II Samuel 3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil III. Abner ag fagḃail Isboset. 12 Do ċeángail é féin ré Daiḃi. 27 Do ṁarḃaḋ lé Ióab. 33 Agus do ċaóineaḋ ré Daiḃi, é. 1 Anois do ḃí cogaḋ fada eidir ṫiġ Ṡauil agus tiġ Ḋáiḃi: aċd do ḃí Dáiḃi ag dul air a aġaiḋ a neart, agus tiġ Ṡauil ag dul a laige agus nios laíge. 2 ¶ Agus rugaḋ mic do Ḋáiḃi ann Hébron: agus do bé a ċéad ṁac Amnon, ré Ahinoam an Tiesrieelteaċ; 3 Agus a ḋara ṁac, Ċíleáb, re Abígail bean Nábal an Carmelíteaċ; agus an treas, Absolon, ṁac Maacah, inġean Ṫalmai ríġ Gésur; 4 Agus an ceaṫraṁah, Adoniiah ṁac Haggit; agus an cúigeaḋ, Seṗatia mac Abital; 5 Agus an seiseaḋ, Itream, re Heglah bean Ḋáiḃi. Síad so rugaḋ do Ḋáiḃi ann Hébron. 6 ¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃí cogaḋ idir ṫiġ Ṡauil agus tiġ Ḋáiḃi, go ndéarna Abner é féin láidir do ṫiġ Ṡauil. 7 Agus do ḃí leannán ag Saul, dar ḃainm Rispah, inġean Aiah: agus a duḃairt Isbóset re Abner, Cred far lúiġ tú lé leannán maṫar? 8 Ann sin do ḃí Abner ro ḟeargaċ tré ḃríaṫraiḃ Isbóset, agus a duḃairt sé, An ceann madruiḋ misi, noċ ṫaisbeanus cinéul a niuġ a naġaiḋ Iúdah do ṫiġ Ṡauil haṫairsi, dá ḋearḃráiṫriḃ, agus dá ċáirdiḃ, agus nar ṡeaċaid mé ṫusa a láiṁ Ḋáiḃi, as a ḃfuil tú a niuġ ag cur ċoire am leiṫ a ttáoḃ na mnása? 9 Go maḋ marsin do ḋéanas Día re Habner, agus fós nios mó, mar do ṁionnuiġ an TIĠEARNA do Ḋáiḃi, muna ndéarna misi mar sin dó; 10 An rioġaċd aṫarruġaḋ ó ṫiġ Ṡauil, agus caṫaóir Ḋáiḃi ċur súas ós cionn Israel, agus ós cionn Iúdah, ó Ḋan air fad go Beer‐séba. 11 Agus níor ḟéad sé éanḟocal freagarṫa do ṫaḃairt ar Abner a rís, do ḃríġ go raiḃ eagla air roiṁe. 12 ¶ Agus do ċuir Abner teaċda ċum Dáiḃi ḋá ṫáoiḃ féin, ga ráḋ. Cia ler leis an dúiṫċe? ga ráḋ fós, Déana ceangal riomsa, agus, féaċ, biáiḋ mo laṁ leaċd, do ṫaḃairt Israel uile timċíoll ċugad. 13 ¶ Agus a duḃairt seision, Is maiṫ sin; do ḋéansa ceangal riot: aċd éinni aṁáin íarrum ort, eáḋon, Ní ḟaicfiḋ tú mo ġnúis, muna ttuga tú Miċal inġean Ṡauil leaċd a ċéaduaír, an tan ṫiucfas tú dom laṫair. 14 Agus do ċuir Dáiḃi teaċda ċum Isbóset ṁac Sauil, ġa ráḋ, Taḃair ḋaṁsa mo ḃean Miċal, noċ do ṗós mé ḋaṁ féin, ar son ċéad réaṁċroiceann do na Ṗilistiniḃ. 15 Agus do ċuir Isbóset fios uirre, agus ṫug ó na fear í, eaḋon ó Ṗaltiel ṁac Lais. 16 Agus do ċuáiḋ a fear lé ar fad ag gul na diáiġ go Bahurim. Annsin a duḃairt Abner ris, Imṫiġ, agus fill. Agus do ḟill sé. 17 ¶ Agus do ċoṁráiḋ Abner re seanoíriḃ Israel, ġá ráḋ, Díarraḃair roiṁeso Dáiḃi ḃeiṫ na ríġ oruiḃ: 18 Anois ċeana déanuiḋ é: óir do laḃair an TIĠEARNA, a ttáoḃ Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Le láiṁ mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi ṫárṫoċus misi mo ṗobal Israel as láiṁ na Ḃṗilistíneaċ, agus as láiṁ a náṁad uile. 19 Agus do laḃair Abner mar an gcéadna a gcluásaiḃ Ḃeniamin: agus do ċúaiḋ Abner mar an gcéadna do laḃairt a cclúasaiḃ Ḋáiḃi ann Hébron a nuile ní dar ṫaitin le Israel, agus dar ṫaitin le tíġ Beniamin uile. 20 Annsin ṫáinic Abner ċum Ḋáiḃi ann Hébron, agus fiṫċe fear leis. Agus co rinne Dáiḃi féasta do Abner agus don ṁuinntir do ḃí na ḟoċair. 21 Agus a duḃairt Abner ré Dáiḃi, Eireoċaiḋ misi agus imṫeoċa mé, agus cruinneoċad Israel uile ċum mo ṫiġearna an ríġ, ċor go ndéanuid ceangal riot, agus go mbía tú ad ríġ ós cionn gaċ ar mían led ṁeanmuin. Agus do ċuir Dáiḃi Abner ar siuḃal; agus dimṫiġ sé a síoṫċain. 22 ¶ Agus féuċ ṫangadar searḃḟoġantuiġiḋ Ḋaiḃi agus Ioab ó ṫóruiġeaċd buiḋne, agus tugadar éadáil ṁór leó: (aċd ní raiḃ Abner a ḃfoċair Ḋáiḃi ann Hebron; óir do ċuir sé ar siuḃal é, agus dimṫiġ sé a sioṫċáin.) 23 A núair ṫáinig Ióab agus an sluáġ do ḃí na ḟoċair uile, dinnisiodar do Ióab, ḋa ráḋ, Táinig Abner ṁac Ner ċum an ríġ, agus do ċuir sé ar siuḃal é, agus dimṫiġ sé a síoṫċáin. 24 Ann sin ṫáinic Ióab ċum an ríġ, agus a duḃairt sé, Cred an ni so do rinne tú? féuċ, ṫáinig Abner ċugad; cred fár ċur tu air siuḃal é, agus dimṫiġ sé ṫríd amaċ? 25 As aiṫniḋ ḋuitse Abner ṁac Ner, gur dot ṁeallaḋ ṫáinic sé, agus dfaġáil feasa do ḋula amaċ agus do ṫeaċd a steaċ, agus dfios a nuile neiṫe da ndéan tú. 26 Agus a núair ṫaínic Ióab amaċ ó Ḋáiḃi, do ċuir sé teaċda a ndiaiġ Abner, noċ ṫug air ais é ó ṫobar Sirah: aċ ní raiḃ á ḟios ag Dáiḃi. 27 Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel. 28 ¶ Agus na ḋíaiġ sin, a núair do ċúalaiḋ Dáiḃi é, a duḃairt sé, Atáimse agus mo rioġaċd neṁċiontaċ a laṫair an TIĠEARNA go bráṫ ó ḟuil Abner ṁic Ner: 29 Coṁnuiġeaḋ sí ar ċeann Ióab, agus ar ṫiġ a aṫar uile; agus nar ṫeasduiġ ó ṫiġ Ióab duine ar a mbía créaċd ṡillte, nó ḃías na loḃar, nó dar buḋ éigin siuḃal le bata, nó ṫuitfios ar an gcloiḋeaṁ, no ar a mbía easḃaiḋ aráin. 30 Marsin do marḃaḋ Abner le Ióab agus lé Abisai a ḋearḃraṫair, do ḃriġ gur ṁarḃ seision Asahel a ndearḃraṫair annsa troid ag Gibeon. 31 ¶ Agus a duḃairt Dáiḃi re Ióab, agus ré a raiḃ na ḟoċair, Brisiḋ ḃur néaduiġe, agus gaḃuiḋ siḃ féin a saic‐éadaċ, agus caóiniḋ roiṁe Abner. Agus do lean Dáiḃi an ríġ féin an cróċar. 32 Agus do aḋlaiceadar Abner ann Hébron: agus do ṫóg an ríġ a ġuṫ súas, agus do ġuil sé ar uáiġe Abner; agus do ġuil an pobal uile. 33 Agus do ċaói an ríġ ós cionn Abner, agus duḃairt, An ḃfuáir Abner bás mar éugas amadán? 34 Ní raḃadar do láṁa ceangailte, ní mó do ḃádar do ċosa a ngéiḃionn: mar ṫuitios duine a laṫair ḋaóine coirpeṫe, is mar sin do ṫuit tusa. Agus do ġuiliodar an pobal uile a rís ós a ċionn. 35 Agus a nuáir ṫáinig an pobal uile dá ṫáḃairt air Ḋáiḃi bíaḋ iṫe an feaḋ do ḃí fós na lá, ṫug Dáiḃi a ṁionna, ḋá ráḋ, Déanaḋ Día mar súd riómsa, agus tuilleaṁ fós, má ḃlaisim aran, no éainní oile, nó go neaċuiḋ an ġrían faói. 36 Agus tugadar na daóine uile da naire é, agus do ṫaitin sin riu: aṁuil gaċ a ndéanaḋ an ríġ do ṫaitniġeaḋ sé ris an bpobal uile. 37 Oír do ṫuig an pobal uile agus do ṫuig Israel uile an lá sin naċ ón riġ ṫáinic gur marḃaḋ Abner ṁac Ner. 38 Agus a dúḃairt an ríġ re na ṡerḃíseaċaiḃ uile, Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur ṫuit prionnsa agus duine mór a niuġ a Nísrael? 39 Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society