Iosua 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XIV. Cuid ronna Ċaleb. 1 Agus is íad so na tíorṫa do buḋ oiġreaċd do ċloinn Israel a ttír Ċanaáín, noċ do roinn Eleasar an sagart, agus Iosua mac Nun, agus cinn aiṫreaċd ṫreaḃ ċloinne Israel, mar oiġreaċd dóiḃ. 2 Le crannċar do ḃí a noiġreaċd, mar do aiṫin an TIĠEARNA lé láiṁ Ṁaóise, dona náoi treaḃuiḃ, agus don leiṫṫreiḃ. 3 Oír ṫug Maóise oiġreaċd ḋá ṫreiḃe agus leiṫṫreiḃ uaḋ ar an ttáoiḃ oile do Iordan: aċd do na Leḃítiḃ ní ṫug sé oiġreaċd na measg. 4 Oír do ḃádar clann Ioseṗ na dá ṫreiḃ, Manasseh agus Eṗraim: ar a naḋḃarsin ní ṫugadar roinn ar biṫ do na Leḃitiḃ annsa tír, aċd caiṫreaċa do ċoṁnuiḋe ionta, maille re na ḃfoḃailtiḃ dá náirnéis agus da máoin. 5 Mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁáoíse, is marsin do rinneadar clann Israel, agus do roinneadar an dúiṫċe. 6 ¶ Annsin tangadar clann Iúdah go Iosuah a Ngilgal: agus a duḃairt Caléb ṁac Ieṗunneh an Cenesíteaċ ris, Atá a ḟios agad an ní a duḃairt an TIĠEARNA re Máoise óglaċ Dé dom ṫáoḃsa agus dot ṫaoḃsa ann Cades‐barnea. 7 Ceaṫraċad blíaġan dáois do ḃí misi a nuair do ċuir Máoise óglaċ an TIĠEARNA ó Ċades‐barnea mé do ḃraṫ na tíre; agus ṫug mé scéula liom a rís ċuige mar do ḃí an mo ċroiḋe. 8 Aċt ċeana mo ḋearḃráiṫre do ċuáiḋ súas tugadar ar croiḋe na ndáoine leaġaḋ: aċd do lean misi go hiomlán mó ṪIĠEARNA Día. 9 Agus do ṁionnuiġ Máoise an lá sin, ġá ráḋ, Go deiṁin biáiḋ an fearann air ar ṡaltuir do ċosa na oíġreaċd agadsa, agus ág do ċloinn go bráṫ, do ḃríġ gur lean tu go hiomlán mo ṪIĠEARNA Día. 10 Agus féaċ, a nois, do ċoinnuiṁ an TIĠEARNA béó mé, mar a duḃairt sé, na cúig ḃlíaḋna agus dá ḟiṫċiod so, eaḋon ó laḃair an TIĠEARNA an focalso re Máoise, an feaḋ do ḃádar elann Israel ar seaċran sán ḃfásaċ: agus a nois, ċeana, atáim a niuġ ceiṫre fiṫċid agus cúig blíaḋna daóis. 11 Atáim fós coṁláidir a niuġ, agus do ḃí mé an lá do ċuir Maoíse úaḋ mé: mar do ḃí mo neart an tansin, is aṁluiḋ atá mo neart annois, do ḋéanaṁ cogaiḋ, agus do ḋul amaċ, agus a steaċ. 12 Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋaṁ an slíaḃso, dar laḃair an TIĠEARNA san lásin; óir do ċúala tú an lá sin mar do ḃádar na Hanacimiġ annsin, agus go raḃadar na caiṫreaċa mór daingion: má ḃíonn an TIĠEARNA liom, tiucfa ḋíom ar a ccur amaċ, mar a duḃairt an TIĠEARNA. 13 Agus do ḃeannuiġ Iosua é, agus ṫug do Ċaleb ṁac Ieṗunneh Hébron mar oiġreaċd. 14 Ṫáinic Hebron ar a naḋḃarsin ċum ḃeiṫ na hoiġreaċd ag Caleb mac Ieṗunneh an Cenesiteaċ gus a niuġ, do ḃríġ gur lean sé go hiomlán an TIĠEARNA Día Israel. 15 Agus do bé ainm Hébron roiṁe sin Círíat‐arba; noċ Arba ḃi na ḋuine mór a measc na Nanacimeaċ. Agus do ḃí suaiṁneas ó ċogaḋ ag an dúiṫċe. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society