíniḃ; ceiṫre caiṫreaċa san niomlán.

40 Mar sin do ḃádar caiṫreaċa ċloinne Ṁerári uile gun a muinntearuiḃ, noċ do fágḃaḋ do ṁuinntearuiḃ na Leḃíteaċ, re na gcrannċair ḋá ċaṫruiġ ḋéag.

41 Uile ċaiṫreaċa na Léḃíteaċ a stiġ a seilḃ ċloinne Israel dob oċd gcaiṫreaċa agus dá ḟiṫċiod íad maille re na gcuimíniḃ.

42 Do ḃí gaċ éanċaṫair ḋíoḃ so gun a gcuimíniḃ na timċioll fa ccuáirt: mar so do ḃádar na caiṫreaċaso uile.

43 ¶ Agus ṫug an TIĠEARNA do Israel an dúiṫċe uile noċ do ṁionnuiġ sé do ṫaḃairt dá naiṫriḃ; agus do ṡealḃuiġeadar í, agus do aitreaḃadar inte.

44 Agus ṫug an TIĠEARNA suáiṁneas dóiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir gaċ uile neiṫe dár ṁionnuiġ sé dá naiṫriḃ: agus níor ṡeas duine dá náṁuid rompa: do ṡeaċuid an TIĠEARNA a naiṁde uile ann a láiṁ.

45 Níor ṫeasduiġ éinní maiṫ ar biṫ dar laḃair an TIĠEARNA re tiġ Israel; ṫáinig se uile a gcríċ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan