Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil V. Tré ṫaṫuíġe Israel air, 6 agus iomḋa buaiġ ċaṫ‐laraċ, do ṁeúduiġeaḋ agus do ḋaingniġeaḋ riġeaċd Ḋaiḃi.

1 An sin ṫangadar treaḃa Israel uile ċum Dáiḃi go Hébron, agus do laḃradar, ḋá raḋ, Féuċ, as sinne do ċnáiṁ agus ṫfeóil.

2 Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.

3 Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.

4 ¶ Do ḃí Dáiḃi tríoċad blíaḋan daóis a nuáir do ṫosuiġ a rioġaċd, agus do ḃí ná ríġ ceaṫraċad blíaḋan.

5 Do ḃí ná ríġ ann Hébron ós cionn Iúdah seaċd mbliaḋna agus sé ṁí: agus do ḃí na ríġ ann Ierusalem tríoċad agus trí ḃlíaḋna ós cionn Israel uile agus Iúdah.

6 ¶ Agus do ċuáiḋ an ríġ agus a ṁuinntir go Hierusalem gus na Iebusiteaċaiḃ, eaḋon áitreaḃuiġ na tíre: noċ do laḃair re Dáiḃi, ḋá ráctia, Múna mbeiriḋ tú an dall agus an bacaṡ as so, ní ṫiucfa tú a steaċ: ga smuaineaḋ, ni ḟéadann Dáiḃi teaċd a steaċ annso.

7 Giḋeaḋ do ġaḃ Daiḃi daingean neartṁar Ṡíoin: sí sin féin caṫair Ḋáiḃi.

8 Agus a duḃairt Dáiḃi an lásin, Giḋ bé raċus súas annsa ġúitear, agus, ḃuáiltios na Iebusitiġ, agus na bacaiġ agus na daill, ar a ḃfuil fuaṫ ag croiḋe Ḋáiḃi, sé ḃus ceann agus ḃus caíptin. Ar a naḋḃarsin a dearṫar, Ni ṫiucfaiḋ an dall nó an bacaċ don tiġ.

9 Marsin do ċoṁnuiġ Dáiḃi annsa náit ḋaingin, agus do ġoir sé caṫair Ḋáiḃi ḋe. Agus do rinne Dáiḃi fairgneaṁ timċioll fá gcuairt ó Ṁillo agus a steaċ ṫairis.

10 Agus do ċuáiḋ Dáiḃi ar a aġaiḋ, agus dfás sé go mor, agus do ḃí an TIĠEARNA Día na sloġ ris.

11 ¶ Agus do ċuir Hiram ríġ Tír teaċda ċum Dáiḃi, agus crainn Ċéadair agus saoir ċrainn agus ċloiċe: agus do rinneadar tiġ do Ḋáiḃi.

12 Agus do ċonnairc Dáiḃi gur ḋaingniḋ an TIĠEARNA é na riġ ar Israel, agus gur árduiġ sé a ríoġaċd air son a ṗobail Israel.

13 ¶ Agus ṫug Dáiḃi ċuige tuilleaṁ leannán agus ban as Ierusalem, tar éis a ṫeaċd as Hébron: agus rugaḋ fós mic agus inġeana dó Ḋáiḃi.

14 Agus síad so anmanna an ṁéid rugaḋ ḋo ann Ierusalem; Sammua, agus Sóbab, Nátan, agus Solomon,

15 Ibċar fos, agus Elisua, agus Neṗeg, agus Iaṗia,

16 Agus Elisama, agus Eliada, agus Eliṗalet.

17 ¶ Aċd a núair do ċúaladar na Ṗilistiniġ gur ungadar Dáiḃi na ríġ os ċionn Israel, tangadar na Ṗilistiniġ súas uile díarruiḋ Ḋáiḃi; agus do ċúaluiḋ Dáiḃí sin, agus do ċúaíḋ sé síos don náit ḋaingin.

18 Aċd a núair tangadar na Ṗilistiniġ agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim.

19 Do ċoṁairliġ Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, ḋa ráḋ, An raċa mé súas ċum na Ḃṗilistíneaċ? an seaċoda tusa am laíṁ íad? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, Imṫiġ súas: óir gan aṁarus do ḃéara misi na Ṗilistiniġ ad laiṁ.

20 Agus ṫáinig Dáiḃi go Baal‐Perasim, agus do ḃúail Dáiḃi annsin íad, agus a duḃairt, Do ḃris an TIĠEARNA roṁam amaċ ar mo náṁaid, aṁuil briseaḋ na nuisgeaḋ. Uimesin do ġoir sé Baal‐Perasim dainm don náitsin.

21 Agus dfágḃadar a níoṁáiġeaḋ annsin, agus do loisg Dáiḃi agus a ṁuinntir íad.

22 ¶ Agus do ċúadar na Ṗilistiniġ súas fós a rís, agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim.

23 Agus a núair dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, a duḃairt sé, Ní raċa tú súas; aċ tarr timċioll na ndíaiġ, agus tárr orra as coinne ċrann na sinéur.

24 Agus go maḋ aṁluiḋ ḃiás, a núair ċluinfios tú torann dula a steaċ air ṁullaċ na ccrannsméur, gurob annsin ċorroċus tú ṫú féin: óir is ann sin raċus an TIĠEARNA amaċ roṁad, do ḃúalaḋ sloiġ na Ḃṗilistíneaċ.

25 Agus do rinne Dáiḃi sin, mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe; agus do ḃúail sé na Ṗilistiniġ ó Ġéba nó go ttí tú go Gáser.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan