II Samuel 2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil II. Do ungaḋ Daiḃí na ríġ ós cionn Iúdah. 8 Agus dearnaḋ rí do Isboset ar Israel. 1 Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ḟiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé súas go haon do ċaiṫreaċaiḃ Iúdah? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ súas. Agus a duḃairt Dáiḃi, Cait suas a raċa me? Agus a duḃairt seision, Go Hébron. 2 Marsin do ċuáiḋ Dáiḃí súas annsin, agus fós a ḋías ban, Ahinoam an Tiesreeliteaċ, agus Abigail bean Nábal an Carmelíteaċ. 3 Agus rug Dáiḃi leis súas a ṁuinntir do ḃí na ḟoċair, gaċ uile ḋuine guna ṫeaġlaċ: agus do ċoṁnuiġeadar a ccaiṫreaċaiḃ Hébron. 4 Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáiḃi ann sin na ríġ ós cionn ṫiġe Iúdah. Agus dinnisiodar do Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Dob íad muinntir Iabesgílead do aḋluic Saul. 5 ¶ Agus do ċuir Dáiḃi teaċda go muinntir Iabes‐gílead, agus a duḃairt sé ríu, Go maḋ beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA, noċ do ṫaisbéin an cinéulsa dá ḃur ttiġearna, do Ṡaul, agus do aḋlaic é. 6 Agus a nois go ttaisbéanuiġ an TIĠEARNA ḋaóiḃse cinéul agus fírinne: agus cúiteoċuiḋ misi fós an cinéulsa riḃ, do ḃríġ go ndéarnaḃair an níse. 7 Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn. 8 ¶ Aċ do ġlac Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Ṡauil, Isboset ṁac Ṡauil, agus ṫug leis a nall go Mahanaim é; 9 Agus do rinne sé ríġ ós cionn Ġílead ḋe, agus ós cionn na Nasúríteaċ, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Eṗraim, agus ós cionn Israel uile. 10 Do ḃí Isboset ṁac Sauil ceaṫraċad blíaḋan daóis a núair do ṫionsguin sé riġe ós cionn Israel, agus do ḃí na ríġ ḋá ḃlíaḋuin. Aċd do lean tiġ Iúdah Dáiḃi. 11 Agus ba hé uiḃir na láeṫeaḋ do ḃí Dáiḃi na ríġ ann Hébron ós cionn ṫíġe Iúdah seaċd mblíaḋna agus sé ṁí. 12 ¶ Agus do ċuáiḋ Abner ṁac Ner, agus searḃḟoġantuiġiḋ Isbóset ṁic Sauil, amaċ ó Ṁahanaim go Gibeon. 13 Agus do ċúaiḋ Ióab ṁac Seruiah, agus searḃḟoġantuiġiḋ Ḋáiḃi amaċ, agus tárla ḋá ċeile íad ag loċan Ġibeon: agus do ṡuiġeadar síos, drong aca a ttáoḃ don loċán, agus drong don taóiḃ oile don loċán. 14 Agus a duḃairt Abner re Ióab, Eirġidís na hógánuiġ anois, agus déindís súgraḋ as ar ccoine. Agus a duḃairt Ióab, Eirġidís. 15 Annsin do éiriġ, agus do ċuaiḋ a nonn a nuiḃir ḋá ḟear ḋéag do Ḃeniamin, noċ do ġaḃ le Isbóset ṁac Sauil, agus dá ḟear ḋéag do ṡearḃḟoġantaiḃ Ḋáiḃi. 16 Agus do ġlac gaċ áon díoḃ a ċompanáċ ar ċeann, agus do ṡaiṫ a ċloiḋeaṁ a ttáoḃ a ċompánuiġ; ionnus gur ċoṁṫuitim dóiḃ: uimesin do goireaḋ don náitsin Helcat‐hassurim, noċ atá a Ngibeon. 17 Agus do ḃí caṫ ro ḋoilġe an lá sin ann; agus do buáileaḋ Abner, agus muinntir Israel, as coinne ṡerḃiseaċ Ḋáiḃi. 18 ¶ Agus do ḃádar trí mic Ṡeruiah annsin, Ióab, agus Abisai, agus Asahel: agus do ḃí Asahel coṁlúaṫ ḋá ċois lé eilít an ṁacaire. 19 Agus do lean Asahel a ndiáiġ Abner; agus ag imṫeaċd ḋó níor ċas sé ar a láiṁ ḋeis nó ċlé ó ṫóruiġeaċd Abner. 20 Annsin dféaċ Abner na ḋiáiġ, agus a duḃairt, An tú Asahel? Agus do ḟreagair seision, Is mé. 21 Agus a duḃairt Abner ris, Fill do leaṫ taóiḃ ar do láiṁ ḋeis no ċlé, agus glac duine do na hóganaċaiḃ, agus glac a éadail ċugad. Aċt níor ḃáill le Asahel fillioḋ ó na leanṁuin sion. 22 Agus a duḃairt Abner a rís re Asahel, Fill ó ḃeiṫ dom leanṁuin: cred fá mbuailfinnsi ṫú go taluṁ? cionnus annsin do ṫaisbeanfuin maġuiḋ do Ióab do ḋearḃraṫair? 23 Giḋeaḋ do ḋíult seision filleaḋ do leaṫtaoiḃ: uimesin do ḃuáil Abner é do ċeann gaṫa fáoi an ccúigeaḋ easna, iondus go ttáinic an gaṫ amaċ air a ċúl; agus do ṫuit sé ann sin, agus déug sé san náit ċéadna: agus tárla, an ṁéid ṫáinic go nuige a náit ar ṫuit Asahel síos agus a ḃfúair sé bás gur ḟanadar na seasaṁ. 24 Do lean Ióab mar an gcéadna agus Abisai a ndiáiġ Abner: agus do ċuáiḋ an ġrían faói a nuáir ṫangadar go cnoc Ammah, noċ atá a raḋarc Ġía ar sliġe ḟásaiġ Ġibeon. 25 ¶ Agus do ċruinniġeadar clann Ḃeniamin íad féin a gcionn a ċéile a ndiáiġ Abner, agus tangadar a néanċuideaċda aṁáin, agus do ṡéasadar ar ṁullaċ cnoic. 26 Annsin do ġoir Abner ar Ióab, agus a duḃairt, An mbía an cloiḋeaṁ ag marḃaḋ ċoiḋċe? naċ ḃfuil a ḟios agad go mbiáiḋ sin na ṡearḃas fá ḋeireaḋ? uime sin ga fad a ḃías, suil déaras tú ris na dáoiniḃ filleaḋ ó leanṁuin a ndearḃráiṫreaċ? 27 Agus a duḃairt Ióab, Mar ṁairios Día, muna ḃeiṫ gur laḃair tú, go deiṁin is air maidin do raċaiḋ an pobal súas gaċ éanduine ó leanṁuín a ḋearḃraṫar. 28 Iarsin do ṡéid Ióab a stoc, agus do ṡeasadar an pobal uile na gcoṁnuiġ, agus níor leanadar nios mó a ndiáiġ Israel, agus níor ṫroideadar níos mó. 29 Agus do ḃí Abner agus a ṁuinntir ag siuḃal ar feaḋ na hoiḋċe sin ṫríd an réiteaċ, agus do ċúadar tar Iordan, agus dimṫiġeadar tré Ḃitron uile, agus tangadar go Mahanaim. 30 Agus dfill Ióab ó ṫóruiġeaċd Abner: agus a nuáir do ċruinniġ sé an pobal uile a gciónn a ċéile, do ṫeasduiġ náoi ḃfir ḋéug, agus Asahel do ṁuinntir Ḋáiḃi. 31 Aċ do ḃúaileadar searḃḟoġantuiġiḋ Ḋáiḃi do Ḃeniamin, agus do ṁuinntir Abner, iondus gur éagadar trí ċeád agus trí fiṫċid ḋíoḃ. 32 ¶ Agus do ṫógḃadar leó Asahel, agus do aḋlaiceadar é a ttúama a aṫar noċ do ḃí a Mbet‐lehem. Agus dimṫiġ Ióab agus a ṁuinntir ar feaḋ na hoiḋċe, agus tangadar go Hébron ag éirġe laé. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society