II Samuel 6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil VI. Teasġráḋ Ḋaiḃi. 6 Dánadas Ussah. 20 Agus imḋeargaḋ Ṁiċal. 1 Aris, do ċruinniġ Dáiḃi a ḃfoċair a ċéile daóine toġṫa Israel uile, trioċad míle. 2 Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ guna raiḃ maille ris dá ṁuinntir ó Ḃaal‐Iúdah, do ṫaḃairt airce Dé a núas as sin, noċ ainmniġear tré ainm ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġeas idir na ċerubiniḃ. 3 Agus do ċuireadar airc Dé ar ċairt núaiḋ, agus tugadar leó amaċ í as tiġ Abinadab noċ do ḃí a Ngibeáh: agus do ṫiomaín Ussah agus Ahio, días mac Abinadab, an ċairt núaḋ. 4 Agus tugadar amaċ as tiġ Abinadab í noċ do ḃí a Ngibeáh, ag taḃairt ċuideaċda dáirc Dé, agus do ġluais Ahio roiṁe an náirc. 5 Agus do ṡinn Dáiḃi agus tiġ Israel uile a laṫair an ṪIĠEARNA ar gaċ uile aḋḃa ċiúil déanta dfíoḋḃaḋ giuṁuis, eaḋon ar ċlairseaċaiḃ, agus ar ṡaltraċaiḃ, agus ar ṫiompánuiḃ, agus ar ċoirnetiḃ, agus ar ċimbaluiḃ. 6 ¶ Agus a núair ṫangadar go lár búailte Naċon, do ċuir Ussah a láṁ amaċ ċum airce Dé, agus do ġaḃ greim uirre; óir do ċroiṫeadar na daiṁ í. 7 Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussah; agus do ḃúail Día ann sin e ar son a earraide; agus fúair sé bás ann sin láiṁ re háirc Dé. 8 Agus do ḃí Dáiḃi doirḃ, do ċionn go ndeáarna an TIĠEARNA briseaḋ ar Ussah: agus ṫug sé ainm ar an náitsin Peres‐Ussah gus an lá a niuġ. 9 Agus do ḃí eagla an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi an lásin, agus a duḃairt sé, Cionnus ṫucfas airc an TIĠEARNA ċugamsa? 10 Marsin níor ḃáill lé Dáiḃi aírc an TIĠEARNA do ċorruġaḋ ċuige féin go caṫruiġ Ḋáiḃi: aċ rug Dáiḃi leis do leaṫtaoiḃ í go tiġ Obededom an Gititeaċ. 11 Agus dfan airc an TIĠEARNA a ttiġ Obed‐edom an Gititeaċ trí ṁí: agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA Obededom, agus muinntir a ṫiġe uile. 12 ¶ Agus do hinnseaḋ do Ḋáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a nuile ní dar ḃean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimṫiġ Dáiḃi agus rug súas aírc Dé as tiġ Obed‐edom go caṫruiġ Ḋáiḃi maille re gaírdeaċus. 13 Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do imṫiġedís an ṁuinntir diomċair aírc an TIĠEARNA sé ċoisceím, do íoḋbraḋ sé daiṁ agus méaṫusraḋ. 14 Agus do rinne Dáiḃi daṁsa as coinne an TIĠEARNA le na uile neart; agus do ḃí eṗod línéaduiġ gaḃṫaum Ḋáiḃi. 15 Marsin ṫug Dáiḃi agus tiġ Israel uile aírc an TIĠEARNA súas maille re gárṫa, agus le fuáim an stuic. 16 Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe. 17 ¶ Agus tugadar a steaċ aírc an TIĠEARNA, agus do ċuireadar na suiġe ann a haít féin í, a lár an tabernacuil noċ do ċuir Dáiḃi súas di: agus do íoḋbuir Dáiḃi ofráil loisge agus íoḋbarṫa síoṫċána a laṫair an TIĠEARNA. 18 Agus coṁlúaṫ is ċríoċnuiġ Dáiḃi ofráil na híoḋbarṫa loisge agus na híoḋbarṫa síoṫċána, do ḃeannuiġ sé an pobal a nainm TIĠEARNA na slóġ. 19 Agus do roinn sé a measg an ṗobail uile, a measg ċoiṁlín iomláin Israel, do na mnáiḃ fós agus do na fearuiḃ, dá gaċ uile ḋuine bairġin aráin, agus spólla feóla, agus flaigín fíona. Na ḋiáiġ sin dimṫiġ an pobal uile gaċ áon dá ṫiġ féin. 20 ¶ Annsin dfill Dáiḃi do ḃeannuġaḋ a ṫeaġluiġ. Agus ṫáinic Miċal inġean Ṡauil amaċ a ccoinne Daḃi, agus a duḃairt sí, Cread é a ġlórṁuire do ḃí ríġ Israel a niúġ, noċ do noċd é féin a naṁarc ċailíneaḋ a ṡerḃíseaċ, mar noċdus áon do na dáoiniḃ díoṁaóin é féin go míonáireaċ! 21 Agus a duḃairt Dáiḃi re Miċal, Is do laṫair an TIĠEARNA, noċ do ṫoġ misi roiṁe haṫairsi, agus roiṁe a ṫiġ uile, dom órduġaḋ mar úaċdarán ós cionn ṗobail an TIĠEARNA, ós cionn Israel: uíme sin do ḋéana mé gáirdeaċus a laṫair an TIĠEARNA. 22 Agus biáiḋ mé fós nios tarcuisniġ ná mar so, agus níos uirísle ann mo raḋarc féin: agus ag na banóglaċuibsin air ar laḃair tusa, acasin fós biáiḋ mé a nonóir. 23 Uimesin ní raiḃ éinġin ċloinne ag Míċal inġean Ṡauil go ló a báis. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society