II Samuel 21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XXI. Trí bliaḋna gorta; a ċionfaṫ, agus a lá ġiosaḋ. 15 Ceiṫre ċaṫa Ḋáiḃi ris na Ṗilístiniḃ. 1 An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ. 2 Agus do ġoir an ríġ na Gibeonitiġ, agus a duḃairt riú; (anois na Gibeonitiġ ní do ċloínn Israel íad, aċd íarsma na Namoriteaċ; agus ṫugadar clann Israel mionna ḋóiḃ: agus do ṫionnsgain Saul a marḃaḋ ioná ṫeasġraḋ do ċloinn Israel agus Iúdah). 3 Uime sin a duḃairt Dáiḃi ris na Gibeonítiḃ, cred ḋéanus me ar ḃur son, agus cred an ní le a ndéana mé an tsíoṫċáin, ċor go mbeinneoċṫaóisi oiġreaċd an TIĠEARNA? 4 Agus a duḃradar na Gibeonitiġ ris, Ni ġéaḃam ór nó airgead ó Ṡaul, nó ó na ṫiġ; ni mó ṁuirfios tusa eanduine a Nisrael air ar soinne. Agus a duḃairt seision, Gíḋ bé ní a déarṫaoisi do ḋéanadsa ar ḃur sonse. 5 Agus do ḟreagradarsan an ríġ, An duine darguinn sinn, agus do tionnscuin ar naġaiḋ dar léir‐sgrios go naċ bíaḋ duine ḋínn a ccríċ ar biṫ Disrael, 6 Tugṫar móirṡeisior dá ṁacaiḃ ḋúinn agus croċfam súas íad don TIĠEARNA a Ngibeah Ṡauil, noċ do ṫoġ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt an ríġ, Do ḃéara mé ḋiḃ íad. 7 Aċt do ċoigil an ríġ Meṗibóset, ṁac Ionaṫan ṁic Sauil, do ḃríġ ṁionna an TIĠEARNA do ḃí eatorra, idir Ḋáiḃi agus Ionatan ṁac Sauil. 8 Aċ do ġlac an ríġ dias mac Rispah inġean Aiah, noċ rug sí do Ṡaul, Armoní agus Meṗibóset; agus cúigear mac Meiċal inġean Ṡauil, noċ rug sí do Adriel ṁac Barsillai an Meholatiteaċ: 9 Agus do ṫoirḃir íad a láṁuiḃ na Ngibeoniteaċ, agus do ċroċadar íad annsa ċnoc a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus do ṫuiteadar uile na moírṡeisior a néainḟéaċd, agus do cuireaḋ ċum baís íad a ccead láeṫiḃ a nfóġṁair, a ttosaċ ḟóġṁair na heórna. 10 ¶ Agus do ġlac Rispah inġean Aiah saicéadaċ, agus do leaṫnuiġ ḋi féin é ar an gcarruic, ó ṫosaċ an nfóġṁair nó gur ṡil uisge orra ó neaṁ, agus níor ḟuiling deanlaiṫ an naiéir ttuirling orra sa ló, nó daínṁintiḃ an ṁaċaire san noiḋċe. 11 Agus do hínnseaḋ do Ḋáiḃi cred do rinne Rispah inġean Aiah, leannán Ṡauil. 12 ¶ Agus dimṫiġ Dáiḃi, agus do ṫóg cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionataín a ṁic ó ṁuinntir Iabes Gilead, noċ do ġad íad ó ṡráid Ḃetsan, mar ar ċroċadar na Ṗilistiniġ íad, a nuáir do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Saul a Ngilboa: 13 Agus ṫug sé suas as sin cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionatain a ṁic; agus do ċruinniġeadar cnáṁa na muinntire do ċroċaḋ. 14 Agus do aḋlaiceadar cnáṁa Ṡauil agus Ionatain a ṁic a ttír Ḃeniamin ann Selah, a ttuáma a aṫar Cis: agus do coiṁlíonadar gaċ ar aiṫin an ríġ. Agus na ḋiáiġ sin do fríṫ Día ré a ġuiḋe ar son na tíre. 15 ¶ Os a ċionn sin do ḃí cogaḋ fós a rís ag na Ṗilistiniḃ ré Hisrael; agus do ċuáiḋ Dáiḃi síos, agus a ḋaoine leis, agus do ṫroid sé a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: agus do ċuáiḋ Dáiḃí a nanḃfuinne. 16 Agus Isbi‐benob, noċ dar buḋ da ṁaciḃ an aiṫiġ, dar ċoṁṫrom dá ġaṫ trí ċéud secel do ṗrás a ccoṁṫrom, ar ccur ċloiḋiṁ nuáiḋ ṫairis, do ṡáoil sé Dáiḃi ṁarḃaḋ. 17 Aċt do ṫárṫuiġ Abisai ṁac Seruiah é, agus do ḃuáil sé an Ṗilistineaċ, agus do ṁarḃ é. Ann sin ṫugadar muinntir Ḋáiḃi mionna ḋó, ḋa ráḋ, Ní raċa tusa níos mó linn amaċ ċum caṫa, ċor naċ múċfa tú solus Israel. 18 Agus tárla na ḋiáiġso, go raiḃ a rís caṫ ag na Ṗilistiniḃ a Ngob: annsin do ṁarḃ Sibbeċai an Husatiteaċ Saṗ, noċ do ḃí do ċloinn a naṫaiġ. 19 Agus do ḃí caṫ a Ngob a rís ag na Ṗilistiniḃ, mar ar ṁarḃ Elhanan ṁac Iaare‐oregim, Betlemíteaċ, dearḃraṫair Ġoliah an Gititeaċ, aga raiḃ gaṫ ler ċosṁuil a ċrann lé garmáin ḟiġeadóra. 20 Agus do ḃí fós caṫ a Ngát, mar a raiḃ duine do ṁéid ṁór, agus sé méir air gaċ láiṁ leis, agus sé méir ar gaċ cois leis, a ceaṫair fiṫċiod a nuiḃir; agus is don naiṫeaċ mar an gcéadna rugaḋ é. 21 Agus a nuáir ṫug a ṡlán fá Israel, do ṁarḃ Ionatan ṁac Simeah dearḃraṫair Ḋáiḃi é. 22 Don naiṫeaċ a Ngát do rugaḋ an ceaṫrarsa, agus do ṫuiteadar lé láiṁ Ḋáiḃi, agus lé láiṁ a ṡearḃḟogantuiġeaḋ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society