Iosua 12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XII. An dá ríġ taoiḃ ṡoir Iordan do ḃuail Maoise, 7 ríġṫe 31 do ḃuail Iosua taóiḃ ṡíar Iordan. 1 Annois is íadso ríġṫe na gcríoċ, do ḃuáil clann Israel, agus dar ṡealḃuiġeadar a ḃfearann ar an taoḃ oile do Iordán leaṫ ré héirġe na gréine, ó naḃuinn Arnon go sliaḃ Hermon, agus an réiteaċ uile ar an ttaóiḃ ṡoir: 2 Sihon ríġ na Námoríteaċ, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus do ríaġluiḋ ó Aroer, noċ atá ar ḃrúaċ na haḃann Arnon, agus ó lár na haḃann, agus ó leaṫ Ġílead, gus a naḃuinn Iabboc, noċ bá téora ċloinne Ammon; 3 Agus ón réiteáċ go fairge Ċinerot ar an ttaoḃ ṡoir, agus go fairge an réitiġ, eaḋon a nfairge ṡailte taoḃ ṡoir, an tsliġe go Bet‐iesimot; agus ón taoḃ ó ḋeas, faói Asdot‐pisgah: 4 Agus cósta Og ríġ Básan, noċ do ḃí dfuiġioll na naiṫeaċ do áitreaḃ an Astárot agus ann Edrei, 5 Agus do ríaġluiḋ a slíaḃ Hermon, agus a Salcaċ, agus a Mbásan uile, go hiomal na Ngesuríteaċ, agus na Maaċatíteaċ, agus leaṫ Gilead, téora Ṡihon ríġ Hesbon. 6 Do ḃuáil Maóise óglaċ an TIĠEARNA agus clann Israel íadsin: agus ṫug Maóíse óglaċ an TIĠEARNA sin mar ṡeilḃ do na Reubenítiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leiṫṫreaḃ Ṁanasseh. 7 ¶ Agus is íadso ríġṫe na críċe do ḃuáil Iosua agus Israel don taóiḃsi do Iordan taóiḃ ṡíar, ó Ḃaal‐gad a ngleann Lebanon go slíaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir; noċ ṫug Iosua do ṫreaḃuiḃ Israel mar ṡeilḃ do réir a ronna; 8 Annsna sléiḃṫiḃ, agus annsna gleanntuiḃ, agus annsná réitiḃ, agus annsna sroṫuiḃ, agus ansa ḃfásaċ, agus ansa tír ó ḋeas; na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananitiġ, na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebúsítiġ: 9 Ríġ Ieríċo áon; ríġ Aí, noċ atá láiṁ ré Betel, áon; 10 Ríġ Ierusalem, áon; ríġ Hebron, áon; 11 Ríġ Iarmut, áon; ríġ Laċis, áon; 12 Ríġ Eglon, áon; ríġ Geser, áon; 13 Ríġ Debir, áon; ríġ Geder, áon; 14 Ríġ Hormah, áon; ríġ Arad, áon; 15 Ríġ Libnah, áon; ríġ Adullam, áon; 16 Ríġ Macedah, áon; ríġ Betel, áon; 17 Ríġ Ṫappuah, áon; ríġ Heṗer, áon; 18 Ríġ Aṗec, áon; ríġ Lasáron, áon; 19 Ríġ Mádon, áon; ríġ Hásor, áon; 20 Ríġ Simron‐meron, áon; ríġ Aċsaṗ, áon; 21 Ríġ Taanaċ, áon; ríġ Megiddo, áon; 22 Ríġ Cedes, áon, ríġ Iocneam ó Ċarmel, áon; 23 Ríġ Dor a gcósta Dor, áon; riġ ċineaḋaċa Ġilgal, áon; 24 Ríġ Ṫirsah, áon; na ríġṫe uile, tríoċad agus áon. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society