Ioel 1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil I. Fuágra dóilġios agus trosgaáh arson an tart agus na gorta, a ttáinic a leiṫ meisce agus an caiṫeaṁ. 1 Briaṫar an TIĠEARNA ṫáinic ċum Ioel ṁac Petúel. 2 Cluiniḋ so, a ḋaóine foirfe, agus tugaiḋ éisdeaċt uáiḃ, siḃsi uile ḋúṫċusaiġ na tíre. An raiḃ so ann ḃur laéṫeiḃsi, nó a láeṫiḃ ḃur naiṫreaḋ? 3 Innisiḋ dá ḃur ccloinn é, agus innisioḋ ḃur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ġinealaċ oile. 4 Diṫ an lócust an ní dfág an ṗíast palmer; agus an ní dfág an lócust a duáiġ an ṗéist ċancair; agus an ní dfág an ṗéist ċancair a duáiġ an caterpiler é. 5 Múscluiḋ, a luċt na meisce, agus guiliḋ; agus nualluiḋ, a uile luċt óla fiona, do ḃríġ a nfíona nuáiḋ; óir do gearraḋ ó ḃur mbéul é. 6 Oír ṫáinic cineaḋ a níos ar mfearan, láidir, agus gan áireaṁ, a ḃfuilid a fíacla aṁuil fíacla leoṁuin, agus atáid fíacla carbaid leoṁuin ṁóir aige. 7 Do rinne sé mfíneaṁuin na fásaċ, agus do ḃean an ċairt dom ċrann fíge: do rinne sé lom go hiomlán é, agus do ṫeilg úaḋ é; do rinneaḋ a géaga geal. 8 ¶ Caóiḋ do nós maiġdine ar na gaḃáil a saiceadaċ ar son ċéile a hóige. 9 Do gearraḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofrail ḋiġe ó ṫiġ an TIĠEARNA; caóinid na sagairt, seirḃísiġ an TIĠEARNA. 10 Atá an maċaire na ḟásaċ, do ní an talaṁ doilġios; óir do hanċaiṫeaḋ an tarḃar: do ṫiormaiġ an fíon núaḋ, atá a nola ag cnaói. 11 Bioḋ náire oruiḃsi, a ḟeara tiġe; núalluiġ, a luċt ḋeasuiġṫe na fíneaṁna, ar son na cruiṫneaċda agus ar son na héorna; do ḃríġ gur ṁeaṫ fóġṁar an ṁaċaire. 12 Do ṫiormaiġ a nfíneaṁuin súas, agus searguiḋ an crann fíge; an crann pomgranat, an crann pailme fós, agus a naḃall, eaḋon do ċríonadar, uile ċrainn an ṁaċaire: do ḃríġ gur ċríon gáirdeaċus ó ṁacaiḃ na ndaóine. 13 Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé. 14 ¶ Náoṁuiḋse troscaḋ, goiriḋ coiṁṫionól sollamonta, cruinniġiḋ na sinnsir, agus aitreaḃuiġ talṁan uile asteaċ a dtiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus éiġiḋ ċum an TIĠEARNA, 15 Mo ṫruáiġe ar son an laói! óir atá lá an TIĠEARNA do laṫair, agus tiucfa sé aṁuil scrios ó Nuileċuṁaċdaċ. 16 Naċ ar gearraḋ amaċ an biáḋ as coinne ḃur súl, gáirdeoċas fós, agus lúaṫġáir ó ṫiġ ar Ndé? 17 Do loḃ an síol fáoi na fóduiḃ, do fágḃaḋ na gairneal folaṁ, do briseaḋ sios na scióbóil; óir do ċríon an tarḃar, 18 Ciondus osnaḋuid na beaṫuiġ! atáid na healḃaḋa airnéise buáiḋearṫa, do ḃríġ naċ ḃfuil beaṫa ar bioṫ aca; fós, do fágḃaḋ na tréuda cáoraċ áonranaċ. 19 O a TIĠEARNA, is ċugadsa éiġfios misi: óir do ḋóiṫ an teine inḃeara a nfásuiġ, agus do loisc an lasair uile ċrainn an ṁaċaire. 20 Coṁaircid fós beaṫaiġ an ṁaċaire ċugad: óir do tiormuiġeaḋ súas aiḃne na nuisgeaḋ, agus do ḋóiṫ an teine inḃeara a nfásaiġ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society