II Samuel 17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)Caibidil XVII. Mío‐ċoṁaírle Aċitoṗel ar na teilgeaḋ bun oscionn. 23 Do ċroċ sé é féin. 1 Os a ċionn sin a duḃairt Aċitoṗel re Absolon, Léig ḋaṁ anois ḋá ṁíle ḋéug fear do ṫoġa amaċ, agus éireoċuiḋ mé agus leanfuiḋ mé a ndiáiġ Ḋáiḃi a noċd: 2 Agus tiocfa mé air an feaḋ ḃías sé curṫa agus lagláṁaċ, agus cuirfe mé eagla air: agus teiṫfid a ḃfuil do ḋaóiniḃ na ḟoċair; agus buailfiḋ mé an ríġ aṁáin: 3 Agus do ḃéara mé na daóine uile ar a nais ċugadsa: an té atá tú díarruiḋ atá sé mar dfillfeaḋ an tiomlán: marsin béid an pobal uile a síoṫċáin. 4 Agus do ṫaitin an glór go maiṫ ré Absolon, agus ré sinnsioruiḃ Israel uile. 5 Ann sin a duḃairt Absolon, Goir anois Ċusai an Tarċíteaċ, agus cluinmid mar an gcéadna cred a deir seision. 6 Agus a núair ṫáinic Ċusai go Habsolon, do laḃair Absolon ris, ġa ráḋ, Do laḃair Aċitoṗel ar an moḋsa: an ndéanam mar a duḃairt sé? muna ndéanam; laḃairsi. 7 Agus a duḃairt Ċusai ré Absolon, An coṁairle ṫug Aċitoṗel uaḋ ní maiṫ í ar a núairsi. 8 Oír, atá a ḟios agadsa (ar sa Ċusai,) go ḃfuil haṫair, agus a ḋaoíne na ḃfearuiḃ cróḋa, agus go ḃfuilid air lasaḋ na ninntin, mar ṁaṫġaṁuin do ċoillfeaḋ a cuiléin sa maċaire: agus fear cogaiḋ haṫair, agus ní ċoiṁneoċa se a noċd a ḃfoċair an ṗobail. 9 Féuċ, atá sé anois a ḃfolaċ a bpoll éigin, nó a náit éigin oile: agus teigeoṁuiḋ, a núair ṫuítfid cuid aca ar ttús, go naibeora gaċ a ccluinfiḋ é, Atá ár a measg na ndáoine a leanas Absolon. 10 Agus fós an té atá curata, a ḃfuil a ċroíḋe mar ċroiḋe leoṁuin, leaġfuiḋ sé go hiomlán: óir atá a ḟios ag Israel uile gur duine cróḋa haṫair, agus an luċd atá na ḟoċaír gur dáoine cróḋa íad. 11 Ar a naḋḃarsin sí mo ċoṁairlesi, Israel uile do ċruinniuġaḋ, ó Ḋan go Beerséba, mar an ngaineaṁ atá ċois na fairge ar iomadaṁlaċd; agus ṫu féin do ḋul a ccaṫ ad ṗearsuinn féin. 12 Marsin tiucfaimne airsion giḋ bé ait a ḃfuiġṫear é, agus tuirleongam air do nós an drúċda ṫuitios ar taluṁ: agus de féin nó déanduine da mbía aige ní fúigfiḋear oiread éanduine. 13 Os a ċionn sin, má ṫeid sé a steaċ a ccaṫruiġ, annsin do ḃéara Israel uile rópaḋa leó ċum na caiṫreaċsin, agus tairreongam í ċum na haḃann, ionnus naċ bía cloċ ḃeag ar faġáil ann. 14 Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.) 15 ¶ Ann sin a duḃaírt Ċusai ré Sadoc agus re Abiatar na sagairt, Marso agus marso do ċoṁarliġ Aċitoṗel Absolon agus sinnsir Israel; agus marso agus marso do ċoṁairliġ misi é. 16 Anois uímesin cuiriḋsi úaiḃ go lúaṫ, agus innsiḋ do Ḋáiḃi, ġá ráḋ, Ná coduil a noċd a reíteaċ an nfásuiġ, aċ éiriġ go lúaṫ ṫairis; deagla go sluigfiḋe súas an ríġ, agus a ḃfuil do ḋaoiniḃ na ḟoċair. 17 Anois dfan Ionatan agus Ahimaas ag En‐rogel; (óir níor ḃáill leó a ḃfaicsin ag teaċd don ċaṫruiġ): agus do ċuáiḋ cailin agus dinnis sí scéula ḋóiḃ; agus do ċuadarsan agus dinnisiodar do Ḋáiḃi ríġ é. 18 Giḋeaḋ do ċonnairc búaċaill íad, agus dinnis sé sin do Absolon: aċd dimṫiġeadarsan aráon go lúaṫ, agus tangadar go tiġ ḋuine ann Bahúrim, agá raiḃ tobar ann a ċúirt; mar a ndeaċadar síos. 19 Agus do ġlac an ḃean folaċ agus do leaṫnuiġ ar úaċdar an tobair é, agus do ċuir arḃar meilte air sin; agus níor haiṫniġeaḋ éinní. 20 Agus a nuáir ṫangadar muinntir Absoloin ċum na mná don tiġ, a duḃradar, Cáit a ḃfuil Ahimaas agus Ionatan? Agus a duḃairt an ḃean riú, Do ċúadar a nonn ṫar an tsruṫan uisge sin. Agus a nuáir do spíonadarsan agus naċ ḃfuáradar íad, dfilleadar go Hierusalem. 21 Agus tárla, a nuáir do imṫiġeadar, go ttangadarsan a níos as an ttobar, agus dimṫiġeadar agus dinnsiodar do Ḋáiḃi ríġ, agus a‐duḃradar ré Dáiḃi, Eiriġ, imṫiġ tar a nuisge go luáṫ: óir marso ṫug Aċitoṗel coṁairle ad aġaiḋ. 22 Agus deíriġ Dáiḃí, agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair, agus do ċuádar, anonn tar Iordan: suil ṫáinic solus na maidne níor ṫéastuiġ duine ḋíoḃ gan dul a nonn tar Iordan. 23 ¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar. 24 Ann sin ṫáinic Dáiḃi go Mahanaim. Agus do ċuáiḋ Absolon anonn tar Iordan, é féin agus fir Israel uile na ḟoċáir. 25 ¶ Agus do rinne Absolon caiptin do Amasa ar a ṡlúaġ a naít Ióab: agus ba he Amasa mac duine dar ḃainm Iṫra Israelíteaċ, noċ do luiḋ lé Abigail inġean Nahas deirḃṡiúr do Ṡeruiah, maṫair Ióab. 26 Ann sin do ṡuiġ Israel agus Absolon a ḃfearann Gílead. 27 ¶ Agus tárla, a núair do ḃí Dáiḃi ar tteaċd go Mahanaim, go ttug Sobi ṁac Nahas ó Rabbah do ċloinn Ammon, agus Maċir ṁac Ammiel ó Lodebar, agus Barsillai an Gileadíteaċ ó Rogelim, 28 Léapṫaċa agus báisíneaḋa, agus soiġṫiġe críaḋ, agus cruíṫneaċd, agus éorna, agus plur, agus grán dóite, agus pónar, agus gráinḟeileoig, agus pisenaċ ḋóite, 29 Agus mil, agus im, agus cáoiriġ, agus cáise bó, ċum Dáiḃi, agus ċum na ndaoine do ḃi na ḟoċair, ré iṫe: óir a duḃradar, Atáid na dáoine ocraċ, agus curṫa, agus íotṁar, annsa ḃfásaċ. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
British & Foreign Bible Society