Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. An tabernacuil ag Sílo. 2 An ċuid oile do Ċanaan rannta a seaċd codċaiḃ. 11 Cuid ronna Beniamin, ann a raiḃ Ierusalem.

1 Agus do ċruinniġ coṁċruinniuġaḋ iomlán ċloinne Israel a ḃfocair a ċéile a Sílo, agus do ċuireadur súas tabernacuil an ċoṁċruinniġ ann sin. Agus do claóiḋeaḋ an dúiṫċe rompa.

2 ¶ Agus do ḃádar a measc ċloinne Israel seaċd ttreaḃa, naċ ḃfuáir a noiġreaċd.

3 Agus a duḃairt Iosua re cloinn Israel, Cá fad atáṫaoi tláiṫ do ḋul do ṡealḃuġaḋ na dúiṫċe, noċ ṫug an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ ḋaóiḃ?

4 Tugaiḋ amaċ eadruiḃ tríur fear as gaċ aoin treiḃ: agus cuirfe misi uáim íad, agus éireoċuid síad, agus raċaid ṫríd an tír, agus tarruinġeoċuid í do réir a noiġreaċda; agus tiocfaid a rís ċugamsa.

5 Agus roinnfid síad a seaċd ccuid í: fanfuiḋ Iúdah ann a gcósta ó ḋeas, agus fanfuiḋ Ióseṗ ann a gcósta ó ṫuáiġ.

6 Roinnfiḋe ar a naḋḃarsin an dúiṫċe iona seaċd ccotċaiḃ, agus do ḃéarṫaoi an roinn ċugamsa annso, ċor go tteilgfe mé crainn daóiḃ annso a ḃfíaḋnuisi ḃur TTIĠEARNA Dé.

7 Aċ ni ḃfuil roinn ag na Leḃítiḃ eadruiḃ; óir sí sagartaċd an TIĠEARNA a noiġreaċdsan: agus fuáir Gad, agus Réuben, agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, a noiġreaċd táoḃ ṫall do Iordan don taóiḃ ṡoir, noċ ṫug Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ.

8 ¶ Agus do éirġiodar na fir, agus do imṫiġeadar rompa: agus do ḟúagair Iosua don ṁuinntir do ċuáiḋ do ṁeas an nfearuinn, ġa ráḋ, Eírġiḋe agus siuḃlaiḋe ṫríd an dúiṫċe, agus measuiḋ í, agus tigiḋ ċugamsa a rís, lé tteilgfe mé crainn ann so ḋíḃ a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA a Síloh.

9 Agus do imṫiġeadar na fir agus ċúadar ṫríd an ttír, agus do ṁeasadar í ó ċaṫair go caṫair a seaċd gcotċaiḃ ann a leaḃar, agus tangadar a rís go Iosua don tsluaiġ a Síloh.

10 ¶ Agus do ṫeilg Iosua crainn dúiḃ a Síloh a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA: agus annsin do roinn Iosua an ḟearann ar ċloinn Israel do réir a ronna.

11 ¶ Agus ṫug sé amaċ crannċair ṫreiḃe ċloinne Beniamin do réir a muinntear: agus táinic cósta a ccranċar amaċ idír ċloinn Iúdah agus ċloinn Ióseṗ.

12 Agus do ḃí a ttéora don taóiḃ ṫuáiġ ó Iordan; agus do ċuáiḋ an téora súas go taóiḃ Ieriċo don taoíḃ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ súas ṫríd na sléiḃtiḃ don táoiḃ ṡíar; agus do ḃí a dula amaċ sin ag fásaċ Ḃet‐aḃen.

13 Agus do ċuáiḋ an téora ann sin leaṫ re Lus, go taoiḃ Lus, (noċ ar bé Betel), buḋ ḋeas; agus ṫáinic an téora a núas go Hatarot‐adar, láiṁ ris an gcnoc atá don taóiḃ ó ḋeas do Ḃeṫóran íoċdaraċ.

14 Agus do tairrngeaḋ an téora as sin, agus do ṫimċill sí coirneal na fairge buḋ ḋeas, ón ċnoc atá as coinne Ḃeṫóron buḋ ḋeas; agus do ḃádar a dula amaċ sin ag Ciriat‐baal, (noċ ar bé Ciriat‐iearim), caṫair lé cloinn Iúdah: do buḋ í so an ċeaṫraṁ ṡíar.

15 Agus do ḃí an ċeaṫraṁa buḋ ḋeas ó ċionn Ċiriat‐iearim, agus do ċuáiḋ a téora amaċ ar an ttaóiḃ ṡíar, agus do ċuáiḋ amaċ go tobar na nuisgeaḋ ag Neṗtoah:

16 Agus táinic an téora anúas go cionn an tsléiḃe atá as coinne ġlinn ṁic Hinnom, agus noċ atá a ngleann na naiṫeaċ buḋ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ sios go gleann Hinnom, go táoḃ Iebusi buḋ ḋeas, agus do ċuáiḋ síos go Henrogel,

17 Agus do ḃí tairngṫe ón ttáoiḃ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ amaċ go Hensemes, agus do ċuáiḋ amaċ leaṫ ré Gelilot, noċ atá as coinne ḋula súas Adúmmim, agus do ċuáiḋ síos go cloiċ Ḃohan ṁic Reuben,

18 Agus do ṡín ar fad ṫall as coinne Arabah buḋ ṫuáiġ, agus do ċuáiḋ síos go Harabah:

19 Agus do ṡín an téora ar fad go táoḃ Ḃet‐oglah bu ṫuaiġ: agus do ḃí dul amaċ na téorann ar ċúain buḋ ṫuáiġ na fairge sailte ag an gcéann buḋ ḋeas do Iordan: do buḋ é so an cósta ó ḋeas.

20 Agus do bé Iordan a ṫéora sin don taóiḃ ṡoir. Dob í so oiġreaċd ċloinne Beniamin, le na gcóstuiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir a muinntear.

21 ¶ Annois dob íad so caiṫreaċa ṫreiḃe ċloinne Beniamin do réir a muinntear Ieriċo, agus bet‐hoglah, agus gleann Cesis,

22 Agus Bet‐harabah, agus Semaraim, agus Betel,

23 Agus Aḃim, agus Párah, agus Oṗrah,

24 Agus Ċeṗar‐haammonai, agus Oṗni, agus Gába; ḋá ċaṫruiġ ḋéag gun a mbailtiḃ:

25 Gibeon, agus Rámah, agus Beerot,

26 Agus Mispeh, agus Ċeṗirah, agus Mosah,

27 Agus Recem, agus Irpeel, agus Taralah,

28 Agus Selah, Eleṗ, agus Iebusi, eaḋon Ierusalem, Gibeat, agus Ciriat; ceiṫre caiṫreaċa deúg gun a mbailtiḃ. Sí so oiġreaċd ċloinne Beniamin do reír a muinntear.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan