II Samuel 23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXIII. Briaṫra deiġeannaċa Ḋaiḃi. 8 Anmanna a ḋáoine neartṁara. 1 Anois a síad so bríaṫra deiġionaċa Ḋáiḃi. Duḃairt Dáiḃi ṁac Iessé, agus a duḃairt, an té do tógḃaḋ súas go hárd, ungṫaċ Dé Iácob, agus sailmċéolaċ binn Israel: 2 Laḃair spiorad an TIĠEARNA ṫríomsa, agus do ḃí a ḃríaṫar ann mo ṫeanguiḋ. 3 A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De. 4 Agus biáiḋ sé mar ṡolus na maidne, an nuair éirġios an ġrían, eaḋon ar maidin gan néull; mar an ḃféur min ag fás as an ttalaṁ le deálra glan a ndiáiġ fearṫanna. 5 Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás. 6 Aċ béid mic Ḃélial uile mar dealga ṫeilgṫear amaċ, do ċionn naċ féidir breiṫ orra le láṁuiḃ: 7 Aċ an té ḃeanfas riú cuṁduiġear é le híarann agus le crann gaṫa; agus loisgfiġear ṫríd amaċ le teine íad an sa náit ċeadna. 8 ¶ Síad so anmanna na ndáoine neartṁara do ḃí ag Daiḃi: An Taċmoniteaċ do ṡuiḋ annsa ċaṫaóir, uaċdarán a measg na ccaiptíneaḋ; (do bé sin Adino an Tesniteaċ): do ṫóg sé a ġaṫ a naġaiḋ oċd ccéad, noċ do ṁarḃ sé a néanuáir. 9 Agus a ndiáiġ a nfir sin do bé Eleásar ṁac Dodo an Tahohíteaċ, aón don triúr do na dáoiniḃ cuṁaċdaċa do ḃi ag Dáiḃi, a nuair ṫugadar a slán fá na Ṗilistíniḃ noċ do ċruinuiġ annsin a gcionn a ċéile ċum caṫa, agus dimṫiġeadar fir Israel rompa. 10 Deiriġ seision, agus do ḃuáil sé na Ṗilistiniġ nó go raiḃ a láṁ curṫa, agus gur ċeangail a láṁ don ċloiḋeaṁ: agus do oibriġ an TIĠEARNA búaiḋ ṁór an lá sin; agus dfilleadar na daóine na ḋiáiġ ar son éadala aṁáin. 11 Agus a ndiaiġ a nfirsin do ḃí Sammah ṁac Agee an Hararíteaċ. Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a gcionn a ċéile a gcuideaċduin, mar a raiḃ piosa fearuinn lán do ṗiseanuiġ: agus do ṫeiṫeadar na dáoine roiṁe ná Ṗilistiniḃ. 12 Aċ do ṡeas seision a lár a nfearuinn, agus do ċuṁduiġ sé é, agus do ṁarḃ sé na Ṗilistiniġ: agus do oibriġ an TIĠEARNA buáiḋ mór. 13 Agus do ċúaiḋ triúr don tríoċad dob oirḋearca síos, agus tangadar go Dáiḃi annsa ḃfóġmbar go huaiṁ Adullam: agus do ṡuiġeadar slúaġ na Ḃṗilistineaċ a ngleann Reṗaim. 14 Agus do ḃí Dáiḃi ann sin a ndaingion, agus do ḃí gairiosún na Ḃṗilistineaċ an tan sin a Mbet‐lehem. 15 Agus do ġaḃ fonn Dáiḃi, agus a duḃairt, Oh naċ ttugann duine éigin deoċ ḋaṁ duisge ṫobair Ḃet‐lehem, noċ atá láiṁ ris an ngeata! 16 Agus do ḃriseadar an tríur fear neartṁar tre ṡlúaġ na Ḃpilistineaċ, agus do ṫairngeadar uisge as tobar Ḃet‐lehem, do ḃí láiṁ ris an ġeata, agus do ġlacadar, agus tugadar léo é go Dáiḃi: giḋeaḋ níor ḃaill leision ól de, aċd do ḋóirt sé amaċ é don TIĠEARNA. 17 Agus a duḃairt sé, Bíoḋ sin a ḃfad uannsi, a ṪIĠEARNA, go ndéanuinn so: naċ í so fuil na ndáoine do ċuáiḋ a nguais a nanma? uime sin níor ḃáill leis a ól. Do rinneadar an triúrsa dfearuiḃ gaisgeaṁla na neiṫesi. 18 Agus do ḃí Abisai, mac Seruiah dearḃraṫair Ióab, na ċeann ar ṫriúr. Agus do ṫóg sé a ġaṫ súas a naġaiḋ ṫrí gcéad, agus do ṁarḃ se íad, agus fuáir sé ainm a measc triúir. 19 Naċ raiḃ sé ro onoraċ do ṫríur? uimesin do ḃí sé na ċaiptín orra: bíoḋ naċ ráinic sé a ccoiṁmeas ris an ccéaidṫríur. 20 Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine ċurata, ó Ċabseel, noċ do rinne móirġnioṁa, do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċuáiḋ sé síos mair an gcéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan a lár cuife an aimsir ṡneaċda: 21 Agus do ṁarḃ sé Egipteaċ, duine bréaḋa: agus do ḃí gaṫ ag an Negipteaċ ann a laiṁ; aċd do ċuáiḋ sesion sios ċuige le maide, agus do ṫarruing an gaṫ as láiṁ an Négiptiġ, agus do ṁarḃ le na ġaṫ féin é. 22 Do rinne Benaiah mac Iehoiada na neiṫesi, agus fuáir sé ainm a measc ṫrír do ḋáoiníḃ neartṁara. 23 Do buḋ onóruiġ é ná an tríoċad, aċd ní ráinic sé gus an triúrso; agus do ċuir Dáiḃi ós cionn a luċd coiṁéada é. 24 ¶ Do ḃí Asahel dearḃraṫair Ióab na áon don tríoċad; Elhanan mac Dodo ó Ḃet‐lehem. 25 Sammah an Harodíteaċ, Elica an Harodíteaċ, 26 Heles an Paltiteaċ, Ira mac Icces an Tecoitéaċ, 27 Abieser an Tanetotiteaċ, Mebunnai an Husatiteaċ, 28 Salmon an Tahohiteaċ, Mahari an Netóṗatiteaċ, 29 Heleb mac Baanah an Netoṗatiteaċ, Ittai ṁac Ribai as Gibeáh do ċloinn Ḃeniamin, 30 Benaiah an Piratoniteaċ, Hiddai ó ġleantuiḃ Gaas, 31 Abi‐albon an Tarbatiteaċ, Asmaḃet an arumiteaċ, 32 Eliahba an Saalboniteaċ, do ṁacaiḃ Iasen, Ionatan, 33 Sammah an Harariteaċ, Ahiam ṁac Sarar an Harariteaċ, 34 Eliṗelet mac Ahasbai, mac an Ṁaahatiteaċ, Eliam mac Aċitoṗel an Giloniteaċ, 35 Hesraian an Carmelíteaċ, Paarai an Tarbiteaċ, 36 Igal ṁac Nátan ó Ṡóbah, Bání an Gaditeaċ, 37 Selec an Tammoniteaċ, Naharai an Beerotiteaċ, fear iomċarṫa airm Ióab ṁic Seruiah, 38 Ira an Hitriteaċ, Gareb an Hitriteaċ. 39 Uriah an Hittiteaċ: tríoċad agus móirṡeisear an tiomlán. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society