Iosua 10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil X. Iosua, ar tarrṫail Ġibeon o na cúig ríġṫiḃ, sdad an ġrian agus an ġealaċ láoi iomlán a lár neiṁe. 1 Anois táinic a ccríċ, a núair do ċúaluiḋ Adonísedec riġ Ierusalem mar re ġaḃ Iosua Ai, agus gur ḋíoṫlaiṫriġ sé ṫríd amaċ í; mar do rinne re Ieriċo agus re na ríġ, marsin do rinne re Hái agus re na riġ; agus mar do rinneadar muintir Ġibeon síṫ ré Israel, agus mar do ḃádár na measg; 2 Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir. 3 Uimesin do ċuir Adonisedec ríġ Ierusalem fios go Hoham riġ Hebron, agus go Píram ríġ Iarmut, agus go Ioṗia ríġ Laċis, agus go Debir ríġ Eglon, ġa ráḋ, 4 Tigiḋ suas ċugamsa, agus cuidiġe liom lé mbúailfimís Gibeon: óir do rinne sé síṫ re Iosua agus re cloinn Israel. 5 Ar a náḋḃarsin do ċruinniġeadar cúig ríġṫe na Namoriteaċ íad féin a cceann a ċeile, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis, ríġ Eglon, agus do ċúadar súas, iad féin agus a slóiġ uíle, agus do ċoṁnuiġeádar a naġuiḋ Gibeon, agus do rinneadar cogaḋ na haġaiḋ. 6 ¶ Agus do ċuireadar muintir Ġibeon fios ċum Iosua don ċampa go Gilgal, gá ráḋ, Ná mainneaċdnuiġ do láṁ ód ṡerḃíseaċuiḃ; tárr ċuguinn tráṫ, agus sáor sinn, agus tárṫuiġ sinn: oir atáid na ríġṫe nan Amoriteaċ áitreaḃus air na sléiḃtiḃ uile ar ccruinniuġaḋ ar naġuiḋ. 7 Annsin do ċuáiḋ Iosua súas ó Ġilgal, é féin, agus a luċd coguiḋ uile ná ḟoċair, agus na gaisgiḋ neartṁara uile. 8 ¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Iosua, Ná heagluiġṫear ṫú rompa: óir do ṡeaċuid misi ad laiṁ íad; ní ṡeasfa duine ḋíoḃ roṁad. 9 Ṫáinic Iosua ar a naḋḃarsin ċuca go hobann, agus do ċuáiḋ sé súas ó Ġilgal ansa noiḋċe, 10 Agus do ċlaóiḋ an TIĠEARNA íad roíṁe Israel, agus do ṁarḃ íad re hár mór a Ngibeon, agus do ṫiomáin íad ar fud na sliġeaḋ ṫéid súas go Betóron, agus do ḃúaileadar íad go Asecah, agus go Macedah. 11 Agus tárla, mar do ḃádar ag teiṫioṁ roiṁe Israel, agus iad ag dul ré fanuiḋ go Betóron, gur ṫeilg an TIĠEARNA cloċá móra a núas ó neaṁ orra go nuige Asecah, agus gur marḃaḋ íad: ba mó an ṁéid do marḃaḋ le cloiċṡneaċda ḋíoḃ, ná ar ṁarḃadar clann Israel leis an ccloiḋeaṁ. 12 ¶ Ann sin do laḃair Iosua ris an TTIĠEARNA an sa lá ṫoirḃir an TIĠEARNA na Hámorítiġ súas roiṁe ċloinn Israel, agus a duḃairt sé a raḋarc Israel, A ġrían, fan ad ċoṁnuiġe ar Ġibeon; agus a ġealaiḋ, a ngleann Aialon. 13 Agus dfan an ġrían na ṡeasaṁ, agus do sdad an ġealaċ, no gur ḋioġladar na dáoine íad féin air a náṁuiḋ. Naċ ḃfuil so scríoḃṫa a leaḃar Iaser? Mar sin dfan an ġrían na ṡeasaṁ a lár neiṁe, agus nior ḋeifriġ ar ḋul fáoi timċioll laoí iomláin. 14 Agus ní raiḃ éanlá ríaṁ cosṁuil ris sin roiṁe nó na ḋiáiġ, gur éist an TIĠEARNA re guṫ duine: óir do ṫroid an TIĠEARNA ar son Israel. 15 Agus dfill Iosua, agus Israel uile maille ris, don ċampa go Gilgal. 16 ¶ Aċ do ṫeiṫiodar na cúig riġṫesi, agus do dfoluiġeadar íad féin a núaṁuiġ ag Macedah. 17 Agus do hinniseaḋ sin do Iosua, ġá ráḋ, Do fríṫ an cúigear riġṫe a núaṁuiġ ag Macedah. 18 Agus a duḃairt Iosua, Iompóiḋ cloċa móra ar ḃéul na húaṁa, agus cuiriġ dáoine láiṁ ría ḋá ccoiṁéad: 19 Aċ ná fanuiġsi, leanuiḋ a ndiaiġ ḃur náṁad, agus búailiḋ a ndeireaḋ; ná léigiḋ ḋóiḃ dul a steaċ da gcaiṫreaċuiḃ: óir do ṫoirḃir ḃur TTIĠEARNA Día ann ḃur laṁuiḃ íad. 20 Agus tárla, a núair do ċrioċnuiġ Iosua agus clann Israel a marḃaḋ lé hár ro ṁór, nó gur sgriosaḋ íad, go ndeaċadar an ṁéid do ṁair díoḃ a steaċ a gcaiṫreaċaiḃ daingne. 21 Agus do ḟilleadar an pobal uile don ċampa go Iosua a Macedah a síoṫċáin: níor ċorruiḋ éanduine a naġaiḋ áoin do ċloinn Israel. 22 ¶ Annsin a duḃairt Iosua, Oscluiġ béul na húaṁa, agus taḃair ċúgam amaċ na cúig riġṫe sin as a núaṁaiġ. 23 Agus do rinneadar mar sin, agus tugadar na cúig ríġṫe sin ċuige amaċ as a núaṁuiġ, ríġ Ierusalem, ríġ Hebron, ríġ Iarmut, ríġ Laċis agus ríġ Eglon. 24 Agus tárla, a núair ṫugadar na riġṫesin amaċ go Iosua, gur ġoir Iosua ar ḟearuiḃ Israel uile, agus a duḃairt sé re caiptíniḃ an luċd cogaiḋ do ċúaiḋ leis, Druidiḋ a leiṫ, cuirfiḋe ḃur ccosa ar ṁuinealuiḃ na rioġso. Agus tangadar láiṁ ris, agus do ċuireadar a ccosa ar a muinealuiḃ. 25 Agus a duḃairt Iosua riú, Ná húambnuiġṫear siḃ, agus ná biṫí imṡuíoṁaċ, bíṫí láidir agus láinḃéoḋa: óir is marso do ḋeana an TIĠEARNA ré ḃur naiṁdiḃ uile re a ttroidfiġ: 26 Agus na ḋiáiġsin do ḃúail Iosua íad, agus do ṁarḃ sé íad, agus do ċroċ sé ar ċúig crannuiḃ íad: agus do ḃádar croċta ar na crannuiḃ go tráṫnóna. 27 Agus tárla a nam dul faói na gréine, gur ḟúagair Iosua, agus tugadar a núas as na crannuiḃ íad, agus do ṫeilgeadar an sa núaṁuiġ íad mar a raḃadar a ḃfolaċ, agus do ċuireadar cloċa móra a mbéul na húaṁa, noċ ṁairios gus a niuġ. 28 ¶ Agus an lá céadnasin do ġaḃ Iosua Macedah, agus do ḃúail í le faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ do ṁarḃ sé ṫríd amaċ, íad féin, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé aon díoḃ as: agus do rinne sé ré ríġ Ṁacedah mar do rinne re ríġ Ieriċo. 29 ¶ Annsin do ġlúais Iosua ó Ṁacedah, agus Israel uile maille ris go Libnah, agus do ṫroid sé a naġaiḋ Libnah: 30 Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA í mar an gcéudna, agus a rí, a láiṁ Israel; agus do ḃúail se í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte; níor léig sé áon díoḃ as dá raiḃ inte; agus do rinne sé ré na ríġ mar do rine re ríġ Ieríċo. 31 ¶ Agus do ġluáis Iosua ó Libnah, agus Israel uile maille ris go Laċis, agus do ċampuiġeadar na haġaiḋ, agus do ṫroideadar na haġaiḋ: 32 Agus do ṡeaċuid an TIĠEARNA Laċis a láiṁ Israel, noċ do ġaḃ í an dara lá, agus do ḃuail í le fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ inte, do réir a nuile neiṫe do rinneadar re Libnah. 33 ¶ Annsin ṫainic Horam ríġ Geser súas do ċongnaṁ le Laċis; agus do ḃuáil Iosua é féin agus a ṁuintir, no gur ḟág gan eanduine béo é. 34 ¶ Agus do ġluáis Iosua ó Laċis go Heglon, agus Israel uile maille rís; agus do ṡuiġeadar a ccampa re na huċd, agus do ṫroideadar na haġuiḋ: 35 Agus do ġaḃadar í an lá sin, agus do ḃuaileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus a raiḃ danmannuiḃ innte do marḃaḋ íad an lá sin, do réir gaċ éainneiṫe dá ndéarnaḋ ré Laċis. 36 ¶ Agus do ċuáiḋ Iosua súas ó Eglon, agus Israel uile maille ris, go Hébron; agus do ṫroideadar na haġaiḋ: 37 Agus do ġaḃadar í, agus do ḃuaileadar í lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile, agus a nuile anam dá raiḃ inte; níor ḟág éanduine béo ḋíoḃ, do réir a nuile ní dá ndearnaḋ re Heglon; aċ do scríos go hiomlán í, agus a raiḃ danmannuiḃ inte. 38 ¶ Agus do ḟill Iosua, agus Israel uile maille ris, go Debir; agus do ṫroid na haġuiḋ: 39 Agus do ġaḃ í, agus a ríġ, agus a caiṫreaċa uile; agus do ḃuaileadar íad lé faoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṁarḃadar a raiḃ danmannuiḃ innte; níor ḟág aon béo: mar do rinne sé re Hébron is mar sin do rinne re Debir, agus re na ríġ; mar do rinne fós re Libnah, agus re na ríġ. 40 ¶ Mar sin do ḃuáil Iosua tír na slíaḃ, agus an taoiḃ ó ḋeas, agus na gleánnta, agus na sruṫ, agus a ríġṫe uile: níor ḟág neaċ béo ḋíoḃ, aċ do scrios sé uile an ṁéid iona raiḃ anáil, mar do aiṫin an TIĠEARNA Día Israel. 41 Agus do ḃuáil Iosua íad ó Ċadesbarnéa go nuige Gása, agus tír Ġosen uile, go nuige Gibeon. 42 Agus do ġaḃ Iosua na ríġṫesin uile agus a ndúiṫċe a néainḟeaċd, do ċionn gur ṫroid an TIĠEARNA Día Israel ar son Israel. 43 Agus do ḟill Iosua, agus Israel uile maille ris, don ċampa go Gilgal. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society