Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -

II Samuel 13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)


Caibidil XIII. Doḋioġail Absolon ar Amnon a ċoḋlaḋ ré na ḋeirḃṡiur. 37 Do ṫeiċ sé ó ḟeirg Ḋaiḃí á aṫar.

1 Agus tárla na ḋiáiġ so, go raíḃ ag Absolon ṁac Dáiḃi deirḃṡiúr sgíaṁaċ, dar ḃainm Támar; agus do ḃí gráḋ ag Amnon ṁac Ḋáiḃi uirre.

2 Agus do ḃí Amnon ċoṁmór sin ar na ċráḋ, gur ġaḃ tinnios é fa ná ḋeirḃṡiáir Támar; óir do ḃí sisi na maiġdin; agus do smúain Amnon gur ḋeacair ḋó féin éainní ḋéanaṁ ría.

3 Aċ do ḃí caruid ag Amnon dar ḃainm Ionadab, ṁac Símeah dearḃraṫair Ḋáiḃi: agus ba duine ro ġlic Ionadab.

4 Agus a duḃairt Ionadab ris, Créd fá ḃfuil tú tanuġaḋ mar sin ó lá go lá, agus tú ad ṁac ag an ríġ? naċ inneosa tú ḋamsa é? Agus a duḃairt Amnon ris, Atá gráḋ agum ar Ṫámar, deirḃṡíur mo ḋearḃraṫar Absolon.

5 Agus a duḃairt Ionadab ris, Luiḋ síos ar do leabuiḋ, léig ort féin ḃeiṫ tinn: agus a nuáir ṫiocfas haṫair dot ḟéaċuin, abair ris, Guiḋim ṫú, tigeaḋ mo ḋeirḃṡíur Támar, agus túgaḋ sí bíaḋ ḋaṁ, agus deasuiġeaḋ sí an bíaḋ am raḋarc féin, ċor go ḃfaicinn, agus go niṫinn é as a láiṁ.

6 ¶ Mar sin do luiḋ Amnon síos, agus do léig sé air féin a ḃeiṫ tinn: agus a nuáir ṫáinic an ríġ dá ḟéaċuinn, a duḃairt Amnon ris an ríġ, Guiḋim ṫú, tigeaḋ Támar mo ḋearḃṡíur, agus déanaḋ sí cúpla bairġin daṁ am raḋarc féin, go niṫin ní as a láiṁ.

7 Ann sin do ċuir Dáiḃi fios don ḃaile go Támar, dá ráḋ, Eiriġ anois go tiġ do ḋearḃraṫar Amnon, agus deasuiġ bíaḋ ḋó.

8 Mar sin do ċuáiḋ Támar go tiġ a dearḃraṫar Amnon; agus eision na luiḋe síos. Agus do ġlac sí plúr, agus dfuin sí é, agus do rinne bairġeana ann a raḋarc, agus do ċrúaiḋuiġ sí na bairġeana.

9 Agus do ġlac sí oiġeann, agus do ḋóirt ann íad iona ḟiaḋnuisi; aċt do ḋiúlt seision iṫe. Agus a duḃairt Amnon, Cuir amaċ cáċ uile uáim. Agus do ċúadar amaċ gaċ éinneaċ uaḋ.

10 Agus a duḃairt Amnon ré Támar, Taḃair an bíaḋ a steaċ don tséomra, ċor go niṫinn as do láiṁ ḋe. Agus do ġlac Támar na bairġeana do rinne sí, agus do rug don tséomra íad ċum Amnon a dearḃraṫair.

11 Agus a nuáir ṫug sí ċuige íad ré iṫe, rug seision greim uirre, agus a duḃairt sé ría, Luiḋ liom, a ḋeirḃṡiur.

12 Agus do ḟreagair sisi é, Ní heaḋ, a ḋearḃraṫair, ná héigniġ mé: óir ní cóir a leiṫeid sin do ḋéanaṁ a Nisrael: ná déanasa an leiṁesin.

13 Agus misi, cáit a ccuirfinn mo ṁíoċlú? agus ar do ṡonsa, biáiḋ tú mar áon do na hamadánuiḃ a Nisrael. Anois, guiḋim ṫú, laḃair ris an ríġ; oir ní ċuinneoċuiḋ sé misi uáit.

14 Aċt ċeana ni éisdeaḋ seision re na glór: aċd, ar mbeíṫ nios láidre ná isi, déigniġ sé í, agus do luiḋ aice.

15 ¶ Ann sin do ḟúaṫáiġ Amnon í go hiomarcaċ; ionnus gur ṁó an fuaṫ ler ḟuaṫuiġ sé i ná an graḋ léar ġráḋuiġ sé í. Agus a duḃairt Amnon ría, Eíriġ, bí ag imṫeaċd.

16 Agus a duḃairt sisi ris, Ní ḃfuil cúis ċuigesin: is mó an tolcsa ann mo ċur ar siuḃal, ná an tolc oile do rinne tú orum. Aċd ní éisdeaḋ seision ría.

17 Ann sin do ġoir sé a óglaċ do níoḋ miniostralaċd dó, agus a duḃairt, Cuir anois an ḃeanso amaċ uáim, agus druid an dorus na diáiġ.

18 Agus do ḃí aicesi culaiḋ iolḋaṫaċ uirre: óir is lé na leiṫéidsin do róbuiḃ do ḃídis inġeana an ríġ do ḃíoḋ na maiġdeana éaduiġe. Ann sin ṫug a óglaċ amaċ í, agus do ḋruid an dorus na diáiġ.

19 ¶ Agus do ċuir Támar luáiṫreaḋ ar a ceann, agus do réub sí a héadaċ iolḋaṫaċ do ḃí uirre, agus do leag sí a láṁ ar a ceann, agus dimṫiġ roimpe ag gárṫa.

20 Agus a duḃairt Absolon a dearḃraṫair ría, An raiḃ Amnon do ḋearḃraiṫair agad? aċd anois bí ad ṫoċd, a ḋeirḃṡiur: sé do ḋearḃraṫair é; ná cuir beann ar an ní sí. Mar sin do ċoṁnuíḋ Támar go duḃaċ a ttiġ a dearḃraṫar Absolon.

21 ¶ Aċd a nuáir do ċúalaiḋ Dáiḃi ríġ na neiṫesi uile, do ḃí sé ro ḟeargaċ.

22 Agus níor laḃair Absolon re na ḋearḃraṫair Amnon go maiṫ nó go holc: óir do ḟúaṫaiġ Absalon a ḋearḃraṫair Amnon, do ḃríġ gur éigniġ sé a ḋeirḃṡíur Támar.

23 ¶ Agus tárla a ccionn dá ḃliaḋan iomlán, go raiḃ béarrṫóiriġ cáoraċ ag Absolon a Mbaal‐Hasor, noċ atá láiṁ re Eṗraim: agus ṫug Absolon cuireaḋ do ċloinn an ríġ uile.

24 Agus ṫáinic Absolon ċum an ríġ, agus a duḃairt, Féuċ anois, atáid béarrṫóiriġ cáoraċ ag do ṡearḃḟoġantuíġ; tigeaḋ an ríġ, guiḋim ṫú, agus a ṡeirḃisiġ led ṡearḃḟoġantuiġ.

25 Agus a duḃairt an ríġ ré Habsolon, Ní heaḋ, a ṁic, ná tíaġam uile anois ann, deagla go mbémis costusaċ ḋuit. Agus do ċuir sé diṫċioll air: aċt níer ḃáill leis imṫeaċd, aċ do ḃeannuiġ sé é.

26 Ann sin a duḃairt Absolon, Muna ttí tú féin, guiḋim ṫú, léig mo ḋearḃraṫair Amnon ṫeaċd linn. Agus a duḃairt an ríġ, Cred fá raċaḋ seision leaċd?

27 Aċd do ċuir Absolon diṫċioll air, gur léig sé Damnon agus do ṁacaiḃ an riġ uile dul leis.

28 ¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.

29 Agus do rínneadar searḃḟoġantuiġe Absolon re Hamnon mar do aiṫin Absolon. Annsin do éirġeadar mic an ríġ uile, agus do ċúaiḋ gaċ áon aca súas ar a ṁúille, agus do ṫeiṫeadar.

30 ¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃádar ar a tslíġe, go ttainic scéula ċum Dáiḃi, ga ráḋ, Do ṁarḃ Absolon clann an ríġ uile, agus níor fágḃaḋ aon díoḃ beó.

31 Ann sin déiriġ an ríġ, agus do réub a éadaċ, agus do luiḋ ar an ttaluṁ; agus do ḃí a ṁuinntir uile na seasaṁ aige agus a néaduiġe briste.

32 Agus a duḃairt, Ionadab ṁac Simeáh dearḃraṫair Ḋáiḃi, Ná sáoileaḋ mo ṫiġearna gur marḃaḋ na hógánuiġ mic an ríġ uile; óir Amnon aṁáin do marḃaḋ: óir do tionscnaḋ so do réir ṫola Absalon ón ló fár éigniġ sé a ḋearḃṡiúr Támar.

33 Anois ar naḋḃarsin ná gaḃaḋ mo ṫiġearna an ríġ an ní ċuige ann a ċroiḋe, dá ḃreaṫnuġaḋ gur marḃaḋ mic an ríġ uile: óir Amnon aṁáin do marḃaḋ.

34 Aċ do ṫeiṫ Absolon. Agus do ṫóg an tóganaċ do ḃí ag coiṁéud na faire a ṡuile súas, agus daṁairc sé, agus, féuċ, ṫangadar mórán dáoine annsa tsliġe ré táoiḃ an ċnoic táoḃ ṡíar ḋe.

35 Agus a duḃairt Ionadab ris an ríġ, Féuċ, atáid mic an ríġ ag teaċd: mar a duḃairt do ṡearḃḟoġantuiġ, is aṁluiḋ atá sé.

36 Agus tárla, mar is luáiṫe gur ċríoċnuiġ seision a ḃríaṫra, go ttangadar clann an ríġ, agus gur ṫógḃadar a nguṫ ós áird agus gur ġuileadar: agus do ġuil an ríġ mar an gcéadna agus a ṁuinntir uile go géar.

37 ¶ Aċ do ṫeiṫ Absolon, agus do ċúaiḋ sé go Talmai, ṁac Ammihud, ríġ Gésur. Agus do níoḋ Dáiḃi dobrón ar son a ṁic gaċ éanlá.

38 Mar sin do ṫeiṫ Absolon, agus do ċuáiḋ go Gésur, agus do ḃí ann sin trí blíaḋna.

39 Agus do ḃí roḟonn air ríġ Ḋáiḃi dul amaċ go Habsolon: óir do meisniġeaḋ é a ttáoḃ Amnon, ó fuáir sé bás.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

British & Foreign Bible Society
Lean sinn:



Sanasan