Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIV. Tré ċríonnaċd ṁná áiriḋe do filleaḋ Absolon.

1 Anois do ṁoṫuiġ Ióab ṁac Seruiah go raiḃ croiḋe an ríġ le Habsalon.

2 Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.

3 Agus tárr ċum an ríġ, agus abair marso ris. Marsin do ċuir Ióab na briaṫra ann a béul.

4 ¶ Agus a nuáir do laḃair an ḃean do Ṫecoah ris an ríġ, do ṫuit sí ar a haġaiḋ ċum na talṁan, agus do rinne uṁla, agus a duḃairt sí, Tárrṫuiġ, O a ríġ.

5 Agus a duḃairt an ríġ ría, Cred dimṫiġ ort? Agus do ḟreagair sisi, Go deiṁin is baintreaḃaċ mé, agus do ċuáiḋ mfear déug.

6 Agus do ḃí días mac ag do ḃanóglaiċ, agus do ṫroideadar aráon re ċeile annsa maċaire, aċ ní raíḃ éinneaċ do ḋéanaṁ éadarsgán, agus do ḃúail fear aca an fear oile, agus do ṁarḃ sé é.

7 Agus, féuċ, déiriġ muinntir an tiġe uile a naġaiḋ do ḃanóglaiċ, agus a duḃradar, Seaċuid an té do ṁarḃ a ḋearḃraṫair, go marḃam é, air son ḃáis a ḋearḃraṫair noċ do ṁarḃ sé; agus muírfimne an toiġre mar an gcéadna: agus mar sin múċfuid mo sméaṫroid noċ do fágḃaḋ, agus ní ḟúigfid ag mfear ainm no íarḋráoi ar an ttalaṁ.

8 Agus a duḃairt an ríġ ris an mnaói, Imṫiġ dot ṫiġ, agus do ḃéara misi fúagraḋ dot ṫaóiḃ.

9 Agus a duḃairt an ḃean ó Ṫecoáh ris an ríġ, A ṫiġearna, a ríġ, bíoḋ an peacaḋ ormsa, agus ar ṫiġ maṫar: agus bíoḋ an ríġ agus a ċaṫaóir ríoġa gan ċoir.

10 Agus a duḃairt an ríġ, Giḋ be déaras éinní riot, taḃair ċugamsa é; agus ní ḃeanfa sé riot nios mó.

11 Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.

12 Ann sin a duḃaírt an ḃean, Guiḋim ṫú, léig dot ḃánóglaiċ, éanḟocal aṁain do ráḋ re mo ṫiġearna an ríġ. Agus a duḃairt seision, Abair roṁad.

13 Agus a duḃairt an ḃean, Maseaḋ cred as ar smuáin tusa a leiṫéid sin do ní a naġaiḋ ṗobail Dé? óir laḃruiḋ an ríġ an níse mar ḋuine do ḃeiṫ ciontaċ, do ċionn naċ goireann an ríġ a ḋíbearṫaċ a ris air ais.

14 Oír caiṫfiom bás dfulang, agus atámaóid mar uisge do ḋóirtfiḋ ar an dtalaṁ, naċ féidir do ċruinniuġaḋ a ris; agus ní ṁeasann Día pearsa, tar a ċéile: giḋeaḋ do ní sé sliġe, naċ scriosfuiḋe a ḋíbearṫaċ uaḋ.

15 Anois ar a naḋḃarsin is uime ṫaínic misi do laḃairt an neiṫesi re mo ṫiġearna an ríġ, gur ċuireadar na dáoine eagla orum: agus a duḃairt do ḃanoglaċ, Laiḃeóra mé ris an ríġ anois; do bféidir go ccoiṁlíonfaḋ an ríġ íarratus a ḃanóglaiċ.

16 Oír éistfiḋ an ríġ, do ṡaóraḋ a ḃanóglaiċ ó laíṁ an duine noċ do scriosfaḋ mé féin agus mo ṁac le ċeíle amaċ as oiġreaċd Dé.

17 Ann sin a duḃairt do ḃanóglaċ, Biáiḋ anois focal mo ṫiġearna an ríġ caḃarṫaċ: óir aṁuil aingeal Dé, is marsin atá mo ṫiġearna an ríġ do ṫuigsin uilc agus maiṫeasa: uimesin biáiḋ do ṪIĠEARNA Día maille ríot.

18 Ann sin do ḟreagair an ríġ agus a duḃairt ris an mnaoi, Guiḋim ṫú, na ceil orum an ní ḟíafróċus mé ḋiot. Agus a duḃairt an ḃean, Laḃraḋ mo ṫiġearna an ríġ anois.

19 Agus a duḃairt an ríġ, Naċ ḃfuil láṁ Ioab leaċd annsa ċúisse uile? agus do ḟreagair an ḃean, agus a duḃairt, Mar ṁairios hanum, a ṫiġearna mo ríġ, ní feidir le héinneaċ filleaḋ ar a láiṁ ḋeis nó ċle ó éinní dar laḃaír mo ṫiġearna an ríġ: oir isé do ṡearḃḟoġantuíġ Ióab, a duḃairt riomsa, agus do ċuir na bríaṫra so uile a mbeul do ḃanóglaiċ:

20 Do ṫaḃairt na cúisisi timċioll san ḃfoirm ċaintesi do rinne do ṡearḃḟoġantuiġ Ióab an nísi: agus atá mo ṫiġearna glic, do réir ġliocuis aingil Dé, daiṫne gaċ uile neiṫe dá ḃfuil ar an ttaluṁ.

21 ¶ Agus a duḃairt an ríġ re Ióab, Féuċ anois, do rinne mé an ní sé: imṫiġ ar a naḋḃarsin, taḃair leaċd an tógánaċ Absolon a rís.

22 Agus do ṫuit Ioab ar a aġaiḋ go taluṁ, agus do ċláon é féin, agus rug buiḋeaċus ris an ríġ: agus a duḃairt Ióab, A niuġ aiṫniġiḋ do ṡearḃḟoġantuíġ go ḃfuáir mé grása ann do raḋarc, a ṫiġearna, mo ríġ, do ḃríġ gur ċoiṁlíon an ríġ íarratus a ṡearḃḟoġantuiġ.

23 Mar sin déiriġ Ióab, agus do ċuáiḋ go Gésur, agus ṫug Absalon go Hierusalem.

24 Agus a duḃairt an ríġ, Filleaḋ sé ḋá ṫiġ féin, agus ní faiceaḋ sé maġaiḋsi. Ann sin do ċuaiḋ Absolon dá ṫiġ féin, agus ní ḟacaiḋ sé aġaiḋ an ríġ.

25 ¶ Aċt ní raiḃ a Nisrael uile éanduine ar na ṁolaḋ ċo mór ar a sgiaṁaċd ré Habsolon: ó ḃonn a ċoise go mullaċ a ċinn ní raiḃ tóiġḃeím ar biṫ air.

26 Agus a nuáir do ḃearraḋ sé a ċeann, (óir is a gcionn gaċa blíaḋna do ḃearraḋ sé é: do ḃríḋ go raiḃ sé trom air, uimesin do ḃearraḋ sé é:) do ċoṁṫromaḋ sé grúag a ċinn le ḋá ċéud secel do réir ċoṁṫruim an ríġ.

27 ¶ Agus rugaḋ do Absolon triúr mac, agus éan inġean, dar bainm Támar: buḋ bean ró ḋeaġṁaiseaċ í.

28 ¶ Marsin do ḃí Absolon ḋá ḃlíaḋuin iomlán ann Ierusalem na ċoṁnuiġ, agus ní ḟacaiġ sé gnúis an ríġ.

29 Ar a naḋḃarsin do ċuir Absolon fios ar Ióab, ḋá ċur ċum an ríġ; aċd níor ḃáill leis teaċd ċuige: agus an tan do ċuir an dara húair, níor ḃáill leis teaċd.

30 Uime sin a duḃairt sé ré na ṡearḃḟoġantuiḃ, Féuċaiḋ, atá maċaire Ióab láiṁ rem ṁaċáiresi, agus atá eórna aige ann sin; éirġiḋe agus cuirfiḋ teine innte. Agus do ċúadar searḃḟoġantuiġiḋ Absolon, agus do ċuireadar an maċaire tre ṫeine.

31 Ann sin déiriġ Ióab, agus ṫainic sé go Habsolon ḋá ṫiġ, agus a duḃairt sé ris, Cred far ċuireadar do ṡearḃḟoġantuiġiḋ mfearann tre ṫeine?

32 Agus do ḟreagair Absolon Ióab, Féuċ, do ċuir misi fios ort ḋa ráḋ, Tárr annso, go gcuiriḋ mé ċum an ríġ ṫú, ḋá ráḋ, Cred fá ttáinic mé ó Ġésur? do bfearr ḋaṁ gurob ann sin do ḃéinn fós: anois air a naḋḃarsin faicim gnúis an ríġ; agus matá coir ar biṫ orum, marḃaḋ sé mé.

33 Ann sin ṫáinic Ióab ċum an ríġ, agus dinnis sé sin dó: agus an tan do ġoir se ar Absolon, ṫáinic sé ċum an ríġ, agus do léig sé é féin síos ar aġaiḋ go taluṁ as coinne an ríġ: agus do ṗóg an ríġ Absolon.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan