Ioel 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Smaċt na ccineaḋaċ 16 agus cruinniuġaḋ na nccreidṁeaċ, ċum riġeaċt na grása agus na gloíre. 1 Oir, féuċ, annsna láeṫiḃ sin, agus annsa namsin, an tan do ḃéarus misi ar áis braiġdionus Iúdah agus Ierusalem, 2 Cruinneoċa mé fós a nuile ċinéul, agus do ḃéara mé síos íad go gleann Iehosaṗat, agus taigeora mé ríu annsin ar són mo ṗobail agus ar son moiġreaċda Israel, noċ do scáinreadar a measg na ccineaḋaċ, agus ar roinneadar mo ḋúṫaiġ. 3 Agus do ṫeilgiodar crannċair air mo ṗobal; agus ṫugadar búaċuill ar ṁeirdriġ, agus do reacadar óigḃean ar ḟíon, ċor go niḃedís. 4 Tuilleaṁ oile, cred ḃur nimṫeaċdsa orumsa, a Ṫíor, agus a Ṡídon, agus uile ċóstaḋa Ṗalestin? an ccúiteoċṫaói luáiḋeaċd riom? agus má leasuiġionn siḃ riom, filltiḋ mé go lúaṫ agus go tapuiḋ ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur ccionn féin; 5 Do ḃríġ gur ġlacaḃair mairgiod, agus m'ór, agus go rugaḃair da ḃur tteampalluiḃ mo neiṫe maiṫe taitneaṁaċa: 6 Do reacaḃair fós clann Iúdah agus clann Ierusalem ris na Gréagaċaiḃ, ċor go náitreaċaḋ siḃ íad a ḃfad ó na tteóruinn. 7 Féuċ, tóigfe mé íad as a náit a reacaḃair íad, agus fillfiḋ mé ḃur ccúitiuġaḋ air ḃur cceann féin: 8 Agus reacfa mé ḃur mic agus ḃur ninġiona a láṁuiḃ ċloinne Iúdah, agus reácfuid íad ris na Sabeánaċaiḃ, ré daoiniḃ a nimċéin; óir a duḃairt an TIĠEARNA é. 9 Fúagruiḋsi so a measc na ngeinteaḋ; gléasuiḋ cogaḋ, déunuiḋ súas daóine neartṁara, tigeaḋ na huile luċt cogaiḋ a ḃfogus; tigedís a níos: 10 Déanuiḋ cloiḋṁṫe dá ḃur níarnaċ seisriġe, agus gáeṫe dá ḃur ccorránuiḃ glanta: abraḋ an lag, Atáim láidir. 11 Cruinniġiḋ siḃ féin, agus tigiḋse, a ġeinte uile, agus cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfóċair a ċéile timċioll fa ccuáirt: taḃair air do ḋaóiniḃ neartṁara teaċt síos ann sin, a ṪIĠEARNA. 12 Múscaltar na geinte, agus tigdís a níos go gleann Iehosaṗat: óir is ann sin ṡuiġfios misi do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis na ngeinteaḋ uile timċioll fá ccuáirt. 13 Cuiriḋ ann an corrán, óir is abuiḋ an fóġṁar: tigiḋ, éirgiḋe síos; óir atá an tomar lán, atáid na daḃċa ag cur ṫarsa; óir is mór a nurċóid. 14 Slúaġ mór, slúaġ mór a ngleann na ceannairge: óir atá lá an TIĠEARNA a ccoṁḟogus a ngleann na ceannairge. 15 Dorċoċṫar an ġrían agus an ġealaċ, agus coinneoċuid na réulta air ais a ndéallraḋ. 16 Núallfuiḋ an TIĠEARNA fós amaċ as Sion, agus cuirfiḋ a ġúṫ amaċ as Ierusalem; agus biáiḋ neaṁ agus talaṁ ar crioṫ: aċd buḋ é an TIĠEARNA dóṫċus a ḋaóine, agus neárt ċloinne Israel. 17 Marsin aiṫeontaói gur misi an TIĠEARNA ḃur Ndía ag áitreaḃ ann Sion, mo ṡlíaḃ náomṫa: annsin biáiḋ Ierúsalem náoṁṫa, agus ní raċfuiḋ coiṁiġṫeaċ ar bioṫ ṫríṫe ní is mó. 18 ¶ Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, go filfid na sléiḃṫe fíon núaḋ a núas, agus líonfuid na cnoic le bainne, agus tuileoċuid uile ṡroṫa Iúdah le huisgeaḋuiḃ, agus tiucfuiḋ tobar amaċ as tiġ an TIĠEARNA, agus fliuċfuiḋ sé gleann Ṡittim. 19 Biáiḋ a Négipt na fásaċ, agus biáiḋ Edom na fásaċ áonranaċ, do ḃríġ foiréigin a naġaiḋ ċloinne Iúdah, do ḃríġ gur ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ ann a ndúṫaiġ. 20 Aċt áitreaḃuiḋ Iúdah go bráṫ, agus Ierusalem ó ġinealaċ go ginealaċ. 21 Oir glanfa misi a ḃfuilsion naċ ar ġlan mé: óir áitreaḃuiḋ an TIĠEARNA ann Sion. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society