Iosua 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Do ainmniġ, 2 agus do ṡocruiġ Día Iosua a nionaid Ṁaoisi. 8 Agus do ṫeagúisg a ḋleasdannas dó. 1 Annois tar éis ḃáis Ṁaóise seirḃiseaċ an TIĠEARNA tarla ann, gur laḃair an TIĠEARNA re Iosua mac Nun óglaċ Ṁaóise, ġá ráḋ, 2 Déug Maóise mó ṡerḃíseaċ; a nois ar a naḋḃar sin éiriġ, imṫiġ a nonn tar an Iordáinse, ṫú féin, agus an pobalsa uile, don tír do ḃeirimse ḋóiḃ, eaḋon do ċloinn Israel. 3 Gaċ uile ḃall air a sailteoraiḋ bonn ḃur ccoise, ṫug mé sin dáoiḃ, mar a duḃairt mé ré Maóise. 4 On nfásaċsa agus ón lebanonsa go nuige a naḃuinn ṁóir, sruṫ Euṗrátes, iomlán ḟearainn na Hititeaċ, agus go nuige a nfaírge ṁoir, leaṫ ré dul faoi na gréine, buḋ é ḃur ttéoran. 5 ¶ Ní ḟéadfuiḋ éanduine seasaṁ ad aġuiḋ ar feaḋ láeṫe do ḃeaṫa: mar do ḃí mé lé Maóise, is mar sin ḃías mé leaċdsa: ní ḟailleoċa mé ort, ní mó ṫréigfios mé ṫú. 6 Bí láidir agus lánċróḋa: óir roinnfe tú ar an bpobalsa maroiġreaċd an fearann, do ġeall mé dá naiṫriḃ do ṫaḃairt dóiḃ. 7 Aṁain bísi láidir agus roċurata, ċor go gcoiṁéadfa tú do ḋéanaṁ do réir an dliġe uile, noċ do aiṫin mo ṡerḃíseaċ Maóise ḋiot: na hiompóiġ uaḋ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé, ċor go mbía tú sona giḋ bé ar biṫ áit a raċa tú. 8 Ní ḋealoċuiḋ an leaḃarsa an dliġe red ḃéul; aċd biáiḋ tú ag meaḃair ann do ló agus doiḋċe, ċor go ttiuḃra tú haire do nuile ní da ḃfuil sgrioḃṫa ann do ḋéanaṁ: óir ann sin do ḋéana tú do ṡliġe suṫuin, agus éireoċuiḋ leaċd go maiṫ annsin. 9 Náċ ar aiṫin misi ḋíot? Bí láidir agus lán ḃéoḋa; ná bíoḋ eagla ort, agus ná bí meata: óir atá do ṪIĠEARNA Día maille leaċd giḋ bé áit a raċa tú. 10 ¶ Ann sin do aiṫin Iosua do oifigeaċuiḃ an ṗobail, ḋá raḋ, 11 Eírġiḋe ar feaḋ an tslóiġ, aiṫniġíḋ don ṗobal, ḋá ráḋ, Ullṁuiġiḋ lónn daóiḃ féin; óir fa ċionn ṫrí lá raċṫaói a nonn tar an Iordansa, do ḋul do ṡealḃúġaḋ na tíre, do ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋaóiḃ re na ṡealḃuġaḋ mar oiġreaċd. 12 ¶ Agus do laḃair Iosua ris na Reubinítiḃ, agus ris na Gadítiḃ, agus re leiṫṫreiḃ Ṁanasseh, ḋá ráḋ, 13 Cuiṁniġiḋ na bríaṫra do aiṫin Maóise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ, ġá ráḋ, Ṫug ḃur TTIĠEARNA Día suáiṁnios daóiḃ, agus ṫug sé an dúiṫċe so ḋíḃ. 14 Fanfuid ḃur mná, ḃur ndaóine beaga, agus ḃur náirnéis, ansa dúiṫċe ṫug Maóise ḋíḃ don táoḃso do Iordan; aċ raċṫaoi féin ṫairis armṫa roiṁe ḃur ndearḃráiṫríḃ, gaċ a ḃfuil láidir aguiḃ, agus cuideoċṫáoi léo; 15 Nó go ttuga an TIĠEARNA suaiṁneas da ḃur ndearḃraiṫriḃ, mar ṫug sé ḋíḃsi, agus go sealḃuiġidsion mar an gcéadna an tír ḃeir ḃur TTIĠEARNA Día ḋóiḃ: annsin fillfiḋe dá ḃur ḃfearann sealḃa, noċ ṫug Máoise óglaċ an TIĠEARNA ḋíḃ don táoiḃsi do Iordan leaṫ ré heírġe greine, agus biáiḋ aguiḃ. 16 ¶ Agus do ḟreagradarsan Iosua, ġá ráḋ, A nuile ní aiṫeonus tusa ḋínn do ḋéanam é, agus giḋ bé ait a gcuirfe tú sinn raċam ann. 17 Do réir mar do éisteamar re Maóise ann sna huile neiṫiḃ, mar sin uiṁleoċam ḋuitsi: aṁáin go mbia do ṪIĠEARNA Día leaċdsa, mar do ḃí sé lé Máoise. 18 Giḋ bé ċuirfios a naġuiḋ haiṫnesi, agus naċ éistfe ré do ḃríaṫruiḃ a ngaċ éinní aiṫeonus tú ḋé, cuirfiġear ċum báis é: aṁáin bí laídir, agus deiġṁeisniġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society