Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVIII. Absolom ag dol do ċaṫuġaḋ ré Ióab. 2 Agus a ġruag greamuiġte re daruiġ, 14 do marḃaḋ le Ióab é.

1 Agus do áiriṁ Dáiḃi ná dáoine do ḃí na ḟoċair, agus do rinne caiptíniġ ar ṁíltiḃ agus caiptíniġ ar ċéuduiḃ ós a gcionn.

2 Agus do ċuir Dáiḃi amaċ trían na ndáoine fáoi laíṁ Ióab, agus trían faoi láiṁ Abisai mac Seruiah, dearḃráṫair Ióab, agus trían fáoi láiṁ Ittai an Gitíteaċ. Agus a duḃairt an ríġ ris an bpobal, Raċa misi fós liḃ amaċ go deiṁin.

3 Aċt do ḟreagradar an pobal, Ní raċa tú amaċ ar éanċor: óir ma ṫeiċfios sinne, is cuma leósan sin; nó ma marḃṫar ar leaṫ, is cuma leósan sin: aċt anois is fiú déiċ míle aguinn ṫusa: uime sin is fearr go mbía túsa ċum caḃra do ṫaḃairt dúinn amaċ as an gcaṫruiġ.

4 Agus a duḃairt an ríġ riú, Cía bé ċíṫfear ḋaóiḃsi is fearr ḋaṁ ré ḋéanaṁ do ḋéanadsa é. Agus do ṡeas an ríġ ré táoiḃ an ġeata, agus tangadar an pobal uile amaċ na ccéaduiḃ agus na míltiḃ.

5 Agus do aiṫin an ríġ do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, ḋa ráḋ, Déanuiḋ go macánta air mo ṡonsa ris a nóganaċ, ré Habsolon. Agus do ċúaluiḋ an slúaġ uile á núair ṫug an ríġ an nfúagrasin do na caiptíniḃ uile a ttáoḃ Absoloin.

6 ¶ Mar sin do ċúaiḋ an pobal amaċ san maċaire a naġaiḋ Israel: agus sé áit a raiḃ an caṫ, a ccoill Eṗraim;

7 Mar ar marḃaḋ muinntir Israel roíṁe ṡeirḃísiġ Ḋáiḃi, agus do ḃí ann sin ár mór an lá sin fiṫċe míle fear.

8 Oír do scáoileaḋ ó ċéile an caṫ ar féaḋ ḋroma na tíre uile: agus do ṡluig an ċoill nios mó an lásin ná ṁarḃ an cloiḋeaṁ.

9 ¶ Agus tárla Absolon ar ṡearḃḟoġantuiġiḃ Ḋaiḃi. Agus do ḃí Absolon a marcuiġeaċd air ṁúille, agus do ċuáiḋ an múille fáói ġeuguiḃ tiuġa daire moire, agus rug a ċeann greim ar a ndaruiġ, agus do ḃí sé croiċde idir neaṁ agus taluṁ; agus dimṫiġ an múille do ḃí faói roimpe.

10 Agus do ċonnairc duine áiriġ sin, agus dinnis sé do Ióab é, agus a duḃairt, Féuċ, do ċonnairc mé Absolon croiċde a ndaruiġ.

11 Agus a duḃairt Ióab ris an té dinnis sin dó, Agus, féuċ, ó ċonnairc tú é, cred fa nar ḃuáil tú ann sin go taluṁ é agus do ḃéaruinnsi deiċ seceil airgid duit, agus crios.

12 Agus a duḃairt an tóglaċ re Ióab, Dá ḃfaġuinsi míle secel airgid ann mo láiṁ, ní ṡínfinn mo láṁ amaċ a naġaiḋ ṁic an ríġ: óir dfúagair an ríġ dar laṫair ḋuitsi agus do Abisai agus do Ittai, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur naire naċ beanfaḋ áonduine ris a nógánaċ Absolon.

13 Nó do ḋeanuinn éagcóir a naġaiḋ mo ḃeaṫa féin: óir ní ḃfuil ní ar biṫ a ḃfolaċ ar an ríġ, agus do ċuirféasa fós ṫú féin am aġaiḋ.

14 Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.

15 Agus do ċruinniġeadar deiṫneaṁar ógánaċ do ḃí ag iomċar airm Ióab na ṫimċioll agus do ḃuaileadar Absolon, agus do ṁarḃadar é.

16 Agus do ṡéid Ióab an stoc, agus dfilleadar an pobal ó ṫóruiḋeaċd Israel: óir do ċonnuiṁ Ióab na daóine ar a nais úaṫa.

17 Agus do ṫógḃadar Absolon, agus do ṫeilgeadar a bpoll ṁór ar an ccoill é, agus do leagadar cárn ro ṁór cloċ áir: agus do ṫeiṫ Israel uile gaċ áon dá ṗáillíun féin.

18 ¶ Anóis a nuáir do ḃí Absolon béo do ṫóg agus do ċuir sé súas dó féin piléur, noċ atá a ngleann an ríġ: óir a duḃairt sé, Ní ḃfuil éanṁac agum do ċuinneoċaḋ mainm a gcuiṁne: agus ṫug sé a ainm féin ar an bpiléur: agus goirṫear de gus a niuġ, áit Absoloin.

19 ¶ Ann sin a duḃairt Ahimaas ṁac Sadoc, Léig ḋaṁsa anois ríoṫ, agus scéula do ḃreiṫ ċum an ríġ, mar do ḋioġuil an TIĠEARNA é ar a naṁuid.

20 Agus a duḃairt Ióab ris, Ní ḃéara tú scéula leaċd a niuġ, do ḃríġ gur ṁarḃaḋ mac an ríġ, aċd béara tú scéula leaċd lá oile: aċd a níuġ ní ḃcara tú sceula ar biṫ.

21 Ann sin a duḃairt Ióab re Cúsi, Eiriġ, innis don ríġ gaċ a ḃfacaiḋ tú: agus duṁluiġ Cúsi é féin do Ióab, agus do rioṫ se.

22 Ann sin a duḃairt Ahimaas ṁac Sádoc fós a ris ré Ióab, Aċ gíḋ bé ar biṫ é, gúiḋim ṫú, léig ḋaṁ rioṫ a ndiaiġ Ċúsi mar an gcéadna. Agus a duḃairt Ioab, Cred as a rioṫfuiḋ tusa, a ṁic, ó naċ ḃfuilid scéula réiḋ agad?

23 Aċt giḋ bé ar biṫ mar tá, ar seision, Léig ḋaṁ rioṫ. Agus a dúḃairt seision ris, Rioṫ. Ann sin do rioṫ Ahimaas a sliġe an réitiġ, agus do rioṫ roiṁe Ċúsi.

24 Agus do ḃí Dáiḃi na ṡuiḋe idir an dá ġeata: agus do ċuáiḋ an fear faire air ṁullaċ an ġeata go nuige an balla, agus do ṫóg suas a ṡúile, agus dféuċ, agus do ċonnairc duine ag rioṫ na áonar.

25 Agus dfúagair an fear faire, agus dinnis don ríġ. Agus a duḃairt an ríġ, Mas ná áonar atá sé, atáid scéula ann a ḃéul. Agus ṫáinic sé go lúaṫ, agus do ḋruid sé a ngar.

26 Agus do ċonnairc an fear faire duine eile ag rioṫ: agus dfúagair an fear faire don doirseóir, agus a duḃairt, Féuċ duine eile ag rioṫ na áonar. Agus a dúḃairt an ríġ, atáid scéula leission mar an gcéadna.

27 Agus a duḃairt fear na faire, Dar liom is cosṁuil rioṫ an ċéud duine re rioṫ Ahimaas ṁic Sadoc. Agus a dúḃairt an ríġ, Is duine maiṫ sin, agus atáid scéula maiṫe leis.

28 Agus do ġoir Ahimaas, agus a dúḃairt ris an ríġ, Atá gaċ éinní gó maiṫ. Agus do léig sé é féin síos go lár ar aġaiḋ a laṫair an ríġ, agus a dúḃairt, Go maḋ beannaiġ do ṪIĠEARNA Día, noċ do ṡeaċaid súas na daoine do ṫóg a láṁa a naġaiḋ mo ṫiġearna an ríġ.

29 Agus a dúḃairt an ríġ, An ḃfuil an tógánaċ Absolon slán? Agus do ḟreagair Ahimaas, A nuáir do ċuir Ióab searḃḟoġantuiġ an ríġ, agus misi do ṡerḃíseaċ, air siuḃal, do ċonnairc mé giorac mór, aċt ní raiḃ a ḟios agam cred do ḃí ann.

30 Agus a duḃairt an ríġ, Gaḃ a leaṫtaóiḃ, agus seas annso. Agus do ġaḃ seision a leaṫtáoiḃ, agus dfan na ṡeasaṁ.

31 Agus, féuċ, ṫáinic Cúsi; agus a duḃairt Cúsi, Scéula dom ṫiġearna an ríġ: óir do ḋioġuil an TIĠEARNA ṫusa a niuġ ar an méid déiriġ súas ad aġaiḋ.

32 Agus a duḃairt an ríġ re Cúsi, An ḃfuil an tógánaċ Absolon slán? Agus doḟreagair Cúsi, Bídís naiṁde mo ṫiġearna an ríġ, agus gaċ a néireoċuiġ ad aġaiḋ do ḋéanaṁ doċuir ḋuit, mar atá an tógánaċ sin.

33 Agus do corruiġeaḋ an ríġ go mór, agus do ċuáiḋ súas don tséomra ós cionn an ġeata, agus do ġuil sé: agus ag imṫeaċd dó, a dúḃairt mar só, O a ṁic Absolon, a ṁic, a ṁic Absolón, do ḃféarr liom gur mé féin do ġeaḃaḋ bás ar do ṡon, ó Absolon, a ṁic, a ṁic!

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan