II Samuel 4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil IV. Do ḋíoġail Daiḃi ar Baanah agus Reċab marḃaḋ Isboset. 1 Agus a nuáir do ċúalaiḋ mac Ṡauil gur marḃaḋ Abner ann Hébron, dfasadar a láṁa lag, agus do ḃí Israel uile buáiḋearṫa. 2 ¶ Agus do ḃí ag mac Ṡauil dias fear captíniġ ar ċuideaċduiḃ: buḋ é ainm duine ḋíoḃ Baanah, agus ainm a nfir oile Réċab, mic Rimmon Beerotíteaċ, do ċloinn Ḃeniamin: óir do háirṁeaḋ Beerot fós do Ḃeniamin: 3 Agus do ṫeiṫeadar na Beerotitiġ go Gittaim, agus do ċoṁnuiġeadar ann sin gus a niuġ. 4 Agus do ḃí mac ag Ionatan, ṁac Sauil, do ḃí bacaċ ann a ċosuiḃ. Agus do ḃí a ccionn a ċúig mblíaḋan a nuáir ṫáinic sgéula ó Ṡaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do ṫóg a ḃanaltra lé é, agus do teiṫ si leis: agus tárla, mar do ḃí sí ag déanaṁ deiṫnios re teiṫeaṁ, gur ṫuit sé, agus go ndéarnaḋ bacaċ é. Agus sé dob ainm ḋó Meṗibóset. 5 Agus do ċúadar clann Rimmon, an Beerotiteaċ, Reċab agus Baanah, agus tangadar timċioll ṫeasa an laói go tiġ Isboset, noċ do luiḋ ar a leabuiḋ san meaḋon laói. 6 Agus tangadar annsin go lár an tíġe, mar do ṫiucfaidís ar ċeann cruíṫneaċda; agus do ḃuáileadar é fáoi an ccúigeaḋ easna: agus do ċuáiḋ Reċab agus Baanah a ḋearḃraṫair as. 7 Oír á nuáir ṫangadar don tiġ, do ḃí seision na luiḋe ar a leabuiḋ ann a ṡeomra codalta, agus do ḃuáileadarsan é, agus do ṁarḃadar é, agus do ḋíṫċeannadar é, agus rugadar a ċeann léo, agus dimṫiġeadar rompa ṫríd an réiteaċ ar feaḋ na hoiḋċe. 8 Agus ṫugadar ceann Isboset ċum Dáiḃi go Hébron, agus a duḃradar ris an riġ, Féuċ ceann Isboset ṁic Sauil do náṁuid, do ṡir do ḃás; agus do rinne an TIĠEARNA dioġaltus mo ṫiġearna an ríġ a niuġ ar Ṡaul, agus ar a ṡlioċd. 9 ¶ Agus do ḟreagair Dáiḃi reċab agus Baanah a ḋearḃraṫair, mic Rimmon an Beerotiteaċ, agus a duḃairt sé ríu, Mar ṁairios an TIĠEARNA, noċ dfuascuil manum as gaċ uile ġáḃaḋ, 10 A núair dinnis duine ḋaṁ, ḋá ráḋ, Feuċ, atá Saul marḃ, dá ṁeas go ttug sé scéula maiṫe ċugamsa, do rug misi air, agus do ṁarḃ mé é ann Siclag, an té do ṡaóil go ttiuḃruinn lúaċ a sgéuluiġeaċda ḋó: 11 Ga ṁéid ós a ċionn sin, a nuáir do ṁarḃadar droċ ḋaoine duine fíreunta ann a ṫiġ féin ar a leabuiḋ? naċ íarrfa misi air a naḋḃarsin anois a ḟuilsion as ḃur láṁuiḃsi, agus siḃsi ṫógḃáil do ḋruim na talṁan? 12 Agus dfúagair Dáiḃi dá óganaċuiḃ, agus do ṁarḃadar íad, agus do ġearradar a láṁa agus a ccosa ḋíoḃ, agus do ċroċadar súas íad ós cionn an loċáin ann Hébron. Aċd do ṫógḃadar ceann Isboset, agus do aḋlaiceadar é a ttúama Abner ann Hébron. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society