Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XXIV. Pláiġ ar feaḋ ṫrí lá, le na ṁaṫairaḋḃair 18 Agus a leiġiosaḋ.

1 Agus a rís do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ċorruiḋ sé Dáiḃi na naġaiḋ, ḋa ráḋ, Imṫiġ, agus coṁáir Israel agus Iúdah.

2 Oir a duḃairt an ríġ ré Ióab caiptín a ṡlóiġ, noċ do ḃí na ḟoċair, Eiriġ anois ar feaḋ ṫreaḃ Israel, ó Ḋan go Beerséba, agus coṁáir an pobal, ċor go mbía fios uiḃre an ṗobail agumsa.

3 Agus a duḃairt Ióab ris an ríġ, Anois go ccuiriġ do ṪIĠEARNA Díase a gceann an ṗobail, (giḋ bé ḋá ṁéid dá ḃfuilid), a ċéud oirid, agus go ḃfaiciḋ súile mo ṫiġearna an ríġ é, aċ cred as a ḃfuil dúil ag mo ṫíġearna an ríġ annsa ní so?

4 Giḋeaḋ rug bríaṫra an ríġ buáiḋ a naġaiḋ Ióab, agus a naġaiḋ ċaiptíniġ an tslóiġ. Agus do ċuáiḋ Ióab agus caiptíniġ an tslóiġ amaċ ó laṫair an ríġ, dáireaṁ ṗobail Israel.

5 ¶ Agus do ċúadar anonn tar Iordan, agus do ḟosadar ann Aroer, don taóiḃ ó ḋeas don ċaṫruiġ atá a lár aḃann Ġad, agus leaṫ re Gaser:

6 Ann sin tangadar go Gílead, agus don tír íoċdruiġ núaḋáitiġe; agus tangádar go Dan‐Iaan, agus fa gcuáirt go Sidon,

7 Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caiṫreaċaiḃ na Hiḃiteaċ eile, agus na Gcananíteaċ: agus do ċúadar amáċ don taóiḃ ó ḋeas do Iúdáh, go Beerséba.

8 Ann sin an tan do ċúadar ṫríd an dúiṫċe uile, ṫangadar go Hierusalem a gcionn naói míos agus ḟiṫċid lá.

9 Agus ṫug Ióab don ríġ suim uiḃre na ndaóineaḋ: agus do ḃí ann Israel oċd ccéad míle fear gaisgeaṁuil do ṫarruing cloiḋeaṁ; agus do ḃí muinntir Iúdah cúig ċéud míle fear.

10 ¶ Agus do ġoin croiḋe Ḋáiḃi é féin tar éis na ndaoineaḋ áireaṁ ḋó. Agus a duḃairt Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé go mór annsa ní do rinne me; agus a nios, guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, glan do ṡearḃḟoġantuiġ óna éigceart; óir do rinne mé go ro leaṁ.

11 Oír a nuáir déiriġ Dáiḃi ar maidin, ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA gus an ḃfáiḋ Gad, fear fiosa Ḋáiḃi, ga ráḋ,

12 Eiriġ agus abair re Dáiḃi, Is marsó a deir an TIĠEARNA, Atáim ag tairgsin ṫrí neiṫe ḋuit; beir do roġa ḋíoḃ, go ndéana mé ḋuit é.

13 Mar sin ṫáinic Gad go Dáiḃi, agus do innis ḋo, agus a duḃairt sé ris, An ttiucfaid seaċd mblíaḋna gorta ort ann do ḋúiṫċe? nó an tteiṫfiḋ tú trí ṁí roiṁe do naiṁde, an feaḋ ḃias síad dot leanṁuin? nó an mbiáiḋ trí la pláiġe ann do ḋúiṫċe? anois déana coṁairle, agus féuċ cred é an ḟreagra ḃéarus misi ar an té do ċuir uaḋ me?

14 Agus a duḃairt Dáiḃi ré Gad, Atáim a gcuṁgaċ ṁór: tuitmíd anois a láiṁ an TIĠEARNA; óir is mór a ṫrócaire: agus ná tuiteam a láiṁ duine.

15 Ann sin do ċuir an TIĠEARNA pláiġ ar Israel ó ṁaidin nó go ttáinic an tam cinnte: agus fuáir bás do na daóiniḃ ó Ḋan go Beerséba seaċdṁoġad míle.

16 Agus an tan do ṡín an taingeal a láṁ amaċ ar Ierusalem dá hargoin, do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA fá nolc, agus a duḃairt ris a naingeal do ṁarḃ na daóine, Is lór sin: connuiṁ anois ar do láiṁ. Agus do ḃí aingeal an TIĠEARNA ag ionad buáilte Araunah an Iebusiteaċ.

17 Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.

18 ¶ Agus ṫáinic Gad an lá sin ċum Dáiḃi, agus a duḃairt sé ris, Eiriġ súas, tóg altóir don TIĠEARNA a nurlár buáilte Araunah an Iebusiteaċ.

19 Agus do ċuáiḋ Dáiḃi súas do réir ḃréiṫre Ġad, mar do aiṫin an TIĠEARNA.

20 Agus dféuċ Araunah, agus do ċonnairc sé an ríġ agus a ṁuinntir ag teaċd go nuige é: agus do ċuáiḋ Araunah amaċ, agus do ċrom é féin ar a aġaiḋ ar an ttaluṁ a laṫair an ríġ.

21 Agus a duḃairt Araunah, Cred fá ttáinic mo tiġearna an riġ ċum a ṡerḃísiġ? Agus a duḃairt Dáiḃi, Do ċeannaċ urláir an ḃuáilte uaitsi, do ṫógḃáil altóra don TIĠEARNA, lé gcoisgfiḋ an ṗláiġ do na dáoiniḃ.

22 Agus a duḃairt Araunah ré Dáiḃi, Glacaḋ mo ṪIĠEARNA an ríġ agus ofrálaḋ súas an ní as maiṫ ann a raḋarc féin: féuċ, atáid anuso daiṁ ċum íoḋbarṫa loisge, agus na súistiġesi agus cunga na ndaṁ ċum connaiḋ.

23 Ṫug Araunah, mar ríġ na neiṫesi uile don ríġ. Agus a duḃairt Araunah ris an ríġ, Go nglacaiḋ do ṪIĠEARNA Día ċuige ṫú.

24 Agus a duḃairt an ríġ ré Haraunah, Ní haṁluiḋ ḃías; aċt ceainneoċuiḋ mé uait é ar a lúaċ: agus ní ofrála mé ofráil loisge dom ṪIĠEARNA Día do ní naċ ccoisteonuiġ éainní ḋaṁ. Mar sin do ċeannuiġ Dáiḃi an turlár buáilte agus na daiṁ ar ċaogad secel airgid.

25 Agus do ṫóg Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus do íoḋbair ofrála loisge agus ofrála síoṫċána. Mar sin do fríṫ an TIĠEARNA re a ġuiḋe ar son na dúiṫċe, agus do coisceaḋ an ṗiáiġ ó Israel.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan