Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil VII. Daiḃi ag gaḃail um ṫeampul do ṫógḃail. 4 Do cuireaḋ cairde ann go teaċd a ṁic.

1 Agus tárla, a núair do ḃí an ríġ na ṡuiġe iona ṫiġ, agus go ttug an TIĠEARNA suáiṁnios dó óna naiṁdiḃ uile ar gaċ éantáoḃ;

2 Go nduḃairt an ríġ ré Nátan an faíḋ, féaċ anois, Aitreaḃuimsi a ttiġ Cedair, aċd atá airc an TIĠEARNA na coṁnuiḋe táoḃ a stiġ do ċúirtíniḃ.

3 Agus a duḃairt Nátan ris an ríġ, Eiriġ, déana a nuile ní atá fad inntinn; óir atá an TIĠEARNA maille leaċd.

4 ¶ Agus tárla a noiḋċe sin, go ttáinic bríaṫár an TIĠEARNA go Nátan, ḋa ráḋ.

5 Eíriġ agus innis dom ṡerḃíseaċ Dáiḃi, Gur mar so a deir an TIĠEARNA, A ndéana tú tiġ ḋamsa ċum coṁnuiḋe ann?

6 An tan nar ċoṁnuiġ mé a néaintiġ ó nuáir fá ttug mé clann Israel amaċ as an Négipt, aon gus a niuġ, aċ do ṡiuḃail mé a bpáillinn agus a ló stín.

7 Ann sna huile áitiḃ ar ṡiuḃail mé lé cloinn Israel uile nar laḃair mé éanḟocal ré héintreiḃ Disrael, noċ dar aiṫin mé mo ṗobal Israel do ḃeaṫuġaḋ, ġa ráḋ, Cred fá naċ ccurṫaoi tiġ cedair súas daṁsa?

8 Anois ar a naḋḃarsin is mar so déara tú rem ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi, Is mar so a deir TIĠEARNA na slóġ, Do ṫóg misí ṫú ó ṁámriġ na gcaoraċ, ó leanṁuin an tréada, dot ḃeiṫ ad ríaġlóir ós cionn mo ṗobail, ós cionn Israel:

9 Agus do ḃí mé maille leaċd ann gaċ uile ḃall ar ġaḃ tú, agus do ġearr mé amaċ do naiṁde uile as do raḋarc, agus do rinne mé ainm mór ḋíot, cosṁuil re hainm na ndaóine móra atá ar an ttaluṁ.

10 Os a ċionn sin óirdeoċuíḋ mé áit dom ṗobal Israel, agus suiġeoċaiḋ mé íad, ċor go ndéanaid coṁnuiḋ a náit ḃus léo féin, agus naċ ccorroċuid níos mó; agus naċ ḃuaiḋeoruid clann na hurċóide íad feasda mar do rinneadar roiṁe so,

11 Agus aṁuil ó núair fár órduiġ mé ḃreiṫeaṁuin do ḃeiṫ ós cionn mo ṗobail Israel, agus ṫug mé ḋuitse suáiṁnios ód naiṁdiḃ uile. Mar an gcéadna atá an TIĠEARNA dá innisin duit go ndéana sé tiġ ḋuit.

12 ¶ Agus a nuáir ċríoċnoċar do láeṫesi, agus ċoidéolus tú a ḃfoċair haiṫreaḋ, cuirfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaiġ, noċ ṫiocfas amaċ as tínniġiḃ, agus daingneoċuiḋ mé a rioġaċd.

13 Do ḋéana sé tiġ dom ainm, agus daingneoċuiḋ misi caṫaóir a rioġaċdasan go braṫ.

14 Biáiḋ misi am aṫair aige, agus biáiḋ seision na ṁac agamsa. Má ní sé éigceart, smaiċdeoċad e lé slait na ndaóine, agus le builliġiḃ ċloinne na ndaóine:

15 Aċt ní ḋeileoċaiḋ mo ṫrócaire ris, mar do rugas í ó Ṡaul, noċ do ċuir mé ar siuḃal roṁadsa.

16 Agus daingneoċar do ṫiġ agus do rioġaċd go bráṫ roṁad: daingneoċar do ċaṫáoir ríoġa go bráṫ.

17 Do réir na mbriaṫarso uile, agus do réir na fisesi uile, is mar sin do laḃair Nátan re Dáiḃi.

18 ¶ Agus ann sin do ċuáiḋ Dáiḃi ríġ a steaċ, agus do ṡuiġ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, agus duḃairt sé, Cía misi, a ṪIĠEARNA Día? agus cred é mo ṫiġ, as a ttug tusa mé go nuige so?

19 Agus fós ba beag so ad raḋarcsa, a ṪIĠEARNA Día; aċ do laḃair tú mar an gcéadna ar ṫiġ do ṡearḃḟoġantuiġ go cian daimsir. Agus a né so dliġeaḋ an duine, a ṪIĠEARNA Día?

20 Agus cred ḟéadus Dáiḃi ráḋ riot nios mó? óir atá fios ṡearḃḟoġantuiġ agadsa, a ṪIĠEARNA Día.

21 Ar son ṫfocail, agus do réir do ṫola féin, do rinne tú na neiṫe móra so uile, do ṫaḃairt air do ṡearḃḟoġantuiġ a naiṫneaḋ.

22 Ar a naḋḃarsin atá tú mór, a ṪIĠEARNA Día: agus ní ḃfuil áon cosṁuil riot ann, agus ní ḃfuil Día ann táoḃ amuiġ ḋíotsa, do réir gaċ a ccúalamar rer gclúasaiḃ.

23 Agus cía an cineaḋ ar taluṁ cosṁuil re do ṗobalsa, cosṁuil re Hísrael, noċ a ndeaċaiḋ Día dá ḃfuasglaḋ mar ṗobal dó féin, agus do ḋéanaṁ anma ḋó, agus do ḋéanaṁ neiṫeaḋ móra agus úaṫḃásaċ, ḋuitsi, ar son do ḋuiṫċe, roiṁe do ṗobal, noċ dfúasguil tú ḋuit féin as an Négipt, ó na cineaḋaċaíḃ agus ó na ndeeiḃ?

24 Oír do ḋaingniḋ tú ḋuit féin do ṗobal Israel do ḃeiṫ na ṗobal agad go bráṫ: agus atá tusa, a ṪIĠEARNA, ad Ḋía aca.

25 Agus anois, a TIĠEARNA Día, an focal do laḃair tú a ttáoḃ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus a ttáoḃ a ṫiġe, daingniḋ é go braṫ, agus déana mar a duḃairt tú.

26 Agus bíoḋ hainm ar na ṁéaduġaḋ go bráṫ, ġa ráḋ, Sé TIĠEARNA na slóġ as Día ós ciónn Israel: agus daingniṫear tiġ do ṡearḃḟogantuiġ Dáiḃi ad laṫair.

27 Oír ṫusa, a ṪIĠEARNA na slóġ, Día Israel, dfoillsiġ tú dot ṡearḃḟoġantuiġ, ġa ráḋ, Do ḋéana mé tiġ ḋuit: uime sin fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ, iona ċroiḋe a nurnaiġsi ḋéanaṁ ċugad.

28 Agus anois, a ṪIĠEARNA Día, is tusa an Día sin, agus is fíor do ḃríaṫra, agus do ġeall tú an ṁaiṫsi dot ṡearḃḟoġantuiġ:

29 Ar a naḋḃarsin anois go maḋ toil leaċd tiġ do ṡearḃḟoġantuiġ do ḃeannuġaḋ, ċor go mairfiḋ go bráṫ ad laṫair: óir, do laḃair tusa é, a ṪIĠEARNA Día: agus red ḃeannuġaḋ bíoḋ tiġ do ṡearḃḟoġantuiġ beannuiġ go bráṫ.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan