Iosua 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Crannċar ċloinne Eṗraim. 10 Ag a raiḃ na Canaanitiġ fáoi áirdċíos. 1 Agus do ṫuit crannċar ċloinne Ióseṗ ó Iordan láiṁ ré Iériċo, go huisge Ieriċo táoḃ ṡoir, gus an ḃfásaċ ṫéid suas ó Ieriċo ar feaḋ ṡléiḃe Bétel, 2 Agus ṫeíd amaċ ó Ḃetel go Lus, agus ṫeíd ar fad go teórannuiḃ Arċi go Hatarot, 3 Agus ṫeíd síos a taoḃ ṡíar go cósta na Iaṗleteaċ, go nuige cósta Ḃetóron ioċtaraċ, agus go Geser: agus ataíd a ndula amaċ sin ag an ḃfairge, 4 Marsin do ġlacadar clann Ióseṗ, a noiġreaċd, Manasseh agus Eṗráim. 5 ¶ Agus is marso do ḃí teóra ċloinne Eṗraim do reír a muinntear: eaḋon teóra a noiġreaċda ar an ttáoiḃ ṡoir do bé Atarot‐addar, go Betóron uaċdaraċ; 6 Agus do ċúaiḋ an teóra amaċ leaṫ ris an ḃfairge go Miċmetah ar an ttaoiḃ ṫuáiġ; agus do ċuáiḋ an teóra timċioll don táoiḃ ṡoir go Taanat‐síloh, agus do ċúaiḋ láiṁ ris air a noirṫear go Ianohah; 7 Agus do ċuáiḋ sin ó Ianohah go Hatarot, agus go Naarat, agus táinic go Ieriċo, agus do ċuaiḋ amaċ ag Iordan. 8 Do ċúaiḋ an teóra amaċ ó Ṫappuah don táoiḃ ṡíar go sruṫ Canah; agus do ḃí a ndula amaċ ag an ḃfairge. Sé so oiġreaċd ṫreiḃe ċloinne Eṗraim do réir a muinntear. 9 Agus na caiṫreaċa leiṫreaċuis do ċloinn Eṗraim do ḃádar a measc oiġreaċda ċloinne Manasseh, na caiṫreaċa uile gun a mbailtiḃ. 10 ¶ Agus níor ḋíbir siad amaċ na Cananítiġ do ċoṁnuiġ a Ngéser: aċd do áitreaḃadar na Cananítiġ a measc na Neṗraimíteaċ gus a niuġ, agus foġnuid faoi áirdċíos dóiḃ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society