Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil IX. Luċd oifiġe Ḋaiḃí. 7 A ċinéal do Ṁeṗiboset.

1 Agus a duḃairt Dáiḃi, An ḃfuil fós éanduine béó do ṫiġ Ṡauil, go ttaisbéanuinn cinéul do ar son Ionatan?

2 Agus do ḃí do ṫiġ Ṡauil searḃḟoġantuiġ dar ḃainm Síba. Agus a núair do ġoireadar é ċum Dáiḃi, a duḃairt an ríġ ris, An tusa Síba? Agus a dúḃairt Síba, Is mé do ṡearḃḟoġantuiġ.

3 Agus a dnḃairt an ríġ ris, An mairionn éanduine fós do ṫiġ Ṡauil, go ḃfoillsiġiḋ mé muinntearḋus Dé ḋó? Agus a duḃáirt Síba ris an ríġ, Atá mac fós ag Ionatan, noċ atá bacaċ iona ċosuiḃ.

4 Agus a duḃairt an ríġ ris, Cáit a ḃfuil sé? Agus a duḃairt Síba ris an ríġ, Feaċ átá sé a ttiġ Ṁaċir, ṁic Ammiel, a Lo‐debar.

5 ¶ Ann sin do ċuir Dáiḃi ríġ fios air, agus ṫug leis é as tiġ Ṁaċir mac Ammiel, ó Lo‐debar.

6 Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!

7 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.

8 Agus duṁluiġ seision é féin, agus a duḃairt, Cred é do ṡearḃḟoġantuiġ as a ḃféuċfása ar mo ṡamuilse do ṁadraḋ marḃ?

9 ¶ Ann sin do ġoir an ríġ Síba, searḃḟoġantuiġ Ṡauil ċuige, agus a duḃairt ris, Ṫug mé do ṁac do ṁaiġistir a nuile ní ba le Saul agus le na ṫiġ uile.

10 Saoṫroċṫa tusa, agus do ṁic ar a naḋḃarsin, agus do ṡerḃísiġ, an fearann dó, agus do ḃéara tú a steaċ an soċar, ċor go mbía beaṫa ag mac do ṁaiġistir re iṫe: aċd íosa Meṗibóset mac do Maiġistir arán ar mo ḃordsa a ngnáṫ. Anois do ḃí ag Síba cúig mic ḋéug agus fiṫċe searḃḟoġantúiġ.

11 Ann sin a duḃairt Síba ris an ríġ, Do reir a nuile neiṫe dar ḟúagair mo ṫiġearna an ríġ dá ṡearḃḟoġantuiġ, marsin do ḋéanas hoglaċ. Ar son Ṁeṗiboset, ar sa an ríġ, íosa sé ar mo ḃórdsa, mar áon do ṁacaiḃ an ríġ.

12 Agus do ḃí mac óg ag Meṗiboset, dar ḃainm Mica. Agus an ṁéid do ḃí a ttiġ Ṡíba bá serḃísiġ do Ṁeṗibóset íad.

13 Marsin do ċoṁnuiġ Meṗibóset a Nierusalem: óir do iṫeaḋ se a gcoṁnuiḋe ar ḃórd an ríġ; agus do ḃí sé bacaċ iona ċosuiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan