Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

Iosua 11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XI. Taréis tuille ríġṫe, 21 agus aiṫiġ do ṡlioċd Anac do ḃualaḋ ḋóiḃ; 23 Do ġaḃ Iosua an tír do ġeall Día: agus sguir íad do ċogaḋ.

1 Agus tárla, a nuair do ċúaluiḋ Iábin ríġ Ilásor na neiṫesi, gur ċuir sé ċum Ióbab ríġ Madon, agus ċum ríġ Simron, agus go ríġ Aċsaṗ,

2 Agus ċum na ríġṫe do ḃí búḋ ṫuáiḋ ar na sléiḃtiḃ, agus buḋ ḋeas réiteaċ Cinerot, agus ansa ġleann, agus a nimliḃ Dor taoḃ ṡíar,

3 Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.

4 ¶ Agus do ċuadar amaċ, íad féin agus a slóiġ uile maille ríu, moran daóine, mar an ngaineaṁ atá ar ṫráiġe na fairge ar iomadaṁlaċd, maille re marcṡlúaġ agus ro ṁórán carbad.

5 Agus a núair do ċruinniġeadar na ríġṫe sin uile a gcionn a ċéile, tangadar agus do rinneadair coṁnuiġ a ḃfoċair a ċéile ag uisgiḋiḃ Merom, do ṫroid a naġaiḋ Israel.

6 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná bíoḋ eagla ort ar a son súd: óir seaċóduiġ misi a máraċ timċioll na huáiresi íad marḃ uile as coinne Israel: géarrfuiḋ tú a nioscada dá neaċuiḃ, agus loiscfiḋ tú a ccarbuid re teiniḋ.

7 Mar sin ṫáinic Iosua, agus an luċd cogaiḋ uile leis, na naġaíḋ ag uisgiḋiḃ Merom go hobann; agus do ṫiománadar orra.

8 Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad, noċ do ḃuáil íad, agus do ṁaḋmuiġ orra go Sídon ṁóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh ṡoir; agus do ḃuáileadar íad, no gur ḟágḃadar gan áon béo ḋíoḃ.

9 Agus do rinne Iosua riú mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: do ġéarr sé ioscada a neaċ, agus do loisg sé a gearbuid ré teiniḋ.

10 ¶ Agus do ḟill Iosua an tansin ar a ais, agus do ġaḃ Hásor, agus do ḃuáil a ríġ leis an gcloiḋeaṁ: oir do ḃi Hásor roiṁe sin na ceann ar na rioġaċduiḃsin uile.

11 Agus do ḃuaileadar a raiḃ danmannuiḃ inte lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, ga scrios uile: níor fágḃaḋ áon díoḃ do ṫarruing anála: agus do loisg sé Hásor le teiniḋ.

12 ¶ Agus do ġaḃ Iosua caiṫreaċa na ríġṫeaḋ sin uile, agus a ríġṫe uile, agus do ḃuáil íad lé fáoḃar au ċloiḋiṁ, agus do scrios ṫrid amaċ íad, mar do aiṫin Maóise seirḃíseaċ an TIĠEARNA.

13 Aċd ar son na gcaiṫreaċ noċ do ṡéas a gcoṁnuiḋe iona neart, níor lois Israel énċaṫair díoḃ, aċd Hasor aṁáin: do loisg Iosua.

14 Agus tugadar clann Israel léo mar ċreiċ ḋóiḃ féin, uile éadáil, agus áirneis na gcaiṫreaċsin; aċ do ḃúaileadar gaċ uile ḋuine le fáoḃar an ċloiḋiṁ, no gur ḋíoṫlaiṫriġeadar íad, nior ḟágḃadar aon do ṫarruing anála.

15 Mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋá ṡerḃíseaċ Maóise, is mar sin do aiṫin Maóise do Iosua, agus do rinne Iosua mar sin; nior ḟág sé éinní gan déanaṁ do nuile ní do ḟógair an TIĠEARNA do Ṁaóise.

16 ¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an ċríoċsin uile, na cnuic, agus an deisciort uile, agus fearann Gosen uile, agus an gleann, agus an réiteaċ, agus slíaḃ Israel, agus a ġleann sin;

17 Eaḋon ó ṡliaḃ Hálac, ṫéid súas go Seir, go Baal‐gad a ngleann Lebanon raoi ṡlíaḃ Hermon: agus do ġaḃ sé a riġṫe uile, agus do ḃuáil íad, agus do ṁarḃ sé íad.

18 Do rinne Iosua cogaḋ a ḃfad daimsir ris na ríġṫiḃsin uile.

19 Ní raíḃ caṫair do rínne síṫ ré cloinn Israel, aċt na Hiḃitiġ aṁaín áitreaḃuiġ Ġibeon: do gaḃadar an ċuid oile uile a ccaṫ.

20 Oír is ón TTIĠEARNA ṫáinic crúaḋuġaḋ a ccroiḋeaḋ, ċor go ttiucfaidís a naġaiḋ Israel a gcaṫ, ċor go muirfeaḋ íad uile ṫríd amaċ, agus ionnus naċ ḃfuiġdis tairiseaċd air biṫ, aċ go scríosfaḋ sé íad, mar do aiṫín an TIĠEARNA do Ṁaoisi.

21 ¶ Agus annsa namsin ṫáinic Iosua, agus do scrios sé amaċ na Hanacimiġ ó na sléiḃṫiḃ, ó Hebron, ó Ḋebir, ó Anab, agus as sléiḃṫiḃ Iudah uile, agus ó ṡléiḃṫiḃ Israel uile: do leirscrios Iosua íad uile gon a gcaiṫreaċaiḃ.

22 Níor fágḃaḋ éanduine do na Hanacimiḃ a ḃfearann ċloinne Israel: aṁáin a Ngása, a Ngat, agus ann Asdod, do ḟágḃaḋ daóine iontasin.

23 ¶ Mar sin do ġaḃ Iosua an tír uile, do réir a nuile ní dar laḃair an TIĠEARNA re Maóise; agus ṫug Iosua mar oiġreaċd do Israel é do réir a ronna iona ttreaḃuiḃ. Agus do sguir an dúiṫċe do ċogaḋ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan