Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 15 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XV. Crannċar ċloinne Iudah. 16 An fearann do fuair Otniel le Aċsa inġean Ċaleb.

1 Aċ do ḃí crannċar ṫreiḃe ċloinne Iúdah do réir a muintear; air fad go himiol Edom fásaċ Sin air a ttáoḃ ó ḋeas do bé an foirimiol é don taoḃ ó ḋeas.

2 Agus do buḋ í a ttéora ḋeas ó ṫráiġ na fairge sailte, ón ċúan ḟéaċus a ttáoḃ ó ḋeas:

3 Agus do ċuáiḋ amaċ don taóiḃ ó ḋeas go Maaleh‐acrabbim, agus ráinic ar fad go Sin, agus do ċúaiḋ súas don taóiḃ ó ḋeas go Cades‐barneá, agus ráinic ar fad go Hesron, agus do ċúaiḋ súas go Hádar, agus tug timċiollaḋ go Carcaa:

4 As sin do ċuáiḋ leaṫ re Hasmon, agus do ċuáiḋ amaċ go sruṫ na Hégipte; agus do ḃádar dul amaċ an ċósta sin ag a nfairge: buḋ é so ḃur gcósta ó ḋeas.

5 Agus do buḋ í a nfairge ṡailte an téora ṡoir, eaḋon go bárr Iordan. Agus do buḋ í a ttéora ansa ċeaṫraṁuin ṫuáiġ ó ċúan na fairge ag an ccuid is faide uáit do Iordan:

6 Agus do ċuáiḋ an téora súas go Bet‐ogla, agus do ċuáiḋ ar fad tuáisgeirt Ḃet‐arabah; agus do ċuáiḋ an teóra súas go cloiċ Ḃohan ṁic Reuben:

7 Agus do ċuáiḋ an téora súas leaṫ ré Debir ó ġleann Aċor, agus marsin buḋ ṫuáiġ, ag féaċuin leaṫ ré Gilgal, atá roiṁe ḋul súas go Haddummim, noċ atá táoḃ ó ḋeas don tsruṫ: agus do ċuáiḋ an téora leaṫ ré huisgiḋiḃ En‐semes, agus do ḃádar a ndula amaċ sin ag En‐rogel.

8 Agus do ċúaiḋ an téora súas ag gleann ṁac Hinnom don taóiḃ ó ḋeas don Iebusíteaċ; sé sin féin Ierusalem: agus do ċuáiḋ an téora súas go mullaċ an tsléiḃe atá as coinne ġlinn Hinnom táoḃ ṡíar, noċ atá ag éadan ġlinne na naiṫeaċ huḋ ṫuáiġ:

9 Agus do táirrngioḋ an téora ó ṁullaċ an ċnuic go nuige tobar uisge Neṗtoah, agus do ċuáiḋ amaċ go caiṫreaċaiḃ ṡléiḃe Eṗron; agus do ṫáirngeaḋ an téora go Báalah noċ ar bé Ciriat‐Iarim:

10 Agus táiníc an téora timċioll ó Ḃaalah táoḃ ṡíar go slíaḃ Seir, agus ráinic ar fad go táoḃ ṡléiḃe Iearim (noċ annois is Ċesalon), don taóiḃ ó ṫuáiġ, agus ċuáiḋ síos go Bet‐semes, agus ráinic as sin go Timnah:

11 Agus do ċuáiḋ an téora amaċ re táoḃ Ecron buḋ ṫuaiġ: agus do táirngeaḋ an téora go Sicron, agus ráinic ar fad go slíaḃ Baalah, agus do ċúaiḋ amaċ go Iabneel; agus do ḃádar a dula amaċ na teorann ag an ḃfairge.

12 ¶ Agus do ḃí an téora ṡíar gus na ḃfairge ṁóir, agus gus a cósta sin. Is é so cósta ċloinne Iúdah timċioll fa gcuáirt do réir a ṁuintear.

13 Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.

14 Agus do ḋíbir Cáleb as sin triúr mac Anac, Sesai, agus Ahiman, agus Talmaí, clann Anac.

15 Agus do ċuáiḋ sé súas as sin go dúṫċusaiḃ Debir: agus dob é ainm Debir roiṁe sin Ciriat‐seṗer.

16 ¶ Agus a dúḃairt Cáleb, An té ḃuailfios Círiat‐seṗer, agus ġéaḃus í, is do ḃéara mé Aċsah minġion na mnaói.

17 Agus do ġaḃ Otniel ṁac Cenas, dearḃraṫair Ċáleb í: agus ṫug sé Aċsah a inġean na mnaói ḋó.

18 Agus tárla, a nuáir ṫáinic sí ċuige, gur ċoir sí faói maċaire díarruiḋ ár a haṫair: agus do ṫuirling sí dá hassal; agus a duḃairt Cáleb ría, Cred dob áil leaċd dfaġáil?

19 Ann sin a duḃairt sisi, Taḃair beannaċd daṁ; óir ṫug tú fearann tirm ḋaṁ; taḃair ḋaṁ mar an ccéadna toibreaċa uisge. Agus ṫug sé ḋi na toibreaċa úaċdaraċ, agus na toibreaċa ioċdaraċ.

20 Sí so oiġreaċd ṫréiḃe ċloinne Iúdah do réir a muinntear.

21 ¶ Agus na caiṫreaċa do bfaíde amaċ do ṫréiḃ ċloinne Iúdah leaṫ ré costa Edom táoḃ ó ḋeas do bíad Cabseel, agus Eder, agus Iagur,

22 Agus Cínah, agus Dimónah, agus Adadah,

23 Agus Cedes, agus Háror, agus Iṫnan,

24 Siṗ, agus Telem, agus Bealot,

25 Agus Hasor, Hadattah, agus Ceriot, agus Hesron, noċ ar bé Hásor,

26 Amán, agus Séma, agus Moladah,

27 Agus Hasar‐gaddah, agus Hesmon, agus Bit‐palet,

28 Agus Hasar‐súal, agus Beer‐séba, agus Besiotiah,

29 Balah, agus Iím, agus Asem,

30 Agus Eltolad, agus Ċesil, agus Hormah,

31 Agus Siclag, agus Madmannah, agus Sansannah,

32 Agus Lebaot, agus Silhim, agus Ain, agus Rimmon: na caiṫreaċa uile, fiċṫe agus a naoi, gun a mbailtiḃ:

33 Agus annsa ġleann, Estaol, agus Sorean, agus Asnah,

34 Agus Sanoah, agus Engannim, Tapuah, agus Enam,

35 Iarmut, agus Adullam, Socoh, agus Asecah,

36 Agus Saraim, agus Aditaim, agus Géderah, agus Gederotaim; ceiṫre caiṫreaċa déug gun a mbailtiḃ:

37 Senan, agus Hadásah, agus Migdalgad,

38 Agus Dilean, agus Mispeh, agus Iocteel,

39 Laċis, agus Boscat, agus Eglon,

40 Agus Cabbon, Lahmam, agus Citlis,

41 Agus Gederot, Bet‐dagon, agus Nanmat, agus Macedah; sé caiṫreaċa déag gun a mbailtiḃ:

42 Lebnah, agus Eter, agus Asan,

43 Agus Iiṗta, agus Asnah, agus Nesiḃ,

44 Agus Ceilah, agus Aċsib, agus Maresah; naoi gcaiṫreaċa gun a mbailtiḃ:

45 Ecron, gun a ḃailtiḃ, agus a ġráganuiḃ:

46 O Ecron ar fad go nuige a nḟairge, an ṁéid do ḃí a ḃfogus Asdod, gun a mbailtiḃ:

47 Asdod gun a bailtiḃ, agus gun a gráganuiḃ, Gása gun a bailtiḃ, agus gun a grágannuiḃ, go sruṫ na Hegipte, agus a nfairge ṁór, agus a téora:

48 Agus ánnsna sléiḃtiḃ, Samir, agus Iatir, agus Socoh,

49 Agus Dannah, agus Ciriat‐sannah, noċ ar bé Débir,

50 Agus Anab, agus Estemoh, agus Anim,

51 Agus Gossen, agus Holon, agus Giloh; éanċaṫair déag gun a mbailtiḃ:

52 Arab, agus Dumah, agus Esċean,

53 Agus Ianum, agus Bet‐tappuah, agus Aṗecah,

54 Agus Humtah, agus Círiat‐arba (noċ ar bé Hébron,) agus Sior; naói gcaiṫreaċa gun a mbailtiḃ:

55 Maon, Carmel, agus Siṗ, agus Iutah,

56 Agus Iesreel, agus Iocdeam, agus Sanoah,

57 Cáin, Gibeah, agus Timnah; deiċ ccaiṫreaċa gun a mbailtiḃ:

58 Halhúl, Bet‐sur, agus Gédor,

59 Agus Maarat, agus Betanot, agus Eltecon; sé caiṫreaċa gun a mbailtiḃ:

60 Círiat‐baal, noċ ar ḃé sin Círiatiearim, agus Rabbah; ḋá ċaṫruiġ gun a mbailtiḃ:

61 Ann sa ḃfásaċ, Betarabah, Middin, agus Secacah,

62 Agus Nibsan, agus caṫair an Tsalninn, agus Engedi; sé caiṫreaċa gun a mbailtiḃ.

63 ¶ Agus ar son na Iebusíteaċ dúṫċusaiġ Ierusalem, níor ḟéad clann Iúdah a ndíbirt amaċ: aċd aítreaḃuid na Iebusitiġ maille re cloinn Iúdah ann Ierusalem gus a niuġ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan