Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 19 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIX. Crannċar Ṡimeoin. 12 Sebulun. 17 Issaċar. 24 Aser. 32 Naṗtali. 40 Dan. 49 Oiġreaċd Iosua.

1 Agus táinic an dara crannċar amaċ ċum Símeon, ar son ṫreiḃe ċloinne Símeon do reír a muinntear: agus do ḃí a noiġreaċd táoḃ a stiġ doiġreaċd ċloinne Iúdah.

2 Agus fúaradar iona noiġreaċd Beerṡéba, Ṡeba, agus Molada,

3 Agus Hasar‐sual, agus Balah, agus Asem,

4 Agus Eltolad, agus Betul, agus Hormáh,

5 Agus Siclag, agus Bet‐marcabot, agus Hasar‐susah,

6 Agus Bet‐lebaot, agus Saruren; trí caiṫreaċa déug agus a mbailte:

7 Ain, Remmon, agus Eter, agus Asan; ceiṫre caiṫreaċa gun a mbailtiḃ:

8 Agus a raḃadar do ḃailtiḃ timċioll fa gcuairt na gcaiṫreaċsa go nuige Baalat‐beer, Rámat an deisceirt. Si so oiġreaċd ṫreiḃe ċloinne Ṡimeon do reir a muinntear.

9 Amaċ as roinn ċloinne Iúdah do ḃí oiġreaċd ċloinne Símeon: óir do ḃí roinn ċloinne Iúdah roṁór ḋóiḃ: uime sin fúaradar clann Ṡimeon a noiġreaċd a stiġ iona noiġreaċdsan.

10 Agus táinic an treas crannċar amaċ ar ċloinn Ṡebulun do réir a muinntear: agus do ḃí teóra a noiġreaċda go nuige Sarid:

11 Agus do ċúaiḋ an tteóra súas leaṫ ris an ḃfairge, agus re Marala, agus ráinic go Dabbaset, agus do ṡín go nuige an sruṫ atá as coinne Iocneam;

12 Agus filliḋ ó Ṡárid don táoiḃ ṡoír leaṫ re héirġe gréine go brúaċ Ċislot‐tabor, agus annsin teíd amaċ go Daberat, agus téid súas go Iaṗia,

13 Agus teíd as sin ar fad an táoḃ ṡoir go Gitah‐heṗer, go Hitacaisin, agus teíd amaċ go Remon‐metoar go Neah;

14 Agus téid an teóra timċioll don táoiḃ ṫúaiġ go Hannaton: agus ataíd a dula amaċ sin a ngleann Iiṗatabel:

15 Agus Catah, agus Nahallal, agus Simron, agus Idalah, agus Betlehem: ḋá ċaṫair déag gun a mbailtíḃ.

16 Sí so oiġreaċd ċloinne Sebulun do réir a muintear, na caiṫreaċa gun a mbailtiḃ.

17 ¶ Agus táinic an ceaṫraṁaḋ cranċar amaċ ar Issaċar, ar son ċloinne Issaċar do réir a muinntear.

18 Agus do ḃí a tteóra leaṫ re Iesreel, agus Ċesullot, agus Sunem,

19 Agus Haṗaraim, agus Sihon, agus Anaharat,

20 Agus Rabbit, agus Cision, agus Abes,

21 Agus Remet, agus Engannem, agus En‐hadda, agus Bet‐pases;

22 Agus síniḋ an cósta go Tábor, agus go Sahasimah, agus go Bet‐semes; agus do ḃí dula amaċ a tteórann ag Iordan: sé caiṫreaċa deúg gun a mbailtiḃ.

23 Sí so oiġreaċd ṫréiḃe ċloinne Issaċar do réir a muinntear, a gcaiṫreaċa agus a mbailte.

24 ¶ Agus táinic an cúigeaḋ cranċar amaċ ar ṫreiḃ ċloinne Aser do réir a muinntear.

25 Agus do ḃí a tteóra Helcat, agus Háli, agus Béten, agus Aċsaṗ,

26 Agus Alammeleċ, agus Amad, agus Misael; agus roiġiḋ go Carmel ṡíar, agus go Sihor‐libnat;

27 Agus filliḋ sí leaṫ ré héirġe greíne go Bet‐dagon, agus síniḋ go Sebulun, agus go gleann Iiṗtah‐el bu ṫuáiġ do Ḃet‐emec, agus Neiel, agus téid amaċ go Cábul ar an laíṁ ċlé,

28 Agus Hebron, agus Rehob, agus Hammon, agus Cánah, eaḋon go nuige Sídon mór;

29 Agus ann sin filliḋ an cósta go Ramah, agus gus a gcaṫruiġ láidir Tíre; agus filliḋ an cósta go Hósah; agus ataíd a dula amaċ sin ag an ḃfairge ón ccosta go Haċsib:

30 Umma mar an ccéadna, agus Aṗec, agus Rehob: ḋá ċaṫruiġ agus fiṫċe gun a mbailtiḃ.

31 Sí so oiġreaċd ṫreiḃe cloinne Aser do reír a muinntear, a caiṫreaċa so gun a mbailtiḃ.

32 ¶ Ṫáinic an seiseaḋ crannċar amaċ do ċloinn Naṗtalí, ar son ċloinne Naṗtali do reír a muinntear.

33 Agus do ḃí a ccósta ó Heleṗ, ó Allon go Saanannim, agus go Hadámi, Neceb, agus Iabneel, go Lacum; agus do ḃádar a ndula amaċ sin ag Iordan:

34 Agus annsin iompoiġiḋ an cósta don táoiḃ ṡíar go Hasnot‐tábor, agus teíd amaċ as sin ga Hucoc, agus roiġiḋ go Sebulun don táoiḃ ó ḋeas, agus roiġiḋ go Haser don táoiḃ ṡíar, agus go Iúdah ar Iordan leaṫ ré héirġe gréine.

35 Agus is íad na caiṫreaċa daingne. Siddim, Ser, agus Hammat, agus Racat, agus Cinneret,

36 Agus Adamah, agus Ramah, agus Hásor,

37 Agus Cedes, agus Edrei, agus Enhasar,

38 Agus Iron, agus Migdal‐el, Hórem, agus Betanat, agus Bet‐semes; náoi gcaiṫreaċa déug gun a mbailtiḃ.

39 Sí so oiġreaċd ṫreiḃe ċloinne Naṗtali do réir a muinntear, a ccaiṫreaċa agus a mbailte.

40 ¶ Agus ṫáinic an seaċdṁaḋ crannċar amaċ do ṫreiḃ ċloinne Dan do réir a muinntear.

41 Agus do buḋ é cósta a noiġreaċda, Sorah, agus Estaol, agus Irsémes,

42 Agus Saalabbin, agus Aialon, agus Ietlah,

43 Agus Elon, agus Timnatah, agus Ecron,

44 Agus Elteceh, agus Gibbeton, agus Baalat.

45 Agus Iehud, agus Bene‐berac, agus Gat‐rimmon.

46 Agus Me‐iarcon, agus Racon maille ris an teóruinn as coinne Iaṗo.

47 Agus do ċuáiḋ cósta ċloinne Dan amaċ ró ġann dóiḃ: uime sin do ċuádur clann Dan súas do ṫroid a naġaiḋ Lesem, agus do ġaḃadar í, agus do ḃúailiodar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṡealḃuiġeadar í, agus do áitreaḃadar innte, agus do ġoireadar do Lesem, Dan, do reír anma a naṫar Dan.

48 Sí so oiġreaċd ṫreiḃe ċloinne Dan do reír a muintear, na caiṫreaċaso gun a mbailtiḃ.

49 ¶ A núair do ċuireadar críoċ ar roinn a nfearuinn mar oiġreaċd lé na tteórannuiḃ, ṫugadar clann Israel oiġreaċd do Iosua ṁac Nun na measc:

50 Do réir ḟocail an TIĠEARNA ṫugadar an caṫair do íarr se ḋo, mar atá Timnat‐serah a slíaḃ Eṗraim: agus do ṫóg sé an ċaṫair, agus do ċoṁnuiġ innte.

51 Síad so na hoiġreaċda, do ranu Eleásar an sagart, agus Iosua ṁac Nun, agus cinn aiṫreaḋ ṫreiḃe ċloinne Israel, mar oiġreaċd le crannċar a Síloh a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ. Mar sin do ċrioċnuiġeadar roinn na tíre.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan