Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVII. Crannċar leṫ ṫreiḃ oile Ṁanasseh. 4 Agus inġeana Seloṗehad.

1 Do ḃí mar an cceadna cuid ronna ag treiḃ Ṁanasseh; oir do bé céadṁac Ióseṗ é; do Ṁáċair ceidġin Ṁanasseh, aṫair Ġílead: do ċionn gur bḟear coguiḋ é, uíme sin fúair se Gilead agus Básan.

2 Do ḃí mar an ccéadna cuid ronna don ċuid oile do ċloinn Ṁanasseh do reir a muinntear; do ċloinn Abieser, do ċloinn Helec, agus do ċloinn Asriel, agus do ċloinn Ṡeċem, agus do ċloinn Heṗer, agus do ċloinn Ṡemida: dob íad so clann ḟearḋa Ṁanasseh ṁic Ióseṗ do réir a muintear.

3 Aċt ag Seloṗehad, ṁac Heṗer, ṁic Gilead, ṁic Maċir, ṁic Manasseh, ní raḃadar mic, aċd inġeana aṁáin aige: agus is íadse anmanna a inġean, Mahlah, Noah, Hoglah, Milcah, agus Tirsah.

4 Agus tangadar annsin a laṫair Eleasar an sagairt, agus a laṫair Iosua ṁic Nun, agus a laṫair a bpriónsaḋa, ġa ráḋ, Do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoise oiġreaċd do ṫaḃairt dúinne a measc ar ndearḃraiṫreaḋ. Uimesin do réir aiṫeanta an TIĠEARNA ṫug sé oiġreaċd dóiḃ a measc ḋearḃraṫar a naṫar.

5 Agus do ṫuit deiċ ccoda ċum Manasseh, táoḃ amuiċ dfearann Ġíléad agus Básan, noċ ḃí ar an ttaóiḃ oile do Iordan;

6 Do ḃríġ go ḃfúaradar ínġeana Ṁanasseh oiġreaċd a measc a ṁac: agus go ḃfúaradar an ċuid oile do ṁacaiḃ Ṁanasseh fearann Gilead.

7 ¶ Agus do ḃí cósta Ṁanasseh ó Aser go Miċmetah, atá as coinne Ṡeċem; agus do ċuáiḋ an téora air fad ar an láiṁ ḋéis go dúṫċusaiḃ En‐tappuah.

8 Annois fúair Manasseh fearann Tappuah: aċd Taṗuah ar imeal Ṁanasseh do buḋ lé cloinn Eṗraim é;

9 Agus do ċuáiḋ an cósta síos go srúṫ Canáh, buḋ ḋeas ó naḃuinn: atáid na caiṫreaċasa Eṗraim a measc ċaiṫreaċ Ṁanasseh: do ḃí cósta Ṁanasseh mar an gcéadna air an taóiḃ ó ṫuáiġ do naḃuinn, agus do ḃádar a ndula amaċ ag an ḃfairge:

10 Ba le Eṗraim buḋ ḋeas, agus ba le Manasseh buḋ ṫuáiġ, agus sí an nfairge a ṫéora; agus tárla le ċéile íad ag Aser buḋ ṫuáiġ, agus a Nissaċar ṡoir.

11 Agus fúair Manasseh a Nissaċar agus a Naser Betsen agus a bailte, agus Ibleam agus a bailte agus dúṫċusaiġ Dor agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Endor agus a baílte, agus dúṫċusaiġ Taanaċ agus a bailte, agus dúṫċusaiġ Megiddo agus a bailte, trí tíorṫa.

12 ¶ Giḋeaḋ níor ḟéadadar clann Ṁanasseh dúṫċusaiġ na gcaiṫreaċsin do ḋibirt amaċ; aċd do ċoiṁneoċaidís na Canaanítiġ annsa ḃfearannsin.

13 Giḋeaḋ tárla, a nuáir do ḟásadar clann Israel láidir, gur ċuireadar na Canaanítiġ fá ċíos; aċd níor ḋíbreadar amaċ go hiomlán íad.

14 ¶ Agus do laḃradar clann Ioseṗ re Iosua, ḋá ráḋ, Cred as naċ ttug tú ḋamsa aċd éanċuid ronna agus éanċrannċair aṁáin a noiġreaċd, ó táim mórán daóine, do ḃríġ gur ḃeannuiġ an TIĠEARNA mé go ttí so?

15 Agus do ḟreagair Iosua íad, Má tá tú mórán daóine, éirġiḋe súas don tír ċoillteaṁuil, agus gearr síos duit féin annsin a nduiṫċe na Bperisíteaċ agus na naiṫeaċ, má tá slíaḃ Eṗraim ro ċuṁang agad.

16 Agus a duḃradar clann Ioseṗ, Ní lór an cnoc ḋúinn: agus ṫairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítiġ uile áitreaḃas a ḃfearann an ġleana, ag an luċd atá do Ḃetsean gun a bailtiḃ, agus an luċd atá do ġleann Iesreel.

17 Agus do laḃair Iosua re tiġ Ióseṗ, re Heṗraim agus re Manasseh, ġa ráḋ, Is daóine móra siḃsi, agus atáid cuṁaċda móra aguiḃ: ní táoḃa ré éanċuid aṁáin ḃías tú:

18 Aċt buḋ leaċd an slíaḃ; óir is coill é, agus gearrfa tú síos í: agus buḋ leaċd a dula amaċ: óir cuirfiḋ tú na Canaanítiġ amaċ, bíoḋ go ḃfuílid carbaid íaruinn aca, agus bíoḋ go ḃfuilid láidir.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan