II Samuel 22 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXII. An 18 psalm Ḋaiḃi, um a ċosnaṁ, a ḃuiḋeaċuis, agus a ṫairrgire. 1 Agus do laḃair Dáiḃi ris an TTIĠEARNA briaṫra an dánasa annsa ló ar ṡáor Día é as láṁuiḃ a náṁad uile, agus as láṁuiḃ Ṡaúil: 2 Agus a duḃairt, sé, An TIĠEARNA mo ċárruic, agus mo ḋaingion, agus mo ṡáorṫóir; 3 Día mo ċairge; is ann ḃías mo ḋóiġ: sé mo scíaṫ é, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ṫor árd, agus mo ḋidean, mo ṡlánuiġṫeóir; do ċuṁduiġ tú me ó ḟoiréigion. 4 Goirfiḋ mé ar an TTIĠEARNA, noċ is fíu a ṁolaḋ: marsin sáorfuiġear ar mo náṁaid mé. 5 A nuair ṫangadar tonna an ḃáis am ṫimċioll, tuilte na ndaoine neiṁḋíaḋa do ċuireadar eagla orum; 6 Ṫángadar doilġiosa ifrinn am ṫimċioll; do cuireaḋ líonta an ḃáis roṁam; 7 Ann méigion do ġoir mé ár an TTIĠEARNA, agus do éiġ mé ar mó Ḋía: agus do ċúalaiḋ sé mo ġuṫ as a ṫeampall, agus do ċúadar mo ċoṁairce a steaċ na ċlúasaiḃ. 8 Ann sin do ċorruiġ agus do ċrioṫnuiġ an taluṁ; do ċorruiġeadar agus do ċrioṫnuiġeadar bunáite neiṁe, do ḃríġ go raiḃ fearg airsion. 9 Do ċuáiḋ deataċ súas as a ṗolláiriḃ, agus do loisc teine as a ḃéul: do deargaḋ sméarṫoide ris 10 Do ċláon sé fós na neaṁa, agus ṫáiníc se a núas; agus do ḃí dorċadus fá na ċosuiḃ. 11 Agus do ḃí ag marcuiġeaċd ar ċerubin, agus do eitiol sé: agus do ċonncus é ar sciaṫánuiḃ na gaóiṫe. 12 Agus do rinne sé dorċadus na bpáuillíuin fa gcuáirt na timċioll, uisceaḋa dorċa, agus neóill ṫiuġa an naiéir. 13 Tres an lounraḋ do ḃí roiṁesion do deargaḋ sméarṫóide teineaḋ. 14 Do ṫóirniġ an TIĠEARNA ó neaṁ, agus dfoillsiġ an té is áirde a ġuṫ. 15 Agus do ċuir sé saiġde amaċ, agus do scaóil ó ċéile íad; teinteaċ, agus do ċláoiḋ sé íad. 16 Agus do ċonncus grinnioll na fairge, do léigeaḋ leis bunáitiġ an tsáoġail, le hiomaiṫfear an TIĠEARNA, le séideaḋ anála a ṗolláireaḋ. 17 Do ċuir sé ó náird a núas, agus do ġlac sé mé; do ṫarruing sé amaċ as iomad uisgeaḋ mé. 18 Do ṡáor sé mé ar mo náṁuid láidir, agus ón droing do ḟúaṫaiġ mé: óir do ḃádar ro neartṁar agam. 19 Ṫangadar orum go hobann a ló mo anacra: aċd do be an TIĠEARNA mo ċoṫuġaḋ. 20 Ṫug sé fós amaċ mé go háit ḟairsing: do ṡáor sé mé, do ḃríġ go raiḃ dúil aige ionnam. 21 Do lúaċuiġ an TIĠEARNA mé do réir mfíreantaċda: do réir ġloine mo láṁ do ċúitiġ sé riom. 22 Oír do ċoiṁéid mé sliġṫeaċa an TIĠEARNA, agus níor ḋealuiġ mé go coirṫeaċ re mo Ḋía. 23 Oír do ḃádar a ḃreiṫeaṁnuís uile as mo ċoínne: agus a statúidiġ, níor ḋealuiġ mé ríu. 24 Do ḃí mé mar an ccéadna fíréanta ḋa laṫair, agus do ċonnuiġios mé féin óm éagceart. 25 Ar a naḋḃarsin do ċúitiġ an TIĠEARNA riom do réir mfíréantaċda; do réir mo ġloine a raḋarc a ṡúl. 26 Ris an dtrócaireaċ taisbeanfa tú ṫú féin trócaireaċ, agus ris an nduine ḋíreaċ taisbeanfa tu ṫú féin díreaċ. 27 Ris an nglan taisbeanfa tú ṫú féin glan; agus ris an gceannairceaċ taisbeanfa tú ṫú fein domblasda. 28 Agus tárṫoċuiḋ tu na daóine buáiḋearṫa: aċd atáid do ṡúile ar na daóiniḃ árda, ċor go ccuirfiḋ tú síos íad. 29 Oír is tusa mo ċoinniollsa, a ṪIĠEARNA: agus soillseoċuiḋ an TIĠEARNA mo ḋorċadus. 30 Oír ṫriódsa do rioṫ mé tré ċuideaċda: tré mo Ḋía féin do ling mé tar ḃalla. 31 Atá sliġe Dé iomlán; do dearḃaḋ bríaṫar an TIĠEARNA: atá sé na scéiṫ ag gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann. 32 Oír cía is Día ann, aċd an TIĠEARNA? agus cía as carruic aċ ar Ndianne? 33 Sé Día mo neart agus mo ċuṁaċda: agus do ní sé mo ṡliġe iomlán. 34 Do ní sé mo ċosa aṁuil cosa eilite, agus suiġiḋ sé mé ar máitiḃ árda. 35 Múiniḋ sé dom láṁuiḃ cogaḋ; iondus go mbristear boġa crúaḋaċ lem láṁuiḃ. 36 Ṫug tú ḋaṁ mar an gcéadna sciaṫ do ṡlánuiġṫe: agus do rinne do ċeannsaċd mór mé. 37 Do ḟairsingiḋ tú mo ċoiscéime fúm; ionnus nar ṡleaṁnuiġeadar mo ċosa. 38 Do lean mé mo naiṁde, agus do ṁarḃ mé íad; agus níor ḟill mé a rís nó gur ḋíṫ‐laiṫriġ mé íad. 39 Agus do scrios mé íad, agus do loit mé íad, iondus nar ḃféidir leó éirġe; aċd gur ṫuiteadar fam ċosuiḃ. 40 Oír do ġléas tusa mé lé neart ċum caṫa: an drong déiriġ súas am aġaiḋ do ċláoiḋ tusa fúm íad. 41 Ṫug tú ḋaṁ mar an gcéadna muinéil mo náṁad, ionnus go muirfinn an luċd ḟuáṫuiġios mé. 42 Do ḟéuċadar, aċ ní raiḃ áon do ṫárṫoċaḋ; ċum an TIĠEARNA, aċ níor ḟreagair sé íad. 43 Ann sin do ḃúail misi íad mar lúaiṫreaḋ na talṁan, do ḃrúiġ mé íad mar laiṫiġ na sráide, agus do spreiḋ mé ó ċéile íad. 44 Do ṡáor tusa mé mar an gcéadna ó ċeannairgiḃ mo ḋaoine, do ċuṁduiġ tú mé do ḃeiṫ am ċeann air na geintiḃ: daoine nar ḟeadair mé, do ḋéanuid serḃís daṁ. 45 Uiṁleoċuid coiṁiṫiġ ḋaṁ: ar a mball a gcluinfid, béid uṁal damb. 46 Críonfuid na coiṁiṫiġ, agus biáiḋ eagla orra amaċ as a náitiḃ daingne. 47 Mairiġ an TIĠEARNA; agus go maḋ beannuiġ mo ċarruigse; agus go nárduiġṫear Día ċairge mo ṡlánuiġṫe. 48 Sé Día do ní dioġaltas ar mo ṡonsa, agus do ḃeir síos na dáoine fúm, 49 Agus do ḃeir amaċ óm naiṁde mé: do ṫóg tusa fós mé oscionn an drong deiriġ súas am aġaiḋ: do ċáoṁuin tú mé ó nfear díḃḟeirgeaċ. 50 Ar a naḋḃarsin do ḃéara mé buiḋeaċus duitsi, a ṪIĠEARNA, a measc na ngeinteaḋ, agus canfa mé molta dod ainm. 51 As tor slánuiġṫe eision dá ríġ: agus foillsiġ sé trócaire dá ungṫaċ, do Ḋáiḃí agus dá ṡíol go bráṫ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society