Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Cuid ronna Reuben. 24 Gad, 29 agus leíṫ ṫréiḃ Ṁanasseh.

1 Annois do ḃí Iosua sean, agus ársuiḋ, a mblíaḋnuiḃ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Atá tusa foirfe agus ársuiḋ a mbliaġnuiḃ, agus atá fós roṁóran talṁan re sealḃuġaḋ.

2 Sé so fearann atá fós ré a ḃuain amaċ: imle na Ḃfilistíneaċ uile, agus Gesúri go hiomlán,

3 O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ:

4 On taóiḃ ó ḋeas, dúiṫċe na Gcanaaníteaċ uile, agus Méarah atá re táoḃ na Sidoníanaċ, go Haṗec, go himliḃ na Namoriteaċ:

5 Agus dúṫaiġ na Ngibliteaċ, agus Lebanon uile, leaṫ re héirġe gréine, ó Ḃaalgad faói ṡlíaḃ Hermon go dul a steaċ go Hamat.

6 Dúṫċusuiġ ṫíre na ccnoc uíle ó Lebanon go Misrepot‐maim, agus na Sidónianuiġ uile, cuirfe mé íad sin amaċ roiṁe ċloinn Israel: aṁaim roinnsi le crannċar é do Israel mar oiġreaċd, mar do aiṫin misi ḋíot.

7 Annois ar a naḋḃarsin rannsa an feárannso mar oiġreaċd idir na náoi ttreaḃuiḃ, agus leiṫṫreiḃ Ṁanasseh,

8 Oír is mar áon ríu do ġaḃadar na Reubenítiġ agus na Gadítiġ a noiġreaċd, noċ ṫug Máoise ḋoiḃ, taoḃ ṫall do Iordan leaṫ ṡoir, eaḋon mar ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋóiḃ;

9 O Aroer, atá ar ḃrúaċ na haḃanna Arnon, agus an ċaṫair atá a lár na haḃánna, agus réiteaċ Ṁedeba uile go Díbon;

10 Agus uile caiṫreaċa Ṡihon ríġ na Namoríteaċ, noċ do ríaġluiḋ ann Hesbon, go teóruinn ċloinne Ammon;

11 Agus Gílead, agus teóra na Ngesuriteaċ agus na Maaċatíteaċ, agus slíaḃ Hermon uile, agus Basan uile go Sálcah;

12 Agus rioġaċd Og uile a Mbásan, noċ ba ríġ ann Astárot agus an Edrei, noċ do ṁair dfuiġioll na naiṫeaċ: óir is íadso do ḃúail Máoisi, agus do ṫeilg sé amaċ.

13 Giḋeaḋ níor scriosadar clann Israel na Gesurítiġ, ná na Maaċatitiġ: atáid na Gesurítiġ agus na Maaċátitiġ na gcoiṁnuiġe a measc Israel gús a niuġ.

14 Aṁáin do ṫreiḃ Léḃí ní ṫug sé oiġreaċd; sé a noiġreaċdsan ioḋbarṫa an TIĠEARNA Dé Israel déanta lé teiniḋ, mar a duḃairt sé ríu.

15 ¶ Agus ṫug Máoise do ṫreiḃ ċloinne Réuben oiġreaċd do réir a muintear.

16 Agus do bé a tteóra ó Aroer, atá ar ḃrúaċ na haṁanna Arnon, agus an caṫriġ atá a lár na haṁanna, agus réiteaċ Ṁedéba uile;

17 Hesbon, agus a caiṫreaċa uile atá annsa reiteaċ; Díbon, agus Bamot‐baal, agus Bet‐baal‐meon,

18 Agus Iahasah, agus Cedemot, agus Meṗaat,

19 Agus Círiataim, agus Sibmah, agus Saretsahar a slíaḃ an ġleanna,

20 Agus Betpeor, agus Asdot‐pisgah, agus Bet‐iesimot,

21 Agus caiṫreaċa an réitiġ uile, agus rioġaċd Sihon ríġ na Namoríteaċ uile, noċ do rioġuiḋ ann Hesbon, noċ do ḃúail Máoisi maille re prionsaḋuiḃ Mídian, Eḃi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, duiḃciḋe Sihon, dáitreaḃuiḋ annsa tír.

22 Balaam fós ṁac Beor, an fear fáistine, noċ do ṁarḃadar clann Israel leis an gcloiḋeaṁ a measc an ṁeíd do ṁarḃaḋ leó.

23 Agus do bí téora ċloinne Reuben Iordan, agus a bruaċ. Do bí so oiġreaċd ċloinne Reuben do reír a muintear, a ccaiṫreaċa agus a mbailte.

24 ¶ Agus ṫug Máoise oiġreaċd do ṫreiḃ Gad, eaḋon do ċloinn Ġad do réir a muintear.

25 Agus do bé a tteóra Iaser, agus caiṫreaċa Ġílead uile, agus leaṫ dúiṫċe ċloinne Ammon, go Haroer atá ás coinne Raabah;

26 Agus ó Hesbon go Ramat‐mispeh, agus go Betonim; agus ó Ṁahanaim go brúaċ Debir;

27 Agus annsa ġleann, go Betaram, agus Betnimrah, agus Succot, agus Saṗon an ċuid oile do rioġaċd Ṡihon ríġ Hesbon, Iordan agus a bruaċ, eaḋon go húir ḟairge Ċinnerot ar an ttáoḃ oile do Iordan leaṫ ṡoir.

28 Si so oiġreaċd ċloinne Gad do reír a muinntear, agus a ccaiṫreaċa, agus a mbáilte.

29 ¶ Agus ṫug Máoise oiġreaċd do leṫṫreiḃ Ṁanasseh: agus do bé so sealḃ leiṫṫreiḃe Ṁanasseh do reír a muintear.

30 Agus dob í a tteóra ó Ṁahanaim, Básan uile, rioġaċd Og ríġ Básan uile, agus bailte Iair uile, noċ atá ann Básan, trí fiċṫid caṫair:

31 Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.

32 Siad so na tíorṫa do rann Máoise mar oiġreaċd a réiteaċ Moab, don táoiḃ oile do Iordan, láiṁ ré Ieriċo, leaṫ ṡoir.

33 Aċt do ṫreiḃ Leḃi ni ṫug Máoise oiġreaċd air biṫ: Do be an TIĠEARNA Día Israel a noiġreaċdsan, mar a duḃairt sé riú.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan