Iosua 20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XX. Sé caiṫreaċa dídin, orduiġṫe le Día: 7 Agus ar na ccinneaḋ le Hisrael. 1 Do laḃair an TIĠEARNA mar an gcéadna ré Iosua, ġa ráḋ, 2 Laḃair ré cloinn Israel, ġa ráḋ, Orduiġiḋ amaċ ḋaóiḃ féin caiṫreaċa dídin, air ar laḃair misi riḃ le láiṁ Ṁaóise: 3 Iondus go ḃféadfaḋ an marḃṫóir noċ marḃus duine go neiṁċiontaċ agus gan ḟios teiṫeaṁ ionta: agus béid na ndídean agaiḃ air ḋioġaltaċ na fola. 4 Agus a nuáir ṫeiṫfios an té sin go caṫruiġ ḋíoḃ sin seasfuiḋ sé ag dul a steaċ ġeata na caiṫreaċ, agus foillseoċuiḋ sé a ċúis a gclúasuiḃ ṡinnsear na caiṫreaċ sin, agus géaḃuid síadsan ċuca don ċaṫruiġ é, agus do ḃéaruid áit dó, a ḃfanfuiḋ sé na measc. 5 Agus má ní dioġaltaċ na fola tóruiġeaċd na ḋiáiġ, annsin ní ṫoirḃeoruid síad an marḃṫóir ann a láiṁ; do ċionn gur ḃuáil sé a ċoṁarsa gan ḟios dó féin, agus naċ raiḃ fúaṫ aige roiṁe a naimsirsin air. 6 Agus fanfuiḋ se annsa ċaṫruiġ sin nó go seasuiḋ sé a ḃfiaḋnuise ċoṁċruinniġ an ḃreiṫeaṁnuis, agus go ló ḃáis a nárdṡagairt ḃías annsna láeṫiḃ sin: agus annsin fillfiḋ an marḃṫóir, dá ċaṫraiġ féin, agus dá ṫiġ féin, don ċaṫruiġ ó ar ṫeiṫ sé. 7 ¶ Agus do ċinneadar Cédes an sa Ġalile a slíaḃ Naṗtali, agus Seċem a slíaḃ Eṗraim, agus Ciriat‐arba eaḋon Hebron, a slíaḃ Iúdah. 8 Agus ar an ttaóiḃ oile do Iordan láiṁ ré Ieriċo táoḃ ṡoir, do orduiġeadar Béser an sa ḃfásaċ ar an réiteaċ amaċ as treiḃ Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treiḃ Ġad, agus Golon a Mbasan as treiḃ Ṁanasseh. 9 Is íadso na caiṫreaċa do hórduiġeaḋ do ċloinn Israel uile, agus coiṁiḋeaċ ḃíos ar ċuáirt na measc, ċor giḋ be ṁuirfeaḋ duine go neṁċiontaċ go ḃféadfaḋ teiṫioṁ ionta sin, agus naċ muirfiḋ é le láiṁ ḋíoġaltóra na fola, nó go seasaḋ sé a laṫair an ċoṁċruínniġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society