Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VIII. Búaḋuġaḋ Ḋaiḃí. 9 Tíoḋlaicṫe nan rí ḋósan. 11 A ṫoirḃeartas fein don TIĠEARNA .

1 Agus tárla na ḋiáiġ só, gur ḃúail Dáiḃi na Ṗilistiniġ, agus gur ċlaóiḋ íad: agus do gaḃ Dáiḃi Méteg‐Ammah as láiṁ na Ḃṗilistineah.

2 Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.

3 ¶ Do ḃuáil Dáiḃi mar an gcéadna Hadadeser, ṁac Rehob, ríġ Sóbah, mar do ċúaiḋ sé do ḃuáin a ċríċe amaċ ag an tsruṫ Euṗrátes.

4 Agus do ḃean Dáiḃi míle carbad ḋe, agus seaċd ccéad marcaċ, agus fiṫċe míle coisiġ: agus do ġearr Dáiḃi speirreaċa eaċ na cearbad uile, aċd do ṡaḃáil sé díol ċéud carbad dioḃ.

5 Agus a nuáir ṫangadar Sírianuiġ Ḋamascus do ċuidiuġaḋ le Hadadeser ríġ Sóbah, do ṁarḃ Dáiḃi do na Sírianaċaiḃ ḋá ṁíle ḟiṫċiot fear.

6 Annsin do ċuir Dáiḃi gairiosún a Síria Ḋamascus: agus do ḃádar na Sírianuiġ na serḃíseaċaiḃ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo. Agus do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ad téiġeaḋ.

7 Agus do ṫog Dáiḃi na scíaṫa óir do ḃí ar ṁuinntir Hadadeser, agus ṫug leis go Hierusalem íad.

8 Agus ṫug Dáiḃi ríġ, ó Ḃetah, agus ó Ḃerotai, caiṫreaċa Hadadeser, ro iomad práis.

9 ¶ A núair do ċúalaiḋ Toi ríġ Hamat gur ċlaóiḋ Dáiḃi slúaġ Hadadeser uile,

10 Ann sin do ċuir Toi a ṁac Ioram ċum Dáiḃi ríġ, do ċur fáilte roiṁe, agus dá ḃeannuġaḋ, tré mar do ṫroid se a naġaiḋ Hadadeser, agus mar do ċlaóiḋ sé é: (óir do ḃí cogaḋ ag Hadadeser re Toi.) Agus ṫug Ióram soiġṫiġe airgid, agus soiġṫiġe óir, agus soiġṫiġe práis leis:

11 Noċ do ḃronn Dáiḃi rí mar an gcéadna don TIĠEARNA, maille ris a nairgiod agus ris a nór do ḃronn sé noċ do ḃean sé do na huile ċineaḋaċuiḃ do ċuir sé faói:

12 Do Ṡíria, agus do Ṁóab, agus do ċloinn Ammon, agus do na Ṗilistiniḃ, agus do Amalec, agus déadáil Hadadeser, ṁic Rehob, ríġ Sóbah.

13 Agus fuáir Dáiḃi ainm a nuáir do ḟill sé ó ár na Sírianaċ a ngleann ann tsaluinn, ar mbualaḋ oċd míle ḋéug fear.

14 ¶ Agus do ċuir sé gairiosún ann Edom; ar feaḋ Edom uile do ċuir sé gairiosun, agus do ḃádar muinntir Edom na serḃíseaċaiḃ ag Daiḃi. Agus do coiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall a ngaḃaḋ.

15 Agus do ḃí Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel go hiomlán; agus do rinne Dáiḃi breiṫeaṁnus agus ceart dá ḋaóiniḃ uile.

16 Agus do ḃí Ióab ṁac Seruiah ós cionn an tslóiġ; agus Iehosoaṗat ṁac Ahilud na ṡeanċuiġ;

17 Agus do ḃí Sadoc ṁac Ahitub, agus Aċimeleċ ṁac Abiatar, na sagartaiḃ; agus Seraiah na scriḃneóir;

18 Agus do ḃí Benaiah ṁac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus na Bpeletiteaċ; agus do ḃádar mic Ḋáiḃi na bpríoṁúaċdaránuiḃ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan