Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. Síba ag caiṫeaṁ cealg, fuair oiġreaċd a ṁaiġisdir. 5 Cáineaḋ Ṡimei. 22 Gnioṁ uaṫḃasaċ Absolon.

1 Agus a núair do ċuáiḋ Dáiḃi beagán ṫar mullaċ na cnuicce feuċ, ṫárla Síba óglaċ Ṁeṗibóset ḋó, maille re cúpla Assal uġamṫa, air a raḃadar ḋá ċéad builín aráin, agus céad ceanglaċán rísín, agus céud do ṁeasa an tsaṁraiḋ, agus buidél fíona.

2 Agus a dúḃairt an ríġ ré Síba, Cred ċíalluiġeas tú leó so? Agus a duḃairt Siba, Atáid na hassal re haġaiḋ ṁuínntire ṫiġe an ríġ dá marcuiġeaċd; agus an tarán agus na measa saṁraiḋ do na dáoiniḃ óga ré iṫe; agus an fíon, re a ól do na dáoiniḃ ḃias lag annsa ḃfásaċ.

3 Agus a duḃairt an ríġ, Aċ cáit a ḃfuil mac do ṁaiġistir? Agus a duḃairt Siba ris an ríġ, Féuċ, atá sé ann Ierusalem: óir a duḃaírt sé, A niuġ aiseogus tiġ Israel daṁsa riogaċd maṫar.

4 Annsin a duḃairt an ríġ re Síba, Féuċ, is leaċdsa a ḃfuil ag Meṗibóset. Agus a duḃairt Siba, Iarruim go huṁal ort go ḃfaġá mé grása ad raḋarc, mo ṫiġearna a riġ.

5 ¶ Agus a núair ṫaínic Dáiḃi ríġ go Bahúrim, féuċ, ṫáinic as sin amaċ óglaċ do ṁuinntir ṫiġe Ṡauil, dar ḃainm Símei, mac Géra: ṫáinic sé amaċ, agus é ag malluġaḋ do gnáṫ ag teaċd.

6 Agus do ċaiṫ sé cloċa re Dáiḃi, agus re muinntir rí Ḋáiḃi uile: agus do ḃí an pobal uile agus na daóine neartṁara uile ḋá láiṁ ḋeis agus dá láiṁ ċlé.

7 Agus marso a duḃairt Símei, a núair do ṁalluiġ sé, Tárr amaċ, tárr amaċ, a ḋuine ḟuiltiġ, agus a ḋuine do Ḃélial:

8 Dfill an TIĠEARNA ort fuil ṫiġe Ṡauil uile, ann a áit a raiḃ tusa an ríġ; agus ṫug an TIĠEARNA an rioġaċd a láiṁ do ṁic Absolon: agus, feuċ, rugaḋ ortsa ann hurċóid, do ḃríġ gur duine fuilteaċ ṫú.

9 ¶ Ann sin a duḃairt Abisai ṁac Seruiah ris an ríġ, Cred fá malluiġionn an madraḋ marḃso mo ṫiġearna an ríġ? guiḋim ṫú, léig ḋaṁ dul anonn, agus a ċeann do ḃuáin de.

10 Agus a duḃairt an ríġ, Cred é ḋamsa agus dáoiḃsi, a ċlann Ṡeruiah? marsin léigṫear ḋó malluġaḋ, do ḃríġ go nduḃaírt an TIĠEARNA ris, Malluiḋ Dáiḃí. Cía déaras ann sin, Cred fá ndéarna tú marso?

11 Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisaí, agus ré na ṁuinntir uile, Féuċaiḋ, atá mo ṁac fein, noċ ṫainic amaċ as minniġiḃ, ag íarruiḋ mo ḃáis: cá ṁeid ós a ċionnsin anois ḋéanas an Beniamiteaċ úd? leigiḋ ḋo, ná bacaiḋ ḋe malluġaḋ; óir isé an TIĠEARNA a duḃairt ris é.

12 Do bféidir go bféuċfaḋ an TIĠEARNA ar méigionsa, agus go ccúiteoċaḋ Día maiṫ riom ar son a ṁalluiġṫesion a niuġ.

13 Agus mar do ḃí Dáiḃi agus a ṁuinntir ag imṫeaċd san tsliġe, do ċuáiḋ Símei ar fad ar ṫáoḃ na ccnoc ṫall ar aġaiḋ, agus é ag malluġaḋ mar a ngaḃaḋ, agus ag caiṫioṁ cloċ agus criaḋ ar.

14 Agus do ḃí an ríġ, agus a raiḃ na ḟoċair, uile curṫa, agus do léigeadar a sgíṫ ann sin.

15 ¶ Agus táinic Absolon, agus an pobal uile fir Israel, go Hierusalem, agus Aċitoṗel na ḟoċair.

16 Agus tárla, a nuáir ṫáinic Ċusai an Tarċiteaċ, cara Ḋáiḃi, ċum Absoloin, go nduḃairt Ċusai re Absolon, Go mairiġ an ríġ, Go mairiġ an ríġ.

17 Agus a duḃairt Absolon re Ċusai, A né so do ċinéul dot ċaruid? cred fá naċ deaċaiḋ tú led ċaruid?

18 Agus a duḃaírt Ċusai re Absolón, Ní heaḋ; aċd giḋ bé do ṫoġ an TIĠEARNA, agus an pobalsa, agus fir Israel uile, as aigesion ḃías misi, agus is na ḟoċair ḟanfas me.

19 Agus a rís, cia dá ndéanuinn serḃis? naċ a laṫair a ṁic? mar dfoġuin mé a laṫair haṫar, is mar sin ḃías mé ad laṫairsi.

20 ¶ Ann sin a duḃairt Absolon re Aċitoṗel, Tugaiḋ coṁairle eadruiḃ cred ḋéanam.

21 Agus a duḃairt Aċitoṗel re Absolon, Luiḋ le leannánuiḃ haṫar, noċ dfág sé a mbun an tiġ; agus cluinfid Israel uile go ḃfuil tu aḋḟúaṫṁar ag haṫar: annsin béid láṁa gaċ a ngaḃann leaċd láidir.

22 Mar sin do leaṫnuiġeadar páillíun do Absolon ar ṁullaċ an tiġe; agus do ḃí Absolon ag leannánuiḃ a aṫar a raḋarc Israel uile.

23 Agus do ḃí coṁairle Aċitoṗel, noċ do ḃeireaḋ sé uaḋ annsna laeṫiḃ sin, aṁuil mar do ḟíafroċaḋ duine briaṫar Dé: mar sin do ḃí coṁairle Aċitoṗel uile aráon ag Dáiḃi agus ag Absolon.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan