Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil II. Cineultas Rahab ann Ieriċo, ris an luċt braṫa. 23 Freagra na ntteaċdaireaċd.

1 Agus do ċuir Iosua mac Nun días fear amaċ as Sitim do ḃraṫ go secreideaċ, gá ráḋ, Eirġiḋe measuiḋ an dúiṫċe, eaḋon Ieriċo. Agus do imṫiġeadar, agus tangadar go tiġ meirdriġ, dar ḃainm Rahab, agus do ḟosadar ann sin.

2 Agus do hinnseaḋ do ríġ Ieriċo ḋá ráḋ, Feaċ, tangadar daoine anoċd asteaċ annso ó ċlainn Israel do ḃraṫ na tíre.

3 Agus do ċuir ríġ Ieriċo fios ċum Rahab, ġá raḋ, Taḃair amaċ na dáoine ṫáinic ċugad, noċ do ċúaiḋ a steaċ ann do ṫiġ: óir is do ḃraṫ na tíre uile ṫangadar.

4 Agus do ġlac an ḃean an días fear, agus dfoluiġ sí iad, agus a duḃairt marso, Tangadar dáoine ċugaṁsa, aċ ní eidir mé cá has dóiḃ:

5 Agus tarla fa am druite an ġeata, ansa dorċadas, dimṫiġeadar na firsin amaċ: agus ní fios daṁsá, cáit a neaċadar na firsin: cuiriḋ tóruiġeaċd orra go lúaṫ, óir béarṫáoi orra.

6 Aċ rug sisi súas a mullaċ an tiġe íad, agus do ḟoluiġ íad lé loirgniḃ lín, noċ do leag sí a norduġaḋ air ṁullaċ an tiġe.

7 Agus do leanadar na dáoine na ndíaiġ annsa tsliġe go Iordan go nuige na háṫanna: agus ar ball ar imṫiġeadar an ṁuintirsin do ḃí ḋá lorg amaċ, do ḋruideadar an geata.

8 ¶ Agus suil do luiġeadar síos, ṫáinic sisi súas ċuca ar ṁullaċ an tiġe;

9 Agus a duḃairt ris na dáoiniḃ, Atá a ḟios agum go ttug an TIĠEARNA an tír ḋíḃ, agus gur ṫuit ḃur nuaṁan oruinn, agus gur lagaḋ dúṫċusaiġ na tíre eile air ḃur son.

10 Oír do ċúalamar mar do ṫiormaiġ an TIĠEARNA uisge na mara Ruaiḋe roṁuiḃ, a nuair ṫangaḃair amaċ as an Négipt; agus mar do rinneaḃair ré ḋá ríġ na Namoríteaċ, dó ḃí don táoḃ oile do Iordan, Sihon agus Og, noċ do scriosaḃair go hiomlán.

11 Agus ar ball a gcúalamar na neiṫesi, do leaġaḋ ar gcroiḋṫe, agus níor ḟan ní is mó do ḃeóḋaċd a néanduine, ar ḃur sonsa: oír sé ḃur TTIĠEARNA Día, is Día ar neaṁ ṡúas, agus ar talaṁ ṡíos.

12 Annois ar a naḋḃarsin guiḋim siḃ, tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁsa fan TTIĠEARNA, ó ṫaisbéan mé cinéul dáoiḃ, go ttaisbéantáoisi mar sin cinéul do ṫiġ maṫarsa, agus coṁarṫa fíre do ṫaḃairt daṁ:

13 Agus go ccuiṁdeoċṫaoi máṫair béo, agus mo ṁaṫair, agus mo ḋearḃraiṫre, agus mo ḋeirḃṡeaṫraċa, agus gaċ éinní dá ḃfuil aca, agus go saorfuiḋe ar mbeaṫa ó ḃás.

14 Agus do ḟreagradar na dáoine í, Ar nanum ar ḃur sonsa, muna ḃfoillsiġiḋ tú na gnoṫuiġesi águinn. Agus is aṁluiḋ ḃías, a núair ḃéaras an TIĠEARNA an dúiṫċe ḋúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneaċ riotsa.

15 Ann sin do léig sí a núas íad lé téad ṫríd an ḃfuinneóig: óir is ar ḃalla an ḃaile do ḃí a tiġ, agus do aítriḃ sí ar an mballa.

16 Agus a duḃairt sí riú, Eírġiḋe fan tslíaḃ, deagla go tteigeoṁaḋ na lorgaireaḋ riḃ; agus folċuiḋ síḃ féin trí lá ann sin, nó go ḃfilliḋ an toír: agus na ḋiáiġ sin féadṫaoí imṫeaċd roṁuiḃ.

17 Agus a duḃradar na dáoine ría, Béimne neṁċionntaċ ansna mionnuiḃsi ṫug tusa oruinn.

18 Féaċ, a núair ṫiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog ṡnáiṫe scárláoidesi ansa ḃfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do ḃéara tú haṫair, agus do ṁaṫair, agus do ḋearḃraiṫre, agus muintir tiġe haṫar uile, a steaċ ċugad.

19 Agus iseaḋ ḃías de, giḋ bé raċus amaċ as doirsiḃ do ṫiġe fan tsráid, biáiḋ a ḟuil ar a ċionn féin, agus béimne neiṁċiontaċ: agus giḋ bé ḃías ad ḟoċairse ann sa tiġ, bíaiḋ a ḟuil air ar gceanne, má ḃeanann láṁ ḋuine ris.

20 Agus má ḟoillsiġionn tú ar ngnoṫuiḋne annso, annsin bíam saór ód ṁionnuiḃ ṫug tú oruinn do ṫaḃairt.

21 Agus a duḃairt sisi, Do reir ḃur mbríaṫar, bíoḋ sé mar sin. Agus do ċuir sí air siuḃal íad, agus dimṫiġeadar: agus do ċeangail sí an corda scárláoide san ḃfuinneóig.

22 Agus do imṫiġeadarsan, agus tangadar fan tslíaḃ, agus do ḟanádar ann sin trí lá, no gur ḟilleadar na lorgairiḋ: agus do iarradar na lorgairiḋ íad ar feaḋ na sliġeaḋ, aċ ní ḟuáradar íad.

23 ¶ Ann sin do ḟilleadar an días fear, agus do ṫuirlingeadar don tslíaḃ, agus do ċúadar ṫairis, agus tangadar go Iosua mac Nun, agus dinniosadar ḋó gaċ éinní da ttárla ḋóiḃ:

24 Agus a duḃradar re Iosua, Go deiṁin ṫug an TIĠEARNA an tir uile ionar láṁuiḃ; óir atáid duṫċusuiḋ na tíre uile ag dul a nanḃfainne re eagla roṁuinn.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan